An cinneadh deireadh a chur leis an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí ‘á mheas’ arís

€1.8 milliún a chosnódh sé in aghaidh na bliana an deontas d’ábhar oidí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais don 1,200 mac léinn a bheadh i gceist

An cinneadh deireadh a chur leis an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí ‘á mheas’ arís

Tá an cinneadh deireadh a chur leis an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí á mheas arís ag an Roinn Oideachais.

An tAire Oideachais Joe McHugh a thug údar dóchais dóibh siúd atá ag éileamh le fada go dtabharfaí ar ais an deontas a d’íoctaí le hábhar oidí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Cé go bhfuil an tAire Oideachais fós ag cloí leis an bport nach bhfuil an t-airgead ann chun an deontas a thabhairt ar ais faoi láthair, thug sé le fios go bhfuil an cheist anois “á meas” ag a Roinn.

Mar sin, cé go ndúirt McHugh arís nach raibh aon soláthar i mbuiséad a Roinne faoi láthair do dheontas na n-ábhar oidí, níor chuir sé as an áireamh ar fad é go dtabharfaí ar ais é mar a rinne sé féin agus a réamhtheachtaithe go minic cheana.

An tAire Oideachais Joe McHugh

Ba é McHugh an tríú haire Oideachais ó cuireadh deireadh leis an deontas aimsir na géarchéime eacnamaíochta in 2011 a dúirt nárbh acmhainn don Rialtas na híocaíochtaí a thabhairt ar ais.

€1.8 milliún a chosnódh sé in aghaidh na bliana an deontas d’ábhar oidí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais don 1,200 mac léinn a bheadh i gceist.

Cé nach bhfuil aon soláthar ann faoi láthair i mbuiséad mo Roinne don deontas seo nó cuid de in 2019, mar gheall ar bhrú leanúnach sa bhuiséad atá fós géarchúiseach, tá an t-ábhar á mheas go fóill i mo Roinn,” arsa an tAire Joe McHugh.

Tá polaiteoirí agus lucht an ghaeloideachais ag éileamh go dtabharfaí ar ais an deontas a d’íoctaí le hábhar oidí don tréimhse Ghaeltachta atá mar chuid dá gcúrsa.

Ar na heagraíochtaí atá ag iarraidh go dtabharfaí ar ais an deontas d’ábhar oidí, tá an Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Chuir COGG aighneacht faoi bhráid Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an tseachtain seo inar éilíodh go dtabharfaí ar ais an deontas. 

Cuireadh deireadh leis an deontas Gaeltachta a d’íoctaí le hábhar oidí in 2011 toisc, a dúradh, go raibh acmhainní gann.

Tá an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Brendan Griffin, atá anois ina aire stáit, i measc na ndaoine a dúirt le Tuairisc.ie cheana go raibh sé “in am” an deontas d’ábhar oidí a thabhairt ar ais” i bhfianaise an feabhas atá tagtha ar an ngeilleagar ón uair a cuireadh deireadh leis.

Fág freagra ar 'An cinneadh deireadh a chur leis an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí ‘á mheas’ arís'