Dúshlán roimh pholaiteoirí na hEorpa atá ag iarraidh ‘an lár’ a chosaint

Beidh toghchán san Ungáir go luath a thabharfaidh leide eile dúinn faoin tacaíocht atá ag daoine a bhfuil tuairimí frithimirceach agus dúnárasacha i leith a dtíre acu

Dúshlán roimh pholaiteoirí na hEorpa atá ag iarraidh ‘an lár’ a chosaint

‘Things fall apart; the centre cannot hold.’

Sa líne cháiliúil sin ón dán ‘The Second Coming’ ó 1919 déanann an file a mhachnamh ar chúrsaí san Eoraip tar éis an chéad chogaidh dhomhanda agus in Éirinn le linn chogadh na saoirse. Úsáideann polaiteoirí na linne seo an líne le hachainí a dhéanamh ar phobal an lae inniu gan cead a thabhairt don pholaitíocht druidim i dtreo na n-eití níos faide amach, deas ná clé. Go deimhin, rinneadh impí ar vótóirí na tíre seo le linn an olltoghcháin in 2025 gan géilleadh don eite dheis san olltoghchán.

Níor éirigh leis an eite dheis anseo san olltoghchán ach tá siad ag déanamh dul chun cinn de réir a chéile sa Ghearmáin, san Iodáil agus sa Spáinn. I dtoghcháin áitiúla na Fraince le gairid níor éirigh leo an oiread dul chun cinn a dhéanamh agus a síleadh a dhéanfaidís. Is nós leis na Francaigh le tamall anois vóta ard a thabhairt don Rassemblement National sa chéad bhabhta toghchánaíochta ach comhghuaillíocht a dhéanamh le cumhacht a cheilt orthu sa dara babhta. An ndéanfaidh siad amhlaidh sa toghchán uachtaránachta an bhliain seo chugainn?

Is fada anois Nigel Farage ina bhagairt do pholaitíocht na Breataine agus an dá phríomhpháirtí ag faire cén bealach is fearr le hiad féin a chosaint ar bhorradh Reform. Beidh an scéal níos casta arís tar éis thoghcháin na Bealtaine má éiríonn le Reform iad féin a chur i lár an aonaigh in Albain agus sa Bhreatain Bheag, áiteanna nach mbíodh tacaíocht láidir ag a leithéid go traidisiúnta.

Beidh toghchán san Ungáir go luath freisin a thabharfaidh leide eile dúinn faoin tacaíocht atá ag daoine a bhfuil tuairimí frithimirceach agus dúnárasacha i leith a dtíre acu. Ar an 12 Aibreán a bheidh an toghchán san Ungáir, an ceann is cinniúnaí san Aontas Eorpach i mbliana, dar le tráchtairí. Tá an tAontas amhrasach faoi rialtas na hUngáire le fada an lá agus olc orthu faoina laghad dul chun cinn atá á dhéanamh ar cheisteanna ar leith a bhaineann le himirce agus smachtbhannaí in aghaidh na Rúise.

Eascraíonn an éiginnteacht agus an chorraíl ar fad ó mheon MAGA an Uachtaráin Trump. Tá seisean ag maíomh go bhfuil sé ag cur na Stát Aontaithe chun cinn ar gach tír eile ar domhan agus é ag cur cogaidh ar thíortha sa Meánoirthear nach mbaineann dó ar chor ar bith. Cén t-iontas go bhfuil mearbhall ar phobal na Stát Aontaithe agus go leor eile nach iad?

Meas tú nach bhfuil fírinne ar leith ag baint le dán Yeats faoi láthair, agus leis an tuar go bhfuil tréimhse chorrach i ndán don domhan. Tá an chosúlacht ar an scéal, go deimhin, go bhfuil muid i lár na tréimhse sin cheana féin agus go bhfuil obair le déanamh ag polaiteoirí lena chinntiú go gcaomhnófar an lár nó ar a laghad go dtugtar éisteacht dó.

Fág freagra ar 'Dúshlán roimh pholaiteoirí na hEorpa atá ag iarraidh ‘an lár’ a chosaint'