Ní féidir aon lá eile as tréimhse Chogadh na Saoirse a chur i gcomparáid le Domhnach na Fola.
Thosaigh móreachtraí an lae go luath ar maidin le dúnmharú na mbleachtairí. ‘Squad’ Michael Collins a bhí freagrach. Bhí cuid de na dúnmharuithe sin thar a bheith brúidiúil agus cuireadh 14 duine ar fad chun báis.
Níos déanaí sa tráthnóna, tharla ceann de na heachtraí is míchlúití i stair na hÉireann – an sléacht i bPáirc an Chrócaigh nuair a tháinig fórsaí an stáit chuig an pháirc. Bhí siad tosaithe ar an scaoileadh agus iad fós ar Bhóthar Mhic Sheoin (Jones’s Road).
Mar a scríobh an staraí, Anne Dolan, bhí an lá sin – Domhnach na Fola – ‘quite unlike any other day in the Irish revolution’s calendar’.
Dar ndóigh, bhí eachtraí an lae sin go mór chun tosaigh i seanchas na réabhlóide in Éirinn.
Ach ní hé tábhacht an lae sin i leabhair stair na réabhlóide an rud is tábhachtaí faoi Dhomhnach na Fola. Tá fíorbhrí na n-eachtraí ar fáil sa chrá croí agus sa tráma síceolaíochta a d’fhulaing siad síud a raibh a ndaoine muinteartha básaithe.
Mar shampla, ní raibh Jerome O’Leary, a bhí ina chónaí ag 69 Sráid Blessington san ardchathair, ach deich mbliana d’aois nuair a maraíodh é i bPáirc an Chrócaigh.
Cuntasóir as Corcaigh ab ea a athair agus ba as Corcaigh a mháthair freisin.
Dúnmharaíodh go barbartha é agus é ina shuí ar bhalla le taobh na páirce. Ag breathnú ar thús an chluiche peile idir Baile Átha Cliath agus Tiobraid Árainn a bhí Jerome.
Agus a chorp á aithint in Ospidéal an Mater, dúirt a athair: “He was a schoolboy.”
Conas a d’éirigh le Jerome O’Leary déileáil le bás a mhic óig?
Conas a d’éirigh le James Boyle déileáil le bás a dheirféar Jan nach raibh ach 26 bliain d’aois?
Céard faoi Annie Burke a tháining as Na Glasáin (Windy Arbour) chun corp a fir chéile a aithint. Dúirt Annie níos déanaí: “He left on Sunday morning to see the football match. It was 2 o’clock.”
Caithfimid cuimhneamh gur fhulaing teaghlaigh na ndaoine a mharaigh Poblachtánaigh na hÉireann maidin Dhomnach na Fola.
Chomh maith leis sin, d’fhág an rud go léir an-suaite na fir a dhúnmharaigh an 14 fear an mhaidin sin.
Theip ar néaróga cuid acu, nó chuaigh siad ar an ól, nó bhí deacrachtaí sláinte eile acu.
Mar a scríobh Anne Dolan: “Killing a spy may have been an order or a duty, but there was much to reconcile when all you saw was a man in his pyjamas clinging to his wife.”
Agus céard faoi na mná sin? Agus na tuismitheoirí? Agus na páistí?
Cén leigheas a fuair siadsan ar an scéal, sin má fuair siad aon leigheas in aon chor?
D’inis duine den ‘Squad’ – William Stapleton – scéal faoi Captain W.F. Newbury a bhí ina chónaí ag uimhir 92 Sráid Bhagóid Iochtarach. Nuair a bhris an ‘Squad’ isteach in árasán Captain Newbury, bhí sé fós ina phitseámaí agus rinne sé iarracht éalú tríd an bhfuinneog.
Scaoileadh é seacht n-uaire agus fágadh ar crochadh ón bhfuinneog é.
Rinne a bhean chéile iarracht é a chosaint. Níor éirigh leí agus dúirt William Robinson go raibh sí “in a terrified and hysterical condition”.
Fuair a fear céile bás 15 nóiméad níos déanaí – chlúdaigh sí le blaincéad é.
Amhail gach dúnmharú eile an mhaidin sin bhí an fhuil ina slaoda sa seomra sin ar Shráid Bhagóid.
Is é oidhreacht Dhomhnach na Fola gur fhág sé smál millteanach ar an iomarca daoine.
Dá bharr sin, is den bhunriachtanas é go gcoinníonn daoine na híospartaigh neamhchiontacha ina gcuimhne.
Sna cuimhneacháin sin a bhíonn brí gach cogaidh le feiceáil.
ÉIRÉ 1920: Traolach Mac Suibhne – deireadh na stailce ocrais agus tús na cainte
ÉIRE 1920: ‘Ba mhinic iníon go dian i ndainséar’ – ról na mBan i gCogadh na Saoirse
SRAITH COMÓRTHA: Éire 1920 – Tomás Mac Curtáin agus teacht na nDúchrónach
Fág freagra ar 'ÉIRE 1920 – Fíoroidhreacht Dhomhnach na Fola'