Éire 1920 – Lucht saothair ag seasamh an fhóid

1920 - Cogadh, conspóid agus cuimhneachán: Sa tsraith seo le Tuairisc.ie i gcomhar leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh tugann staraithe éagsúla léargas ar scéala Éireann i mbliain chinniúnach 1920. Ar an 23 Bealtaine, 1920, cuireadh tús leis an stailc i nDún Laoghaire, inar dhiúltaigh oibrithe armlón fhórsaí na corónach a láimhseáil

Éire 1920 – Lucht saothair ag seasamh an fhóid

An 12 Aibreán 1920, d’fhógair Páirtí an Lucht Oibre agus Comhdháil Cheardchumann na hÉireann (ILPTUC) stailc ghinearálta mar agóid in aghaidh na “drochíde a bhí á tabhairt do phríosúnaigh pholaitiúla agus ag éileamh go scaoilfí saor iad gan aon choinníoll”. Chuir an 66 príosúnach poblachtach a bhí i gceist agus iad faoi ghlas i bPríosún Mhuinseo tús le stailc ocrais seachtain roimhe sin agus iad ag éileamh go dtabharfaí stádas príosúnaigh chogaidh dóibh nó go scaoilfí saor iad láithreach. Sna laethanta ina dhiaidh sin bhailigh sluaite taobh amuigh de Mhuinseo, cuid acu arbh oibrithe iad a shiúil amach óna gcuid oibre ar a gconlán féin le bheith ansin.

Bhí an stailc sin ag tacú leis na príosúnaigh phoblachtacha ar cheann den dá bheart shuntasacha a rinne gluaiseacht an lucht oibre sa troid ar son na saoirse in earrach agus samhradh na bliana 1920.

An beart eile, dhiúltaigh oibrithe an chórais iompair armlón nó ‘muinisean cogaidh’ a láimhseáil. Pléifear an dá bheart sin san alt seo.

Borradh faoi bhallraíocht agus muinín Pháirtí an Lucht Oibre

Buaileadh na ceardchumainn i bhFrithdhúnadh Mór 1913 agus bhí deacrachtaí acu freisin de bharr Éirí Amach 1916, ach ó 1917 ar aghaidh tháinig borradh faoin mballraíocht mar bhí lánfhostaíocht nach mór sa tír, bhí praghas maith ar bhia, agus an eacnamaíocht á rialú ag an rialtas. Faoin mbliain 1920, bhí breis is 100,000 ball ag Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann (ITGWU) i mbailte beaga agus móra na tíre. Ba é sin an ceardchumann ba mhó a bhí comhcheangailte leis an ILPTUC. Chuir an ceangal a bhí ag an gceardchumann sin leis an mairtíreach Séamus Ó Conghaile lena chuid údaráis agus ghlac ceannairí an ITGWU chucu a oidhreacht, go háirithe William O’Brien agus Cathal O’Shannon.

Bhí Páirtí an Lucht Oibre sách tábhachtach gur lorg Sinn Féin a dtacaíocht roimh olltoghchán 1918, agus gur iarradh ar cheannaire an ILPTUC, Tom Johnson, ‘Clár Oibre Poblacánaighe na Chéad Dála’ a scríobh. Thacaigh an ILPTUC le flaitheas na hÉireann agus chomhoibrigh siad le Sinn Féin. B’ionann an clár oibre a bhí acu féin agus ag gluaiseacht na poblachta ó thaobh tionscnaimh amhail an stailc in aghaidh an choinscríofa in Aibreán 1918, agus an stopadh ar son an fhéinchinntiúcháin Lá Bealtaine 1919. Rinne Páirtí an Lucht Oibre go han-mhaith as an gcomhoibriú idir an ITGWU agus Sinn Féin sna toghcháin áitiúla in Eanáir na bliana 1920.

Ag an tráth sin bhí glacadh sa tír leis an raidiciúlacht shóisialta agus ní raibh na póilíní feiceálach ná gníomhach agus d’éirigh pobal na n-oibrithe níos trodaí. Bhíodh stailceanna ar siúl go seasta agus ba mhinic a ghlac na hoibrithe seilbh ar an láthair oibre agus gur bhunaigh ‘sóivéidí’, mar a tugadh orthu. Agus impireachtaí seanbhunaithe á dtreascairt tar éis an chogaidh, bhí an chuma air nach raibh fál nach bhféadfaí a leagan ná beart nach bhféadfaí a dhéanamh. Mar a scríobh Pádraic Ó Conaire ag an am: ‘As an lucht oibre, as lucht na Boilséibhiceachta atá muinín ag an pobal i ngach tír leis an tsíocháin chaoin a thabhairt den Eoraip… agus le saol nua uasal a thógáil do na daoine a thiocfas inár ndiaidh.’

SRAITH NUA: Éire 1920 – ‘an cath dá riar’

Stailc ar son na bpríosúnach poblachtach

Chuaigh coistí lucht oibre i mbun gnímh go gasta nuair a sheol an ILPTUC teileagram chucu an 12 Aibreán 1920. Sampla amháin de sin is ea an slua mór a bhí i láthair ag cruinniú i Halla na Cathrach i nGaillimh an oíche sin mar ar vótáil siad ar son stailce. Bhunaigh toscairí ó gach ceardchumann Comhairle Oibrithe chun cúrsaí a riaradh go háitiúil fad a bheadh an stailc ar siúl. Tugadh cead do bhácúis agus siopaí grósaera oscailt ar feadh cúpla uair an chloig gach lá ach dúnadh tithe ósta. Cuireadh bearta i bhfeidhm ionas nach mbeadh daoine ag cruinniú nó ag carnadh bia agus bhí patróil ó na ceardchumainn ar na sráideanna.

Is amhlaidh a bhí an scéal i mbailte beaga agus móra ar fud na tíre seachas sna contaetha sin ar a dtabharfaí Tuaisceart Éireann go luath ina dhiaidh sin. Ba é seo a bhí le rá ag duine amháin  a chonaic an “córas sóivéadach” a bhí i bhfeidhm i gCill Mocheallóg i gContae Luimnigh: ‘Bhí múinteoir scoile ina shuí ag bord amháin agus é ag tabhairt ceadúnas aráin amach, ag bord eile bhí oifigeach ceardchumainn ag rialú soláthar an phlúir, ag an tríú bord fear iarnróid a bhí i mbun an ghuail agus ag an gceathrú bord, bhí cléireach uachtarlainne ag dáileadh ticéid ime.’ Dúradh sa Manchester Guardian, go raibh blas de ‘deachtóireacht na prólatáireachta ar ghnéithe áirithe den stailc’.

Mar fhreagra ar an dúshlán seo, thosaigh na húdaráis ag ullmhú chun stádas polaitiúil a thabhairt do na príosúnaigh. Ach thug an tacaíocht iontach a bhí faighte acu an-mhisneach do na príosúnaigh agus d’éiligh siad go scaoilfí saor iad. An 14 Aibreán, an dara lá den stailc ghinearálta, ghéill an rialtas go hiomlán, tugadh na stailceoirí ocrais go dtí Ospidéal an Mater agus scaoileadh saor as an gcarcair iad. D’fhógair an ILPTUC gur “bua iontach” a bhí ann don “dlúthpháirtíocht agus an íobairt a rinne lucht oibre na hÉireann go toilteanach” agus ordaíodh dá chuid ball filleadh ar a gcuid oibre. 

Baghcatáil ‘mhuinisean cogaidh’ 

I dtreo dheireadh na Bealtaine 1920, dhiúltaigh dugairí Bhaile Átha Cliath armlón nó muinisean a láimhseáil d’arm na Breataine in Éirinn agus iad á spreagadh ag feachtas ‘Hands off Russia’ a bhí ar bun sa Bhreatain.

Nuair a dhíluchtaigh na saighdiúirí féin an lastas de na longa baghcatáilte i nDún Laoghaire, thug na hoibrithe iarnróid iad féin faoin mbaghcat agus ní fada go raibh an baghcat i bhfeidhm ar na hiarnróid ar fud na tíre. Dhiúltaigh na hoibrithe trealamh ná pearsanra míleata a aistriú cé gur minic a bagraíodh orthu faoi bhéal gunna (mar a léiríodh i scannán Ken Loach The Wind that Shakes the Barley).

Ba iad na gnáthoibrithe a spreag agus a chuir chun cinn an baghcat agus ba go drogallach a thacaigh ceannaireacht an ILPTUC leis, agus fuair siadsan tacaíocht airgid ó Shinn Féin le cuidiú le cuid de na hoibrithe a d’íoc as a seasamh.  Chuir an baghcat as d’oibríocht fhórsaí na corónach in Éirinn i rith an tsamhraidh agus an fhómhair mar gurbh éigean dóibh taisteal ar an bóithre agus iad i mbaol luíocháin.

Chuir na húdaráis brú ar na comhlachtaí iarnróid agus tugadh polasaí isteach go gcaillfeadh aon oibrí a chuirfeadh an baghcat i bhfeidhm a phost. Bhí an córas iarnróid ina lánstad i gcuid mhór den tír agus chuir sin an-bhrú ar an ILPTUC, agus d’fhógair siad go gcuirfí deireadh ar fad leis an mbaghcat i mí na Nollag 1920.

SRAITH COMÓRTHA: Éire 1920 – Tomás Mac Curtáin agus teacht na nDúchrónach 

 

Bhí cúpla gné ag baint leis an ról a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre i gcogadh na saoirse. Bhí cosúlachtaí idir an stailc ar son na bpríosúnach poblachtach agus an stailc in aghaidh an choinscríofa i 1918, sa mhéid is gur cuid a bhí iontu den fheachtas a bhí forleathan i measc na náisiúnach in Éirinn, ach ba agóid arbh iad na gnáthoibrithe a chuir tús leis a bhí sa mbaghcat ar armlón na Breataine, rud a bhí fíor freisin faoi Shóivéid Luimnigh.

Bhí na hagóidí trodacha seo ag na gnáthbhaill dúshlánach go maith do cheannairí an ILPTUC. Cé go mb’fhéidir go mbídís scaití ag úsáid briathra James Connolly nó fiú briathra na mBoilséiveach féin, ní hionann agus baill áirithe dá gcuid, níor chreid O’Brien, O’Shannon agus Johnson gur moladh praiticiúil a bhí i bpoblacht oibrithe Connolly, ní áirím poblacht shóivéadach.

Ina ionad sin, bhíodar ag súil go n-éireodh leo ról fiúntach, fiú is nach ról ceannais a bheadh ann, a bhaint amach san ord a bheadh i réim i ndiaidh na réabhlóide.

Neosfadh an aimsir conas a d’éirigh leo.

Fág freagra ar 'Éire 1920 – Lucht saothair ag seasamh an fhóid'