Bua tábhachtach don fhírinne an breithiúnas a tugadh i gcás an Stardust

Tá bóthar fada achrannach siúlta le 43 bliain anuas ag gaolta na ndaoine a maraíodh i dtubaiste an Stardust

Bua tábhachtach don fhírinne an breithiúnas a tugadh i gcás an Stardust

‘Teastaíonn an fhírinne uainn, sin agus admháil gur maraíodh m’athair agus gach duine eile.’

Bhí an bhean a labhair le scríbhneoir an ailt seo sna tríochaidí nuair a labhair sí leis.

Ní fhaca an bhean a bhí sna tríochaidí nuair a labhair sí le scríbhneoir an ailt seo a hathair riamh. Níl a fhios aici céard a rinneadh lena chorp i ndiaidh a bháis nó cár cuireadh é.

Bhí sí i mbun agóide le slua teifeach ón Iaráin – thart ar dhá chéad duine ar a mhéid – i gCearnóg Trafalgar i Londain in 2014 nuair a mhínigh sí a hábhar.

Bhí a hathair i bpríosún in Tehran i 1988 nuair a mharaigh lucht leanúna rialtas na hIaráine na mílte príosúnach a raibh tacaíocht don fhreasúra curtha ina leith. Níor admhaigh rialtas na hIaráine riamh gur maraíodh duine ar bith. Tá fianaise gur maraíodh na mílte bailithe, áfach, ag Human Rights Watch agus ag eagrais eile.

Tá na bunaidhmeanna céanna ag gaolta na ndaoine a maraíodh san Iaráin i 1988 agus a bhí ag gaolta na ndaoine a maraíodh sa Stardust i 1981 a bhí ar thóir na fírinne ó shin: brú a chur ar na húdaráis an fhírinne a fhiosrú, a fhoilsiú agus a admháil.

Ní hionann dóiteán tubaisteach gan dabht agus sléacht stát-eagraithe. Tá dlúthbhaint mar sin féin ag an dá eachtra agus ag ar tharla ina ndiaidh lena chéile.  Ba dhoimhne an brón as cuimse a chuir marú 48 duine sa Stardust ar a ngaolta, a dúirt an tUachtarán Ó hUigínn, mar gheall ar na ceisteanna nár freagraíodh ó 1981 go dtí Déardaoin.

Is fiú cuimhneamh ar na fiosrúcháin éagsúla a rinneadh sular ordaíodh in 2019 go mbreithneodh coiste cróinéara nua an fhianaise arís:

  • I 1982 dúradh i dtuairisc binse fiosrúcháin a raibh an Breitheamh Ronan Keane ina chathaoirleach air nach raibh fianaise faoi chúis an dóiteáin ar fáil ach gur dócha gur tosaíodh é d’aon ghnó
  • In 2008 mhol an t-abhcóide Paul Coffey, a rinne athbhreithniú ar an bhfianaise, go gcuirfí an tuairim faoi chúis dhóchúil na tine i leataobh (mar a tharla) ach níor mhol sé fiosrúchán mar a d’iarr na gaolta
  • In 2017 rinne an t-iarbhreitheamh Patrick McCartan athbhreithniú eile ar an bhfianaise thar ceann an rialtais ach mhol sé gur chóir diúltú don iarratas go mbunófaí fiosrúchán nua.

Cé nár bunaíodh binse fiosraithe, rinne an t-ionchoisne nua a fógraíodh cíoradh cuimsitheach ar an tubaiste agus 373 finné á gceistiú in imeacht 122 lá. Léirigh an fhianaise faillí agus drochriar i mbainistíocht an Stardust, i gcur i bhfeidhm rialacha sábháilteachta agus i bhfeistiú na seirbhíse dóiteáin.

Tabharfar freagra iomlán an stáit ar na gaolta nuair a ghabhfaidh an Taoiseach leithscéal foirmiúil leo. Níl ráiteas dá leithéid fógartha fós ach glactar leis go mbeidh na briathra cuí á rá sa Dáil sara fada ag Simon Harris, a labhair leis na gaolta tar éis an bhreithiúnais.

“Ní cóir go dtógfadh sé achar fada ar an rialtas an leithscéal a eisiúint,” a dúirt Susan Behan ar cailleadh a deartháir John Colgan a bhí 21 bliain d’aois sa dóiteán. “Sílim gur tugadh neamhaird ar na gaolta,” a dúirt sí le RTÉ Dé hAoine agus admháil go ndearnadh botún á lorg aici.

Tá bóthar fada achrannach siúlta ag gaolta na marbh le 43 bliain anuas. Is léir anois an fhulaingt faoi dhó a bhí mar thoradh ar dhrogall an stáit tabhairt faoi leigheas an dochair a rinne lagfhiosrú agus tuairim gan fianaise gur gníomh a rinne duine de mhuintir na háite ba chúis leis an tubaiste.

Tá ar tharla abhus cosúil ar go leor bealaí le fulaingt ghaolta 97 duine a fuair bás i staid Hillsborough i Sasana i 1989. Mar a tharla i gcás an Stardust, is é an dara hionchoisne a rinne an cíoradh ceart ar an bhfianaise agus a thug breithiúnas in 2016 gur “marú mídhleathach” a tharla.

Tá ardbhuíochas agus ardmholadh tuillte ag Cróinéir Bhaile Átha Cliath, an Dr Myra Cullinane agus ag an ngiúiré a d’éist leis an bhfianaise a thug orthu breithiúnas chomh tábhachtach a eisiúint.

Ach is iad gaolta na marbh a thuilleann an buíochas is mó.

Cuireann a ndiongbháilteacht i gcuimhne dúinn uilig nach féidir tart na córa a chloí i gcónaí agus gur dlúthchuid den chóir í an fhírinne.

Thug an reachtaíocht a ritheadh sa Bhreatain i mbliana d’fhonn an fhírinne faoin drochré sa Tuaisceart a cheilt léiriú nach beag ar mheon a thugann tús áite do leas an lucht ceannais seachas leas an phobail.

Tugann caime Donald Trump léiriú freisin ar an dochar a dhéanann meon dá leithéid ach amháin gur le bréaga a cheileann sé an fhírinne.

Tá ionracas agus oscailteacht faoi ionsaí anois ar scála nach bhfacthas riamh cheana. Léiríonn breithiúnas ionchoisne an Stardust, áfach, gur féidir an lámh in uachtar a fháil ar na fórsaí a dhiúltaíonn don fhírinne.

Fág freagra ar 'Bua tábhachtach don fhírinne an breithiúnas a tugadh i gcás an Stardust'