ÉIRE 1920: ‘Ba mhinic iníon go dian i ndainséar’ – ról na mBan i gCogadh na Saoirse

Cogadh, conspóid agus cuimhneachán: Sa tsraith seo le Tuairisc.ie i gcomhar leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh tugann staraithe éagsúla léargas ar scéala Éireann i mbliain chinniúnach 1920 An geábh seo, tá léargas againn ar an ról a bhí ag mná i gCogadh na Saoirse…

ÉIRE 1920: ‘Ba mhinic iníon go dian i ndainséar’ – ról na mBan i gCogadh na Saoirse

Sa bhliain 1920 shuigh coimisiún in Washington DC – an Coimisiún Meiriceánach ar Choinníollacha in Éirinn- a eagraíodh chun an fhírinne a chur os comhair an tsaoil i leith a raibh ag tarlú i rith Chogadh na Saoirse. Foilsíodh tuairisc an Choimisiúin sa bhliain 1921. Bhí 150 ball ar fad ar an gCoimisiún – seanadóirí, easpaig, agus daoine measúla ó réimsí éagsúla den saol i Meiriceá – ach níor éist ach cúigear le gach cuid den fhianaise béil. Duine díobh ab ea Jane Addams, ceannródaí feabhsaithe agus feimineach. I measc na ndaoine a thug fianaise bhí Muriel agus Máire Mhic Suibhne a bhí ar chuairt léachtóireachta agus bolscaireachta don phoblacht úrnua i Meiriceá, agus bean ó Ohio a bhí ar cuairt ar Éirinn i rith 1920 ar thóir a sinsear. Ní haon ionadh mar sin gur dhírigh an Coimisiún ar shaol agus ar thaithí na mban le linn an chogaidh agus tugtar cur síos dúinn sa tuarascáil ar ar tharla do mhná agus ar an ról a d’imir siad i rith na bliana 1920.

Bhí mná gníomhach go polaitiúil roimh 1920 ar ndóigh. Dar le Senia Paseta, toisc Éire a bheith ag síorathrú ó 1900 i leith, bhí ról na mban ag leathnú agus bhíodar páirteach i ngach cumann radacach polaitiúil – Inghinidhe na hÉireann, Cumann na mBan, an tArm Cathartha, áit a raibh siad ar comhchéim leis na fir, agus, freisin i gComhairle Bhan na nAondachtóirí. Bhí 300 ‘amuigh’ i 1916, ag gníomhú mar theachtairí, ag soláthar bia is lón cogaidh. Bhain siad an vóta amach sa bhliain 1918, agus toghadh an Chuntaois Markievicz mar an chéad theachta baineann riamh i bparlaimint Westminster agus ceapadh í mar Aire Saothair sa chéad Dáil 1919-21.

Faoin mbliain 1920 bhí 800 brainse de Chumann na mBan bunaithe ar fud na tíre agus breis is 3,000 ball iontu. Feicimid ón tsárobair atá déanta ag Marie Coleman ar ról an chumainn i gCogadh na Saoirse gur cumann cúnta a bhí ann go príomha don IRA. Na mná ag cabhrú le faisnéis a bhailiú agus a scaipeadh, idir mháistreásaí poist, chailíní siopa agus freastalaithe bialainne; lón cogaidh a fháil, a stóráil agus a iompar; teachtaireachtaí a iompar idir aonaid nó ón gceanncheathrú.

Ach cé gur chaith siad éadaí míleata agus go raibh siad, mar a scríobh Coleman, ar aon dul leis na fir toisc go rabhadar óg, Caitliceach, agus singil den chuid ba mhó, thit dualgais ‘bhaineanna’ orthu leis: aire a thabhairt do na fir a bhí ag ‘troid’; bia agus toitíní a sholáthair do na fir a bhí ar a gcoimeád; a n-éadaí a ní; dídean shábháilte a chur ar fáil dóibh; leigheas a chur orthu agus iad ag teacht chucu féin tar éis luíocháin. D’oibrigh siad le Crois Bhán na hÉireann ag dáileadh airgid agus stórais ar chlanna na bhfear a maraíodh, a gabhadh nó a bhí ar a gcoimeád, d’fhreastail siad ar shochraidí agus d’eagraigh airneáin urnaithe mar chomhartha agóide. Cé gur oibrigh siad mar ‘arm ban’ agus iad i lár an chatha ní raibh cuid de na fir sásta oibriú gualainn ar ghualainn leo agus chaith fórsaí na Breataine leo ar bhealach difriúil freisin.

Feictear an choimhlint seo faoi ról agus thaithí na mban i gCogadh na Saoirse i gcorp na fianaise ón gCoimisiún Meiriceánach. Léiríodh cuid de na mná mar íobartaigh, mar dhream cloíte nach raibh in ann don fhoréigean agus don sceon. Bhí bean i dTuaim ar cuireadh a teach trí thine agus nuair a d’éalaigh sí agus a páiste ina baclainn aici, bhagair póilín uirthi le gunna agus d’ordaigh di filleadh ar an teach. Cuireadh i dteach na ngealt í dá bharr. Cuireadh iachall ar bhean eile a bhí ar tí leanbh a shaolú siúl ar smionagair ghloine agus í cosnochta. Nuair a cuireadh monarcha Cleeves trí thine i Mala i gcontae Chorcaí, chuaigh cuid de mhná an bhaile i bhfolach i reilig, máthair óg ina measc a tholg niúmóine tar éis di an oíche a chaitheamh ar na leaca crua agus a fuair bás. Tar éis do na Dúchrónaigh Baile Brigín a chur trí thine, bhí mná ag éalú rompu amach ar an mbóthar mór agus a gcuid páistí crochta as a n-eireaball. ‘My nerves are unstrung,’ a mhaígh Mrs. T. Hogan as Corcaigh i bhfianaise scríofa a thug sí don Choimisiún. Léiriú grinn a bhí anseo ar an uafás a bhí á fhulaingt ag máithreacha ach go háirithe.

D’fhéach na póilíní agus fórsaí na Breataine ar na mná mar naimhde gníomhacha. Ceapadh cuardaitheoirí ban sa bhliain 1920 cé go bhfuil tuairisc ann faoi fhir an RIC a bheith ag tarraingt fáinní cluaise de mhná ar shráideanna Chorcaí agus iad faoi fhad urchar piostail acu. Roghnaíodh mná freisin d’ionsaithe gnéasúla agus gearradh a gcuid gruaige, go háirithe nuair a tarraingíodh óna leapacha agus a gcuid seomraí codlata iad. Bagairt fheiceálach don phobal a bhí ann agus í á cleachtadh ag an dá thaobh, toisc gur dhiúltaigh mná siúl amach le saighdiúirí nó toisc gur shiúil siad amach leo. Cé gur mhol an Coimisiún fórsaí na Breataine as a gcuid smachta agus mná na hÉireann a spáráil ó éigniú mar a tharla sa Bheilg i rith an Chogaidh Mhóir, tá cur síos ar dhá chúirt airm de bharr ionsaithe gnéasúla, agus cur síos ar shaighdiúirí ag iarraidh iad féin a bhrú ar mhná. Ní raibh mná sásta a bpríobháideachas pearsanta a shárú agus rún a scaoileadh leo siúd a bhí ar an taobh ‘amuigh’, mar a luaigh bean ó Chumann na gCarad don Choimisiún. Mar a scríobh Máirtín Ó Direáin i Mná na hAiséirí sa bhliain 1966:

‘Ba mhinic iníon go dian i ndainséar

I mbaol a hanama, i mbaol nach n-abraim,

I nguais a duaise ag imeacht ar aistear’.

Leagadh béim mar sin ar shárú príobháideachas an tí, ionad na mban.

Cé go dtugann tuairisc an Choimisiúin sracfhéachaint dúinn ar réim fhairsing gníomhaíochtaí a bhí ar bun ag mná in Éirinn sa bhliain 1920 – mná gnó, freastalaithe, óstóirí, máithreacha, taistealaithe, iriseoirí, imirceoirí – leag an tuairisc béim ar fhulaingt na mban faoin bhforéigean i gCogadh na Saoirse agus ní ar a seirbhís saighdiúireachta. Ba bholscaireacht chumhachtach í. In ainneoin gur fir ba mhó a bhí ag obair i monarcha Cleeves i Mala, mar shampla, foilsíodh grianghraif d’oibrithe ban agus a bpostanna caillte acu sa tuairisc.

Laghdaíodh mar sin ar an ngaisce a bhí á dhéanamh acu mar ghníomhairí. Cé gur maíodh go raibh mná na hÉireann cróga agus go seasfaidís an fód, ba iad na fir a bhí i mbun troda, ina saoránaigh dhílse faoi arm. Leanadh leis an meon sin nuair a bhí na mná ag lorg pinsin stáit dá seirbhís chogaíochta ar ball san tríochaidí. Dar le Frank Aiken, ní raibh na cúraimí céanna cogaíochta ar na mná is a bhí ar na fir, níorbh ionann a gcuid íobairtí, agus mar sin bhí a bpinsin srianta do na ranna ab ísle – ‘D’ agus ‘E’ – iad féin agus na buachaillí i bhFianna Éireann.

An fhírinne a bhí á lorg agus á craobhscaoileadh ag an gCoimisiún Meiriceánach 1920-21. Ach le hinscniú na haimsire agus na cogaíochta, tá an baol ann go ndéanfaí dearmad ar ghaisce na mban sa choimhlint, le teann measa ar an mbanúlacht.

 

SRAITH NUA: Éire 1920 – ‘an cath dá riar’

 

SRAITH COMÓRTHA: Éire 1920 – Tomás Mac Curtáin agus teacht na nDúchrónach 

 

Ar an 19 Meitheamh 1920 a thosaigh na caismirtí i nDoire…

 

Éire 1920 – Lucht saothair ag seasamh an fhóid

Fág freagra ar 'ÉIRE 1920: ‘Ba mhinic iníon go dian i ndainséar’ – ról na mBan i gCogadh na Saoirse'