‘Tubaisteach’, ‘maslach’ ‘suarach’ agus ‘náireach’ – buiséad na Gaeilge do 2020

Ardú €2.17 milliún a fógraíodh ar chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán i mBuiséad 2020, fógra a spreag cuid mhaith míshástachta

‘Tubaisteach’, ‘maslach’ ‘suarach’ agus ‘náireach’ – buiséad na Gaeilge do 2020

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

‘Tubaisteach’, ‘maslach’, ‘suarach’ agus ‘náireach’.

B’in cuid de na focail ar baineadh úsáid astu chun cur síos a dhéanamh ar an soláthar do chúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán.

Ardú €2.17 milliún a fógraíodh ar bhuiséad Roinn na Gaeltachta do 2020.

Ardú ó €55.52 milliún go dtí €57.69 milliún a bhí i gceist ar chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán, ardú 4%.

€10 milliún an buiséad caipitil a bheidh ag Údarás na Gaeltachta in 2020, méadú ar an €9 milliún a fógraíodh anuraidh sa bhuiséad agus sna meastacháin réamhbhuiséid. Ach ó tharla gur tugadh €700,000 eile don eagraíocht in 2019 le caitheamh ar thograí caipitil, ní bheidh ach €300,000 níos mó le caitheamh acu in 2020, sin mura n-aimseofar maoiniú breise di.

€1 milliún breise atá le caitheamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, cúrsaí iompair chuig na hoileáin (€275,000) agus airgead reatha an Údaráis. San áireamh ansin chomh maith tá €500,000 don phleanáil teanga.

€200,000 breise a fógraíodh do na comharchumainn Ghaeltachta a bhfuil breis is 30 acu ann.

Tá méadú beag 2% curtha ar fáil ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta do chomhoibriú thuaidh/theas (an Foras Teanga, Gníomhaireacht na hUltaise agus Uiscebhealaí Éireann). Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nach raibh aon ardú ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge mar gheall ar an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh.

Deir sé gurb é an cur chuige atá aige le teacht timpeall ar an tsáinn sin ná maoiniú a chur ar fáil díreach óna Roinn do na ceanneagraíochtaí do thograí áirithe, mar a tharla i mbliana.

Chuir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn fáilte roimh an maoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta agus don phróiseas pleanála teanga.

“Fáiltímid fosta roimh an soláthar suntasach breise de €5m atá fógartha ag an Aire Madigan do na healaíona – don Chomhairle Ealaíon agus do Ghaillimh 2020, maoiniú, tá súil againn, a chuirfidh ar chumas an dá eagraíocht ealaíon sin forbairt mhór a dhéanamh ar an fhreastal a bheidh siad a dhéanamh ar na healaíona Gaeilge sa phobal agus i scoileanna ar fud na tíre in 2020, rud a chuirfidh go mór leis an phróiseas pleanála teanga ar fud na tíre,” a dúirt Seán Ó Coinn.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh gur buiséad “tubaisteach” a bhí ann ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta, go háirithe i gcás Údarás na Gaeltachta.

“Cúlú atá sa bhuiséad seo don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus caillfear postanna sa Ghaeltacht mar thoradh ar an mbuiséad seo. Ní bheidh Údarás na Gaeltachta in ann daoine a choinneáil i bpostanna gan trácht ar phostanna a chruthú sa Ghaeltacht,” a dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc.ie.

Dúirt iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív nach raibh “tada” sa bhuiséad don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

“Tá sé thar a bheith suarach agus ní haon leithscéal an Breatimeacht. Cúis a bhí sa Bhreatimeacht airgead ceart a thabhairt don Údarás, seachas leithscéal gan ach €10 milliún a thabhairt dóibh.

“Bhí €12 milliún le caitheamh ar thograí caipitil ag Údarás na Gaeltachta nuair ba mheasa an ghéarchéim eacnamaíochta in 2011.”

Dúirt Ó Cuív gur léiriú eile an buiséad ar a dtarlaíonn nuair nach mbíonn aire sinsearach ann a bhfuil cúram sonrach na Gaeilge agus na Gaeltachta air.

“Ní hionann suíochán a bheith agat ag bord an rialtais agus a bheith i bhfeighil ar chiste na roinne. Faraor is dóigh liom go bhfuil Aire sinsearach Gaeltachta ann nach bhfuil aon spéis aici sa Ghaeltacht.”

Dúirt Peadar Ó Caomhánaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Chomhaontas Glas, gur “údar náire” don rialtas buiséad an lae inné fad is a bhain sé leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.

“Milliún sa bhreis d’Údarás na Gaeltachta? Tá Údarás na Gaeltachta deich mbliana taobh thiar de na heagrais fiontraíochta Enterprise Ireland agus an IDA ó thaobh maoinithe agus is í an Ghaeltacht atá thíos leis.

“Tá siopaí ag dúnadh, tá an t-aos óg ag fágaint agus níl an rialtas ag déanamh aon rud chun stop a chur leis. Níl aon rud sa cháinaisnéis seo do chur chun cinn na Gaeilge ná na Gaeltachta agus tá sé an-díomách ar fad.”

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, go raibh sé “dochreidte” nár cuireadh ach milliún ar fáil d’Údarás na Gaeltachta nuair a bhí €5 milliún de dhíth ar an eagraíocht, dar leis, lena bpleananna fostaíochta a chur i gcrích. Dúirt sé go dtarlaíonn sé “gach bliain go ndéantar dearmad ar Údarás na Gaeltachta” agus gur chuir sé “fearg mhillteanach” air nach bhfuil níos mó tacaíochta á fáil ag an eagraíocht chun infheistíocht a mhealladh go dtí ceantair a bhí buailte go dona ag an dífhostaíocht.

Dúirt ceannaire an pháirtí Aontú Peadar Tóibín gur “maslú” a bhí sa “mhéadú suarach” don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go raibh infheistíocht “leanúnach” á déanamh sa teanga agus thug sé le fios gur fhág ceist an Bhreatimeachta a lorg ar bhuiséad na Gaeilge.

“Cuireadh an Buiséad seo le chéile i gcomhthéacs Breatimeacht a bheith ar tí tarlú. Bhí an rialtas stuama maidir lenár gcinntí i ndáil le maoiniú, agus i mbliana, táimid cúramach faoi na méaduithe caiteachais a mbeidh muid ag díriú orthu, agus seirbhísí a chothabháil agus tionscadail agus cláir a chur ar fáil ag an am céanna. 

“Tríd an infheistíocht leanúnach seo, i gcúinsí dúshlánacha, chun Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge a chur i bhfeidhm mar aon le €500,000 breise eile don phróiseas reachtúil pleanála teanga in 2020, cuirtear bonn agus taca faoi thiomantas an Rialtais don Ghaeilge,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Dúirt an tAire Stáit freisin go raibh sé “thar a bheith sásta” maoiniú breise a fháil d’Údarás na Gaeltachta “le linn tréimhse a mbeidh tábhacht faoi leith ag baint le hobair na heagraíochta”.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur léir nach raibh an Ghaeilge nó an Ghaeltacht “mar thosaíocht arís i gCáinaisnéis 2020 an Rialtais”. Dúirt siad go mbeadh deis eile ag an Rialtas “cothrom na Féinne” a thabhairt don teanga sna meastacháin athbhreithnithe roimh an Nollaig

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge nach raibh cothrom na Féinne “le feiceáil i gcáinaisnéis 2020 don Ghaeilge agus don Ghaeltacht”.

Dúirt Comer gur léiriú ar an méid sin an €2.4 milliún breise a cuireadh ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin. B’ionann sin agus leath an méid a fuair an Chomhairle Ealaíon aisti féin, a dúirt Comer. €5 milliún breise a bheidh ag an eagraíocht sin in 2020.

“Níl aon fhadhb againn le breis airgid do na healaíona, agus cuireann muid fáilte roimhe sin, ach ba chóir go mbeadh cothrom na Féinne ann don teanga agus don Ghaeltacht chomh maith,” a dúirt Niall Comer.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Tá pátrún le feiceáil le blianta beaga anuas maidir leis an éagothroime atá ann i maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta i gcomparáid le codanna eile den Roinn céanna. Bhí deis ag an Rialtas é seo a chur i gceart sa cháinaisnéis do 2020.

“Mar shampla bhí deis ann maoiniú sásúil a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le poist a chruthú sa Ghaeltacht, go háirithe leis an mbaol ar fad a bhaineann leis an mBreatimeacht, ach níor glacadh leis an deis sin. Táimid ag éileamh ar Thaoiseach na tíre, Leo Varadkar, TD, gníomhú leis seo a chur i gceart sna meastacháin athbhreithnithe a fhoilseofar roimh an Nollaig.”

Fág freagra ar '‘Tubaisteach’, ‘maslach’ ‘suarach’ agus ‘náireach’ – buiséad na Gaeilge do 2020'