Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag impí go dtabharfaí ar ais an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí

Ó cinneadh deireadh a chur leis an deontas in 2011, tá ráite ag gach aire oideachais nach bhfuil an t-airgead ann leis an scéim a athbhunú

Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag impí go dtabharfaí ar ais an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí

Beidh Aontas na Mac Léinn in Éirinn i mbun agóide lasmuigh de Theach Laighean inniu agus iad ag éileamh go dtabharfaí ar ais an deontas a d’íoctaí le múinteoirí faoi oiliúint chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Ó cinneadh deireadh a chur leis an deontas in 2011, tá ráite ag gach aire oideachais nach bhfuil an t-airgead ann leis an scéim a athbhunú, ach tá an USI agus Conradh na Gaeilge ag súil go mbeidh malairt poirt ag an Aire Oideachais agus Scileanna nua, Joe McHugh.

Deir an USI go bhfuil sé “míchothrom” costas na tréimhse Gaeltachta a leagan ar na mic léinn.

Dúirt Uachtarán an USI, Síona Cahill, nach raibh mic léinn in acmhainn an deontas a íoc agus gurb iad na daltaí scoile a bhí thíos leis.

Thug an t-iar-aire oideachais Richard Bruton le fios níos túisce i mbliana gur €1.8 milliún a chosnódh sé in aghaidh na bliana an deontas d’ábhar oidí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais don 1,200 mac léinn a bheadh i gceist.

Ó cuireadh deireadh leis an deontas in 2011, tá polaiteoirí agus lucht an ghaeloideachais ag éileamh go dtabharfaí ar ais é.

Tá ráite ag Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn nach bhfuil aon chúis ann nach dtabharfaí an deontas ar ais.

“D’fhéadfaí an deontas seo a chur ar ais maidin amárach dá mbeadh an toil ann. Ceist tosaíochtaí seachas ceist bhuiséid atá ann.

“Níl aon cheist faoi ach gur chóir go mbeadh an deontas ann. Is cuid thábhachtach den chúrsa an tréimhse sa Ghaeltacht agus níor cheart go mbeadh brú ar na hábhair oidí íoc as,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Beidh Conradh na Gaeilge ag glacadh páirt san agóid lasmuigh de Theach Laighean inniu chomh maith.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív sa Dáil níos túisce i mbliana go raibh an cinneadh deireadh a chur leis an deontas in 2011 ag teacht salach ar chuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge i dtaobh an oideachais.

“Ba cheart dúinn bheith macánta faoi – bhí an t-am ann nuair a chasfá le múinteoirí bunscoile agus d’fhéadfá comhrá a dhéanamh le chuile dhuine acu trí Ghaeilge. Ní hamhlaidh atá sé anois. Tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge a mhúineadh agus níl sí acu féin. 

“Bhí moltaí sonracha le déileáil leis an gceist sin sa Straitéis 20 Bliain – tréimhsí níos faide sa Ghaeltacht – ach céard atá déanta ag an Rialtas? Táthar tar éis táillí a ghearradh ar na hábhair oidí atá ag dul chun na Gaeltachta in ionad na táillí a íoc agus a rá leis na hábhair oidí tréimhsí fada a chaitheamh ann agus an teanga a thabhairt leo,” a dúirt Éamon Ó Cuív sa Dáil.

Ar na heagraíochtaí atá ag iarraidh go dtabharfaí ar ais an deontas d’ábhar oidí, tá an Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Chuir COGG aighneacht faoi bhráid Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i mbliana inar éilíodh go dtabharfaí ar ais an deontas. 

Cuireadh deireadh leis an deontas Gaeltachta a d’íoctaí le hábhar oidí in 2011 toisc, a dúradh, go raibh acmhainní gann.

Tá an tAire Stáit de chuid Fhine Gael Brendan Griffin i measc na ndaoine a dúirt le Tuairisc.ie cheana go raibh sé “in am” an deontas d’ábhar oidí a thabhairt ar ais” i bhfianaise an fheabhais atá tagtha ar an ngeilleagar ón uair a cuireadh deireadh leis.

Fág freagra ar 'Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag impí go dtabharfaí ar ais an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí'