Brú le cur ag cúlbhinseoir FG ar a pháirtí a gheallúint go dtabharfar ar ais an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Oideachais, Jan O’Sullivan nach bhfuil sé i gceist aici an deontas a d’íoctaí le hábhar oidí chun freastal ar chúrsaí Gaeltachta a thabhairt ar ais

18/9/2014 Labour Party Minister for Education Jan O Sullivan speaking to the media at the Department of Education for the Sean lemass awards. Photo: Sasko Lazarov/Photocall Ireland
Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Ba chóir an deontas Gaeltachta a d’íoctaí le hábhar oidí a thabhairt ar ais, dar le cúlbhinseoir ó Fhine Gael atá chun brú a chur a pháirtí geallúint i dtaobh an deontais a chur ina bhforógra réamh-thoghcháin.

Dúirt an Teachta Dála Brendan Griffin ó Chiarraí le Tuairisc.ie go bhfuil sé “in am an deontas d’ábhar oidí a thabhairt ar ais” i bhfianaise an fheabhais atá tagtha ar an ngeilleagar ón uair a cuireadh deireadh leis an ndeontas i 2011.

g1AopCLw
An Teachta Dála Brendan Griffin

“Má táimid dáiríre faoi chur chun cinn na Gaeilge agus spreagadh a thabhairt do dhaoine dul go dtí an Ghaeltacht, ba chóir an deontas a thabhairt ar ais. Anuas ar sin braitheann mórán daoine uathu an tacaíocht a bhíodh ar fáil agus tá daoine ann go bhfuil sé an-dhian orthu anois freastal ar na cúrsaí Gaeltachta,” a dúirt Brendan Griffin.

Thug an tAire Oideachais Jan O’Sullivan le fios mar fhreagra ar cheist Dála a chuir Griffin uirthi nach raibh sé i gceist aici an deontas a d’íoctaí le hábhar oidí chun freastal ar chúrsaí Gaeltachta a thabhairt ar ais.

Dúirt an tAire O’Sullivan nach raibh an t-airgead ann chun tús a chur athuair le híocaíocht na deontas ar cuireadh deireadh leo i 2011.

Dúirt sí, áfach, go raibh an cás á mhachnamh i gcónaí agus go bhfillfí ar an gceist aimsir an Bhuiséid an bhliain seo chugainn.

Dúirt Brendan Griffin gur cheart an deontas a thabhairt ar ais toisc go raibh mórán daoine faoi bhrú dá uireasa.

Deineadh an cinneadh deireadh a chur le deontas na n-ábhar oidí mar chuid den Athbhreithniú Cuimsitheach ar Chaiteachas a d’fhógair an Rialtas i 2011.

Roimhe sin bhíodh deontas de €637 in aghaidh an choláisteánaigh á íoc ag an Roinn leis na coláistí Gaeltachta a chuireann na cúrsaí trí seachtaine ar fáil do na hábhair oidí.

Dúirt an tAire O’Sullivan nár gan mhachnamh a deineadh an cinneadh agus go gcaithfí a thabhairt san áireamh go raibh baint ag an scéal le hiarracht an Rialtais gearradh siar ar chaiteachas.

Agus na ciorruithe sin á ndéanamh deineadh iarracht ar leith an maoiniú atá ar fáil do sheirbhísí túslíne a thabhairt slán, a dúirt an tAire.

“My Department does not have the funding available to restore the support. The situation will be kept under review and will be considered again next year in the budgetary context,” a dúirt Jan O’Sullivan.