Níl an t-airgead ann an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí a thabhairt ar ais –  Bruton

Deir Conradh na Gaeilge go bhféadfaí an deontas a d’íoctaí le múinteoirí faoi oiliúint chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais ‘maidin amárach dá mbeadh an toil ann’

Níl an t-airgead ann an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí a thabhairt ar ais –  Bruton

An tAire Richard Bruton TD. Pictiúr: RollingNews.ie

Níl an t-airgead ann an deontas a d’íoctaí le múinteoirí faoi oiliúint chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais, a deir an tAire Oideachais Richard Bruton.

I bhfreagra ar cheist Dála, dúirt an tAire Richard Bruton gur cuireadh deireadh leis an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí mar go rabhthas ag iarraidh cosaint le linn na géarchéime eacnamaíochta, tráth a raibh “cinntí an-chrua” le déanamh agus tráth a rabhthas ag iarraidh cosaint a thabhairt do sheirbhísí oideachais “tús líne”.

“Tá brú mór ó thaobh cúrsaí buiséid go fóill agus dá réir sin, níl sé i gceist faoi láthair an deontas seo a thabhairt ar ais,” a dúirt an tAire Bruton.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie gur údar “díomá” don eagraíocht teanga freagra an aire.

“D’fhéadfaí an deontas seo a chur ar ais maidin amárach dá mbeadh an toil ann. Ceist tosaíochtaí seachas ceist bhuiséid atá ann.

“Níl aon cheist faoi ach gur chóir go mbeadh an deontas ann. Is cuid thábhachtach den chúrsa an tréimhse sa Ghaeltacht agus níor cheart go mbeadh brú ar na hábhair oidí íoc as,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Thug an tAire Oideachais le fios níos túisce i mbliana gur €1.8 milliún a chosnódh sé in aghaidh na bliana an deontas d’ábhar oidí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais don 1,200 mac léinn a bheadh i gceist.

Ó cuireadh deireadh leis an deontas in 2011, tá polaiteoirí agus lucht an ghaeloideachais ag éileamh go dtabharfaí ar ais é.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív sa Dáil níos túisce i mbliana go raibh an cinneadh deireadh a chur leis an deontas in 2011 ag teacht salach ar chuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge i dtaobh an oideachais.

“Ba cheart dúinn bheith macánta faoi – bhí an t-am ann nuair a chasfá le múinteoirí bunscoile agus d’fhéadfá comhrá a dhéanamh le chuile dhuine acu trí Ghaeilge. Ní hamhlaidh atá sé anois. Tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge a mhúineadh agus níl sí acu féin. 

“Bhí moltaí sonracha le déileáil leis an gceist sin sa Straitéis 20 Bliain – tréimhsí níos faide sa Ghaeltacht – ach céard atá déanta ag an Rialtas? Táthar tar éis táillí a ghearradh ar na hábhair oidí atá ag dul chun na Gaeltachta in ionad na táillí a íoc agus a rá leis na hábhair oidí tréimhsí fada a chaitheamh ann agus an teanga a thabhairt leo,” a dúirt Éamon Ó Cuív sa Dáil.

Ar na heagraíochtaí atá ag iarraidh go dtabharfaí ar ais an deontas d’ábhar oidí, tá an Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Chuir COGG aighneacht faoi bhráid Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i mbliana inar éilíodh go dtabharfaí ar ais an deontas. 

Cuireadh deireadh leis an deontas Gaeltachta a d’íoctaí le hábhar oidí in 2011 toisc, a dúradh, go raibh acmhainní gann.

Tá an tAire Stáit de chuid Fhine Gael Brendan Griffin i measc na ndaoine a dúirt le Tuairisc.ie cheana go raibh sé “in am” an deontas d’ábhar oidí a thabhairt ar ais” i bhfianaise an fheabhais atá tagtha ar an ngeilleagar ón uair a cuireadh deireadh leis.

Sa ráiteas is déanaí uaidh faoin scéal, dúirt an tAire Oideachais go bhfuil tacaíocht ar fáil i gcónaí do mhic léinn atá i dteideal deontas tríú leibhéal iomlán. Is féidir leo siúd, a dúirt sé, cur isteach ar mhaoiniú do thréimhse Ghaeltachta faoin scéim atá ann maidir le costais taistil agus lóistín d’obair pháirce. I gcásanna eile ina mbeadh riachtanais ar leith ag mac léinn, d’fhéadfadh sé nó sí tacaíocht a iarraidh faoin gCiste Cúnta do Mhic Léinn, a dúirt an tAire Oideachais agus scileanna.

Fág freagra ar 'Níl an t-airgead ann an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí a thabhairt ar ais –  Bruton'

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Criostóir Ó Maonaigh, An Astráil

    ‘Tá sé ráite go hudarásach go dtaibhríonn daltaí na gcoláistí seo…i nGaeilge ó am go m-am’ [féach ar Tuairisc.ie Dé Céadaoin Iúil 11 2018 – ‘It’s been said….’]. Is amhlaidh go raibh réiteach na faidhbe le fáil i 1962. Trua nach bhfuil an ceacht sin foghlamtha fós ag An Roinn Oideachais.