SRAITH COMÓRTHA: Éire 1920 – Tomás Mac Curtáin agus teacht na nDúchrónach 

Cogadh, conspóid agus cuimhneachán: Sa tsraith nua le Tuairisc.ie i gcomhar leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh tabharfaidh staraithe éagsúla léargas ar scéala Éireann i mbliain chinniúnach 1920

SRAITH COMÓRTHA: Éire 1920 – Tomás Mac Curtáin agus teacht na nDúchrónach 

Tá Tomás Mac Curtáin á thabhairt chun cuimhne ar bhonn náisiúnta arís mar gheall ar an gconspóid faoi chomóradh a dhéanamh ar an RIC agus mar gheall ar gheansaí CLG Chorcaí a bheith ina onóir. Mhair a ainm ar aon chaoi mar gheall ar chumann CLG i Londain agus sráid i gCorcaigh chomh maith le cuimhní na bpoblachtánach. Ach,  cérbh é féin agus céard a tharla dó?

Deireanach san oíche ar an 19 Márta 1920 chuaigh an tArd-Mhéara nuathofa, Mac Curtáin, chuig a leaba ina theach ar Shráid Thomás Dáibhis i gcathair Chorcaí. Lá arna mhárach a bhreithlá. Bhí níos mó ná brú aoise ag luí air. Ceannfort briogáide in Óglaigh na hÉireann a bhí ann ach bhí fir chrua laistigh den IRA i gcathair Chorcaí a bhí níos fuarchúisí agus níos tugtha don treallchogaíocht ná mar a bhí sé féin agus é deacair smacht a choinneáil orthu.

Bhí an Constábla Joseph Murtagh díreach caite acu. D’fhág seisean clann ag caoineadh mar a dhéanfadh Mac Curtáin féin go luath ina dhiaidh sin. Chuir marú Murtagh as do Mhac Curtáin agus bhí imní air faoi fhreagra na Corónach.

Fad is a bhí sé seo uilig ag tarlú bhí Fórsaí na Corónach ag argóint faoi Mhac Curtáin féin. Bhí an tArm cinnte go raibh baint aige le hionsaí ar Ionadaí an Rí i mBaile Átha Cliath. Shéan an RIC áitiúil é sin ag rá nach bhféadfadh sé a bheith i láthair ag an ionsaí. Spíodóir cumasach a chuir ar an eolas iad, a dúirt na hOifigigh Mhíleata. Níor bhain Mac Curtáin leis na gunnadóirí a dúirt an RIC. Pé scéal é chinn an t-arm é a ghabháil. Go gairid tar éis a haon a chlog maidin an fichiú lá rinneadh ionsaí air ina theach cónaithe. Tharla sé díreach roimh theacht an airm. Glactar leis go raibh baill den RIC áitiúil lárnach sa ruathar marfach, ruathar a raibh cuma an eolais agus na pleanála air. Caitheadh Mac Curtáin as éadan. Scaoil na hionsaitheoirí leis an teach freisin in ainneoin lán tí páistí a bheith laistigh.

Bhain an Stát Briotanach úsáid as scéalta difriúla le cur síos a dhéanamh ar eachtraí inar mharaigh a bhfórsaí daoine. Ins an gcás seo tugadh le fios gurbh iad gunnadóirí fuarchúiseacha an IRA a mharaigh Mac Curtáin agus iad ag breathnú air mar dhris chosáin rompu. Seachas iad siúd ba dhílse don Bhreatain níl an chosúlacht ar an scéal gur chreid mórán leagan sin an stáit.

Ar an RIC agus ar cheannasaíocht na Breataine a buaileadh milleán na bpoblachtánach. Éireannaigh, seanbhaill den RIC a bhí iontu siúd a bhí freagrach, creideadh, agus d’íocadar éiric fola. Leanadh duine díobh, an Cigire Ceantair Oswald Swanzy, go Lios na gCearrbhach agus caitheadh é. Lean círéib fhrithChaitliceach a bhás agus díbríodh Caitlicigh an bhaile ina sluaite. Óglach a thaistil aníos as Corcaigh le gunna Mhic Curtáin a chaith Swanzy. Níorbh é Swanzy an t-aon phóilín a ionsaíodh mar dhíoltas ar Mhac  Curtáin ach an oiread.

Chreid poblachtánaigh go raibh trí chineál iompar marfach ar siúl i measc Fhórsaí na Corónach: 1. Fiántas 2. Ionsaí díoltais áitiúil 3. Marú a bhí á threorú ag an leibhéal náisiúnta.

Ins an gcás seo chreid poblachtánaigh shinsearacha a d’fhiosraigh an cás go raibh baint ag níos mó ná oifigigh áitiúla an RIC leis an marú agus go raibh lámh shinsearach ar an halmadóir. Chiallódh sin go raibh níos mó i gceist ná díoltas as marú an Chonstábla Murtagh. Oifigigh mhíleata na fir rúndiamhra seo a bhí ar an stiúir. Creideadh go raibh lámh ag roinnt díobh siúd i marú James McCarthy agus Thomas Dwyer i gceantar Dhurlas Éile. Ba go gairid tar éis mharú Mhic Curtáin a caitheadh an bheirt sin.

Bhí daoine sinsearacha i Rialtas na Breataine agus i bhFórsaí na Corónach a bhí sásta an dlí a bhriseadh agus iad siúd a bhris an dlí a chosaint. Bhí cúiseanna difriúla acu: comhbhá le fir a bhí faoi bhrú síoraí, ciníochas, seicteachas, easpa tuisceana, alltacht faoi mhodhanna oibre an IRA, dílseacht don Impireacht, easpa muiníne faoin smacht a bhí acu ar a gcuid fear féin. Caithfear teacht na nDúchrónach agus na bPóilíní Cúnta agus a n-iompar a lua sa gcomhthéacs sin. Ach, ní ceart chuile mhilleán a chur ar dhaoine as an mBreatain faoi ionsaithe ar an bpobal nó ar phoblachtánaigh ach oiread. Bhí eolas áitiúil ag teastáil le spriocanna na n-ionsaithe a roghnú agus bhí seanbhaill den RIC, nó Éireannaigh eile, ar roinnt den dream ba lú trócaire.

Ba mhinic go raibh stádas ag an té a mharaigh ball d’Fhórsaí na Corónach ina phobal féin. Lean Ardmhéara agus iar-ardmhéara Luimnigh Tomás Mac Curtáin isteach i gcré na cille i 1921. Maraíodh sagairt i nGaillimh agus i gCorcaigh. Fiú mura raibh mórán díobh siúd a ionsaíodh chomh so-aitheanta leosan, ba mhinic gur daoine iad a raibh ainm in airde orthu i réimse éigin eile seachas mar phoblachtánach amháin – bíodh sin mar pholaiteoir, mar Chonraitheoir Gaeilge, nó mar fhear gnó.

Ní mór do lucht na staire imeacht ón smaoineamh gur ionsaithe díoltais a bhí i ‘reprisals’ Fhórsaí na Corónach a rinneadh as olc a bheith orthu faoi iompar an IRA ina gceantracha féin. Is róshimplí í an insint sin ar an méid a tharla. Uaireanta ba é iompar Fhórsaí na Corónach a spreag foréigean poblachtánach nó fiú a spreag duine le dul le gluaiseacht na poblachta. Dhá fheachtas a bhí comhthreomhar, a rinne teagmháil lena chéile go minic, a bhí i bhfeachtais ghunnadóirí Fhórsaí na Corónach agus an IRA. Ní ceart eachtraí a cheangal  lena chéile mar gheall gur tharla siad díreach i ndiaidh a chéile, mar a tharlaíonn le bás Mhic Curtáin agus Murtagh.

Arbh é an bleachtaire sna Gardaí, John Roche, an t-íobartach deireanach a bhain leis an eachtra seo? Caitheadh agus maraíodh é i 1940 nuair a rinne sé iarracht Tomás Óg Mac Curtáin a ghabháil. Oifigeach sinsearach san IRA a bhí i Mac Curtáin Óg agus daoradh chun báis é. Bhí drogall ar Fhianna Fáil mac an mhairtírigh a chur chun báis. Athraíodh pionós an bháis go téarma saoil sa bpríosún.

I 1948 chaill Fianna Fáil olltoghchán. Chuaigh Fine Gael agus Clann na Poblachta, i mbun rialtais. Thart ar thríocha bliain roimhe sin bhí ceannaire Fhine Gael, Richard Mulcahy, ina cheann foirne ar an IRA. Faoi dheireadh na 1930idí, bhí ceannaire Chlann na Poblachta, Seán MacBride, ina cheann foirne ar an IRA.  In ainneoin difríochtaí a bheith eatarthu maidir le polasaí agus a ndearcadh ar an gCogadh Cathartha leag siad amach clár rialtais.

Ceann de na rudaí a rinne an rialtas sin ná Tomás Óg Mac Curtáin agus daoine eile ón IRA a scaoileadh saor.

Fág freagra ar 'SRAITH COMÓRTHA: Éire 1920 – Tomás Mac Curtáin agus teacht na nDúchrónach '

  • Emer

    Ambaist ach nach minic a chuala mise faoin mbás seo agus mé ag fás aníos. Táid ann nach bhfuil morán ar eolas acu faoi Mac Curtáin ach go bhfios dom tá ceangal á dhéanamh agat lena bhás agus teacht na nDúchrónach ach b’iad an RIC a bhí luaite i gcónaí le marú Mhic Churtáin. Cé go raibh m’athair féin mór leo…maireann a chuimhne agus cuimhne a mhic im’cheannse braithim nár cheart an dá dhream a bheith luaite ar an aon leac amháin.

  • Seán Mag Leannáin

    “Arbh é an bleachtaire sna Gardaí, John Roche, an t-íobartach deireanach a bhain leis an eachtra seo? Caitheadh agus maraíodh é i 1940 nuair a rinne sé iarracht Tomás Óg Mac Curtáin a ghabháil. Oifigeach sinsearach san IRA a bhí i Mac Curtáin Óg agus daoradh chun báis é. Bhí drogall ar Fhianna Fáil mac an mhairtírigh a chur chun báis. Athraíodh pionós an bháis go téarma saoil sa bpríosún.” Iarfhocal an-spéisiúil.