Plean Gníomhaíochta cúig bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge le seoladh in Amharclann Ghaoth Dobhair an tseachtain seo chugainn

Tá an plean nua á chur faoi bhráid an Rialtais Dé Máirt seo chugainn agus cuirfear faoi bhráid Choiste Comhairleach na Straitéise 20 Bliain ina dhiaidh sin é

Plean Gníomhaíochta cúig bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge le seoladh in Amharclann Ghaoth Dobhair an tseachtain seo chugainn

Seolfar Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge seachtain is an lá amárach in Amharclann Ghaoth Dobhair.

Tá an plean nua á chur faoi bhráid an Rialtais Dé Máirt seo chugainn agus cuirfear faoi bhráid Choiste Comhairleach na Straitéise 20 Bliain ina dhiaidh sin é.

Mí Iúil na bliana seo caite an chéad sprioc a luadh leis an bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana 2018-2023.

Ba leis an Roinn Oideachais agus an Roinn Leanaí is mó a bhí Roinn na Gaeltachta i mbun plé faoin bplean trasrannach nua agus meastar gurb iad an dá roinn sin is tábhachtaí sa phlean.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo le déanaí beidh straitéis nua i dtaobh earnáil luathoideachas Gaeilge na tíre i measc na mbeartas a fhógrófar sa phlean nua.

Ní mó ná sásta atáthar le tamall leis an easpa dul chun cinn atá á dhéanamh i dtaobh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus beifear ag súil dá réir go mbeidh spriocanna cinnte sa phlean nua agus spriocdhátaí luaite leo.

amhras mór léirithe ag idir shaineolaithe agus pholaiteoirí an fhreasúra faoi chur chuige an Rialtais i leith na Straitéise 20 Bliain go dtí seo.

In 2014, d’admhaigh Roinn na Gaeltachta féin go raibh a raibh i ndán don Straitéis idir dhá cheann na meá.

Is in Amharclann Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall maidin dé hAoine seo chugainn, an 29 Meitheamh, a sheolfaidh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh Plean Gníomhaíochta 2018-2023 na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

 

Fág freagra ar 'Plean Gníomhaíochta cúig bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge le seoladh in Amharclann Ghaoth Dobhair an tseachtain seo chugainn'