SRAITH NUA: Éire 1920 – ‘an cath dá riar’

1920 - Cogadh, conspóid agus cuimhneachán: Sa tsraith nua le Tuairisc.ie i gcomhar leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh tabharfaidh staraithe éagsúla léargas ar scéala Éireann i mbliain chinniúnach 1920

SRAITH NUA: Éire 1920 – ‘an cath dá riar’

Faoi dheireadh na bliana 1919 ba léir go raibh Rialtas na Breataine – agus an Feidhmeannas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath – ag díriú i gceart ar údarás agus éifeacht Dháil Éireann a threascairt; go háirithe, ar bhearta míleata Óglaigh na hÉireann (nó an IRA, mar bhíothas a thabhairt orthu ó dheireadh 1919) a chur faoi chois. Ag tús na bliana sin, 1919, bhí an Bhreatain – dála mórán eile stát – gafa leis na cainteanna réitigh i bPáras ag deireadh an Chogaidh Mhóir: roinnt sean-impireachtaí ar lár (impireachtaí na Tuirce, na Rúise, na Gearmáine agus na Hapsburgach), stáit agus struchtúir nua cumhachta á ndréachtú; na buaiteoirí sa diallait agus an chreach á roinnt. Roimh dheireadh Aibreáin 1919 bhí na mórchumhachtaí aontaithe ar chonradh nó Cúnant le haghaidh Léig na Náisiún; bheadh an Léig ag feidhmiú faoin Eanáir na bliana 1920.

Bhí deis anois ag an mBreatain dul i ngleic i gceart leis an mbruíon a bhí ag bailiú nirt ina cúlchlós féin, sé sin, in Éirinn. Ó Eanáir 1919 i leith bhí Dáil Éireann, céim ar chéim, ag iarraidh a húdarás a chur i gcrích le héifeacht i réimsí éagsúla de ghnáthshaol an phobail sa bhaile agus ag lorg aitheantais idirnáisiúnta di féin mar rialtas ceartbhunaithe ar stát neamhspleách Éireannach.

In Aibreán 1919 eisíodh ‘bannaí na poblachta’, le ciste tacaíochta a chruinniú don Dáil. Faoi lár an tsamhraidh thug an Dáil aitheantas agus údarás foirmiúil do ‘chúirteanna eadrána’ , nó cúirteanna poblachtánacha. Ceapadh giúistísí agus de réir a chéile thosaigh an pobal i gcoitinne ag cur muiníne sna cúirteanna seo chun breithiúnas cóir a thabhairt ar aighnis agus ar achrainn áitiúla, go háirithe faoi chúrsaí talún.

Ruathar ar Uimhir 6 Sráid Fhearchair, Ceannáras Shinn Féin, Feabhra 1920 (Pictiúr: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann)

Méadaíodh go mór ar údarás morálta na Dála (agus ar sheasamh agus údarás Shinn Féin) tar éis thoghcháin áitiúla na bliana 1920. Bhí Rialtas na Breataine tar éis cinneadh go reáchtálfaí na toghcháin áitiúla in Éirinn faoin gcóras ‘ionadaíocht chionmhar’ (PR), iad ag súil le srian, dá réir, a chur le caithréim Shinn Féin.

Ach sna toghcháin do na comhairlí uirbeacha in Eanáir 1920, chruthaigh Sinn Féin go láidir (i bpáirt le náisiúnaithe eile agus le hionadaithe ón lucht oibre). Ba threise fós vóta agus ceannas Shinn Féin sna toghcháin do na comhairlí contae agus tuaithe a reáchtáladh i mí an Mheithimh 1920. Bhí an Rialtas tar éis toirmeasc a chur ar Dháil Éireann ar an 12 Meán Fómhair 1919. Ba léir, áfach, ó thorthaí na dtoghchán áitiúil agus ó fheidhmiú na gcúirteanna poblachtánacha, go raibh móramh an phobail náisiúnaigh (agus sciar áirithe, fiú, de na haontachtaithe ó dheas) ag géilleadh d’údarás na Dála.

Ach ba í an choimhlint mhíleata idir fórsaí na corónach agus Óglaigh na hÉireann ba mhó a chuaigh i ndéine agus i bhfíochmhaire i rith na bliana 1920. De réir mar a d’éirigh buíonta áirithe de na hÓglaigh – sa Mhumhain go háirithe – níos dásachtaí ina gcuid bearta míleata, thug Rialtas na Breataine aghaidh ar an ndúshlán le bearta fíochmhara dá chuid féin. Ag tosnú le hionsaithe ar bheairicí iargúlta (ag cuardach arm agus armlóin), le linn 1920 threisigh an IRA ar a gcuid iarrachtaí chun an ceann is fearr a fháil ar bhleachtairí agus ar bhrathadóirí, baill de chóras slándála an Chaisleáin a raibh droch-cháil orthu i measc phoblachtánach, nó daoine a thug eolas nó cúnamh d’fhórsaí na corónach agus ar cinneadh drochíde eiseamláireach a thabhairt dóibh dá bharr. Bhí tábhacht faoi leith ag baint leis an mbuíon naoscairí, faoi stiúir Mhichíl Uí Choileáin, a thug faoi chuid den obair ghránna dhúnmharaithe seo san ardchathair. Amuigh faoin dtír, de réir a chéile i rith 1920, thréig an RIC na beairicí beaga iargúlta agus chúlaigh go dtí na bailte móra; chuaigh an IRA i muinín na gcolún reatha- dlúthbhuíonta Óglach a bhí gníomhach (go háirithe sa Mhumhain agus i gConnachta) ag cur luíochán roimh na póilíní nuair ba soleonta iad amuigh ar bhóithre tuaithe.

Thug an Rialtas freagra fíochmhar ar fheachtas míleata an IRA. I bhfíorthosach na bliana 1920 cuireadh tús le hearcú buíon nua póilíní mar thaca don RIC (a bhí ag cailleadh misnigh agus foirne). Iarshaighdiúirí ab ea formhór na n-earcaithe nua seo, agus i ngeall ar na cultacha a dáileadh orthu tugadh na Dúchrónaigh orthu. Bhí droch-cháil orthu ón dtús, mar gheall ar easpa disciplín, dúil san ól, drabhlás agus brúidiúlacht. Faoi lár an tsamhraidh earcaíodh fórsa nua eile – na Póilíní Cúnta (Auxiliaries) – iar-oifigigh airm, aríst chun brú níos déine fós a chur ar an IRA. Cuid dhílis den mbrú seo ab ea imeaglú sibhialtach, ruathair gan smacht ar cheantair thuaithe, tithe agus gnóthaí á loscadh agus á lot, creachadh agus ciapadh an ghnáthphobail. Chuir drochiompar na bhfórsaí ‘cúnta’ seo alltacht ar cheannairí an airm phroifisiúnta.

Má ba chor in aghaidh an chaim cruth coiteann na coimhlinte ó dheas, bhí gné ghránna, sheicteach sna caismirtí i nDoire, i mBéal Feirste agus in áiteanna eile ó thuaidh.

Chuaigh an choimhlint chun fíochmhaire ag deireadh an fhómhair: ar an 25 Deireadh Fómhair cailleadh Traolach Mac Suibhne, Ard-Mhéara chathair Chorcaí, ar an 74ú lá dá stailc ocrais; lá Samhna crochadh Kevin Barry; ar an 9 Samhain d’fhógair Lloyd George (Príomh-Aire na Breataine) ‘we have murder by the throat’ [in Éirinn].

Ar an 21 Samhain tharla sléacht Dhomhnach na Fola; seachtain ina dhiaidh sin (28 Samhain) luíochán Chill Mhichíl. Thit buille an díoltais gan mhoill: cuireadh contaetha Chorcaí, Thiobraid Árann, Chiarraí agus Luimnigh faoi dhlí míleata. Ar an 11/12 Nollaig, creachadh agus loisceadh lár chathair Chorcaí. Níor léir fonn ar bith a bheith ar cheachtar den dá thaobh céim ar gcúl a thabhairt.

Bhí gné shuntasach eile den choimhlint a chuaigh i ndéine i rith na bliana 1920: b’in an cogadh bolscaireachta. Bíodh is nach raibh mórán ratha ar iarrachtaí na Dála sa ghearrthéarma aitheantas idirnáisiúnta d’fháil dá húdarás, níor chiallaigh san nárbh fhéidir le gluaiseacht na poblachta ‘cás na hÉireann’ a chraobhscaoileadh ar fud an domhain. Cheana féin, ag tús na Samhna 1919, bunaíodh an Irish Bulletin, faoi stiúir Shinn Féin agus na Dála, agus uaidh san amach bhí sruth leanúnach bolscaireachta á scaipeadh ag an Bulletin, faoi bhrúidiúlacht fhórsaí na corónach agus ghaiscí na bpoblachtánach; crógacht David na poblachta Éireannaí ag seasamh an fhóid in aghaidh an mhaistín impiriúil, Góiliat. ’Sí breith na n-údar go raibh bua cuimsitheach ag David beag sa ghné áirithe seo den gCogadh Angla-Éireannach.

Ar feadh an ama, áfach, bhí an pharlaimint in Westminster ag brú ar aghaidh le réiteach polaitíochta agus bunreachtúil a aimsiú ar ‘chruacheist na hÉireann’. Ar an 23 Nollaig ritheadh an tAcht um Rialtas na hÉireann: bheadh dhá fhopharlaimint in Éirinn, agus cumhachtaí teoranta féinrialtais acu. Bhí críochdheighilt curtha i bhfeidhm ar oileán na hÉireann, Aontachtaithe Uladh sásta glacadh leis, poblachtánaigh (agus Dáil Éireann) ag diúltú glan dó. Cén fhad a sheasfadh an ‘socrú’ polaitíochta seo? Neosfadh an aimsir.

Fág freagra ar 'SRAITH NUA: Éire 1920 – ‘an cath dá riar’'

  • Pat Butler

    Buíochas le Dia. Tús sraithe iontaofa. Ní baol dúinn. Tá Gearóid Ó Tuathaigh i mbun bainistíochta. Stair agus Gaolainn ar scáth a chéile. Croch suas é!

    Pat Butler