ÉIRÉ 1920: Traolach Mac Suibhne – deireadh na stailce ocrais agus tús na cainte

1920 - Cogadh, conspóid agus cuimhneachán: Sa tsraith seo le Tuairisc.ie i gcomhar leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh tugann staraithe éagsúla léargas ar scéala Éireann i mbliain chinniúnach 1920. An geábh seo: cor cinniúnach i scéal an chogaidh ab ea bás Thraolach Mhic Suibhne

ÉIRÉ 1920: Traolach Mac Suibhne – deireadh na stailce ocrais agus tús na cainte

I mí Aibreáin 1920 chuaigh príosúnaigh phoblachtánacha ar stailc ocrais in Éirinn agus sa mBreatain.  Níor thuig Rialtas na Breataine i gceart an t-achar a thógfadh sé ar phríosúnach bás a fháil, bhíodar imníoch faoin éifeacht a bheadh ag bás ar an bpobal, go háirithe da bhfaigheadh príosúnach nár ciontaíodh bás. Bhíodar scanraithe go mbeadh Tomás Ághas eile acu, mairtíreach poblachtánach a bhásaigh tar éis dó a bheith beathaithe in aghaidh a thola i 1917. Ach ní raibh siad sásta aon chuid dhó sin a admháil go poiblí. Chuir siad gothaí troda orthu féin.

Ach ansin chaill ceannasaíocht na Breataine a misneach agus scaoileadh saor na stailceoirí.

Thug an cinneadh sin misneach do phoblachtánaigh agus chlis ar mhisneach go leor d’Fhórsaí na Breataine. Céard ab fhiú do dhualgas a dhéanamh nuair nárbh fhéidir brath ar an Rialtas gunnadóirí a choinneáil sa bpríosún? Aithníodh an dochar a bhí déanta ag an gcinneadh.

Chruaigh croíthe Údaráis na Breataine.

Ní bheidís ag iarraidh cuma chomh lag céanna a bheith orthu aríst. Cuireadh reachtaíocht níos géire i bhfeidhm, seoladh na Saighdiúirí Cúnta agus níos mó Dúchrónaigh chun na tíre. Tháinig samhradh na ndóiteán agus fómhar an bháis ina dhiaidh: Tuaim, Baile Brigín, Inis Díomóin, cathair na Gaillimhe. San oirthuaisceart bhí Caitlicigh agus ‘Rotten Prods’ (Protastúnaigh a raibh tuairimí sóisialacha agus poblachtánacha acu) á n-ionsaí ina sluaite.

Fear eile a bhí ag iarraidh a chinntiú nach mbreathnódh sé lag aríst ná Traolach Mac Suibhne, Ard-Mhéara Chorcaigh, ceannaire sinsearach san IRA. Níor throid Corcaigh le linn Éirí Amach 1916. Níor mhaith Mac Suibhne é sin dó fhéin agus ní raibh sé i gceist aige go ndéarfaí faoi Chorcaígh go deo aríst gur loic siad ar aon duine.

Bhí go leor ar aon intinn leis sa gcontae céanna. Bhí baill d’fhórsaí na corónach á marú go rialta sa gcontae faoin am seo. Feachtas barbartha, do-mhaite a bhí ann, dar le fórsaí na Breataine agus a lucht tacaíochta.

Tháinig Mac Suibhne i gcomharbacht ar Thomás Mac Curtáin an tArd-Mhéara a mharaigh baill den RIC os comhair a mhuintire, gníomh barbartha, do-mhaite, dar le poblachtánaigh.

Agus, bhí poblacht na hÉireann ann, níorbh fhéidir géilleadh d’údarás na Breataine, ar chúis ar bith, dar le Mac Suibhne agus a lucht leanta. An 12 Lúnasa 1920 gabhadh Mac Suibhne ag cruinniú i gcathair Chorcaí. Gearradh téarma príosúin dhá bhliain air mar gheall ar cháipéisí a bhain le cóid an RIC a frítheadh sa ruathar céanna agus sacadh isteach i bpríosún Brixton i Londain é. D’fhógair  Mac Suibhne ar lucht a ghéibhinn go mbeadh sé saor, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, faoi cheann míosa. Chuir sé an dearcadh a bhí aige – go raibh sé níos tábhachtaí a bheith in ann dochar a fhulaingt ná a dhéanamh – in iúl agus chuir sé i bhfeidhm chomh maith é.

Dhiúltaigh sé beatha a ithe.

Scaip an scéal amach as Príosún Brixton. Mairtíreach éifeachtach a bhí sa Suibhneach. Ní raibh tada tromchúiseach curtha ina leith, síleadh. Bhí sé pósta agus leanbh óg aige. Fear litríochta ab ea é, a d’oibrigh ar son a phobail agus a chultúir go dúthrachtach. Iarradh trócaire, eagraíodh agóidí, pleanáladh ionsaithe.

Ba é Mac Suibhne éadan na réabhlóide go hidirnáisiúnta. Thug an méid a d’fhulaing sé inspioráid do Gandhi agus roinnt nach raibh chomh síochánta le Gandhi. Thug sé inspioráid do náisiúnaithe, do mhuintir an hÁise, do dhaoine gorma agus do ghrúpaí eile a bhí ag iarraidh cothrom na Féinne, mar ba léir dóibhsean é, a fháil.  Bhí Ho Chi Minh ar dhuine acusan.

Fad is a bhí sé seo ar fad ag tarlú bhí Mac Suibhne ag saothrú bás mall pianmhar. Chuaigh an stailc ocrais ar aghaidh agus ar aghaidh. Bhí chuile chineál ráfla ann agus chuile chineál imní ar Mhac Suibhne faoin méid a tharlódh dó dá mbeadh sé féin gan aithne, gan urlabhra.

Níor ghéill na húdaráis agus bhí deireadh feasta leis an stailc ocrais mar uirlis éifeachtach le saoirse a bhaint amach agus níor baineadh úsáid aisti mar uirlis i gCogadh na Saoirse arís.

Úsáideadh an stailc ocrais aríst sa gCogadh Cathartha, sna 1940idí agus sna Trioblóidí. Is iomaí tagairt a rinneadh d’oidhreacht Mhic Suibhne sna feachtais sin.

74 lá tar éis dó beatha a dhiúltú, ar an 25 Deireadh Fómhair 1920, bhásaigh an Suibhneach. Chuir na húdaráis dris chosáin roimh a mhuintir agus an corp á thabhairt go hÉirinn. Níor ceadaíodh isteach go Baile Átha Cliath a chónra. Masla iarbháis, creideadh. Ar deireadh tugadh go Corcaigh é agus tháinig na sluaite lena mbrón a chur in iúl. Ba cheart tagairt a dhéanamh don té a tháinig i gcomharbacht ar Thraolach Mac Suibhne mar Ard-Mhéara ar Chorcaigh, Dónal Óg Ó Ceallacháin a bhí i lár na tine Bealtaine anois.

D’éirigh leis siúd a chosa a thabhairt leis go Meiriceá agus bhí sé ina fhoinse bholscaireachta do chúis na poblachta thall. Tarraingíodh aird ar an bpost a bhí ag an teifeach seo i gcathair Chorcaí agus cuimhníodh ar Thraolach Mac Suibhne an athuair.

Lean Kevin Barry Mac Suibhne isteach i gcré na cille, lean an tAthair Ó Gríofa é agus íospartaigh Pháirc an Chrócaigh.

Faoi shamhradh na bliana 1921 bhí Rialtas na Breataine ag caint go díreach agus go poiblí le gluaiseacht na Poblachta. Bhí Traolach Mac Suibhne, a bhás agus an raic a tharraing sé ar cheann de na cúiseanna gur tharla sé sin.

ÉIRE 1920: ‘Ba mhinic iníon go dian i ndainséar’ – ról na mBan i gCogadh na Saoirse

Éire 1920 – Lucht saothair ag seasamh an fhóid

SRAITH COMÓRTHA: Éire 1920 – Tomás Mac Curtáin agus teacht na nDúchrónach 

SRAITH NUA: Éire 1920 – ‘an cath dá riar’

Fág freagra ar 'ÉIRÉ 1920: Traolach Mac Suibhne – deireadh na stailce ocrais agus tús na cainte'