Conradh na Gaeilge sásta lena gcruinniú ‘dearfach’ leis an Taoiseach faoi ‘chothrom na Féinne’ a thabhairt don Ghaeilge

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuair siad ‘éisteacht mhaith’ ó Leo Varadkar ag an gcéad chruinniú a bhí acu le Taoiseach na tíre ó bhí Brian Cowen san oifig sin

Conradh na Gaeilge sásta lena gcruinniú ‘dearfach’ leis an Taoiseach faoi ‘chothrom na Féinne’ a thabhairt don Ghaeilge

Bhí a gcéad chruinniú le fada ag Conradh na Gaeilge le Taoiseach na tíre an tseachtain seo agus iad “an-sásta” leis an “éisteacht mhaith” a thug Leo Varadkar dá n-éilimh faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Ba é seo an chéad chruinniú a bhí ag an eagraíocht teanga le Taoiseach na tíre ó bhí Brian Cowen san oifig sin, toisc nár éirigh le haon cheann de na hiarratais a rinne siad ar chruinniú le Enda Kenny le linn dó siúd a bheith i bhfeighil na tíre.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur chruinniú “dearfach” a bhí ann inar tugadh “éisteacht mhaith” dá n-éileamh  ar “chothrom na Féinne don Ghaeilge agus don Ghaeltacht”.

“Bhí comhrá againn faoin éagothromaíocht atá ann, agus atá tar éis a bheith ann le roinnt blianta anuas, i dtaca le maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta,” a dúirt de Spáinn.

I measc na bhfigiúirí a cuireadh os comhair an Taoisigh le linn an chruinnithe, bhí an titim os cionn 70% a tháinig ar mhaoiniú caipitil Údarás na Gaeltachta in imeacht deich mbliana, an ciorrú 5% a rinneadh ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge le trí bliana anuas i gcomparáid leis an ardú 20% a tháinig ar mhaoiniú na Comhairle Ealaíon sa tréimhse chéanna sin, agus figiúirí eile a léiríonn nach dtéann ach breis agus 1% den mhaoiniú a chuireann an Crannchur Náisiúnta ar fáil don státchiste i dtreo na Gaeilge.

Tá an t-airgead breise atá á lorg ag Conradh na Gaeilge d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge ar Phlean Infheistíochta na heagraíochta a foilsíodh in 2015.

Ar na hábhair eile a pléadh ag an chruinniú bhí an Bille Teanga nua a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus stádas na Gaeilge ar chomharthaí bóthair na tíre.

Dúirt de Spáinn gur ábhair iad sin ar fad “ar léirigh an Taoiseach tuiscint orthu agus spéis iontu”.

Maidir leis an bhille teanga, leag toscaireacht an Chonartha béim ar an ngá, dar leo, go luafaí spriocdháta cinnte leis an ghealltanas sa dréachtreachtaíocht go mbeadh 20% de státseirbhísigh ina gcainteoirí líofa Gaeilge amach anseo.

In 2013, le linn dó a bheith ina aire iompair d’ordaigh Leo Varadkar don Údarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) tús a chur le crochadh comharthaí nua a thabharfadh an stádas céanna don Ghaeilge agus don Bhéarla, ach chuir Paschal Donohoe, an té a tháinig i gcomharbacht air san aireacht iompair, an t-ordú sin ar ceal.

Thug an Taoiseach le fios do Tuairisc.ie anuraidh, áfach, go mbeadh ceist na Gaeilge agus na gcomharthaí ar an gclár oibre aige athuair mar Thaoiseach.

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha gur “deis thábhachtach” a bhí i gcruinniú na hoíche aréir “na héilimh atá ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur os comhair lucht na gcinntí”.

“Ní athróidh aon rud mar gheall ar aon chruinniú amháin. Is próiseas leanúnach atá ann chun ár n-éilimh agus na fáthanna a bhfuil gá le hinfheistiú sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht a chur chun cinn,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge .

Dúirt de Spáinn go mbeidh sé i dteagmháil arís le hOifig Roinn an Taoisigh agus go mbeidh measúnú á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge ar Phlean Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, atá le seoladh Dé hAoine in Amharclann Ghaoth Dobhair. Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go gcaithfí na hacmhainní cuí a chur ar fáil chun an plean nua a chur i bhfeidhm. 

De réir taighde a rinne an grúpa Teacht Aniar le déanaí, ní ‘fíormhéadú’ atá i gceist leis an mbuiséad atá geallta don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus do na hoileáin sa Phlean Forbartha Náisiúnta.

De réir na tuarascála a rinne an t-eacnamaí Seán Byrne do Teacht Aniar, bhí an buiséad caipitil a bhí ag Roinn na Gaeltachta a dhá oiread níos mó le linn na tréimhse 20 bliain idir 2006-2017 ná mar atá an buiséad atá geallta dóibh don tréimhse 10 mbliana amach romhainn.

De réir An Plean Forbartha Náisiúnta agus an Ghaeltacht 2018-2027, ní bhainfear amach an leibhéal caiteachais a bhí á dhéanamh ar chúrsaí Gaeltachta in 2008 faoin mbliain 2028 fiú.

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge sásta lena gcruinniú ‘dearfach’ leis an Taoiseach faoi ‘chothrom na Féinne’ a thabhairt don Ghaeilge'

  • Pól Ó Braoin

    Níl aon chíos ar an gcaint.