Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain le cur faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo chugainn

Foilseoidh Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán a dtuarascáil faoi reachtaíocht leasaithe Acht na dTeangacha Oifgiúla an lá céanna a bhfuil sé i gceist Plean Gníomhaíochta nua Roinn na Gaeltachta a chur faoi bhráid an Rialtais

Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain le cur faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo chugainn

Tá sé i gceist anois an Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a chur bhí faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo chugainn.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios sa Dáil le déanaí go bpléifí an plean ag an gcruinniú Rialtais atá ar siúl inniu, ach cruinniú na Máirt seo chugainn atá á lua anois leis.

Idir an dá linn is Dé Máirt seo chugainn chomh maith a fhoilseoidh Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán a dtuarascáil faoin reachtaíocht nua a bhfuil fúithi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Ar Theach Laighean a bheidh aird na n-eagraíochtaí teanga mar sin an tseachtain seo chugainn agus dhá cháipéis á bhfoilsiú a bhfuil baint acu le dhá cheann de phríomhbheartais an Stáit i leith na teanga – an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Ní mó ná sásta atáthar le tamall leis an easpa dul chun cinn atá á dhéanamh i dtaobh na Straitéise agus an Achta agus beifear ag súil dá réir go léireoidh an Rialtas sna seachtainí amach romhainn go bhfuiltear dáiríre faoi ghníomh láidir a dhéanamh sa dá réimse.

Tá amhras mór léirithe ag idir shaineolaithe agus pholaiteoirí an fhreasúra faoi chur chuige an Rialtais i leith na Straitéise 20 Bliain.

In 2014, d’admhaigh Roinn na Gaeltachta féin go raibh a raibh i ndán don Straitéis idir dhá cheann na meá.

San aighneacht réamhbhuiséid a chuir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi bhráid an Rialtais i bhfómhar na bliana sin, dúradh go raibh an Straitéis ag ‘pointe leochaileach’ agus tugadh le fios go raibh an baol ann go gceapfadh pobal na Gaeltachta nach bhfuil an Stát ‘dáiríre’ nó ‘macánta’ faoin teanga dá bharr.

Mhaígh an sochtheangeolaí aitheanta Seosamh Mac Donnacha le déanaí nach raibh feidhm ar bith le haon chuid den struchtúr a bhí in ainm is an Straitéis a chur i gcrích.

Dar le húdar an taighde a rinneadh don chlár cúrsaí reatha 7Lá gur “léir anois nach bhfeictear an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar thosaíocht ag an Rialtas reatha”.

Dúirt Mac Donnacha go raibh cúram na Straitéise fágtha “ar aire sóisearach agus ar fhoireann meánbhainistíochta na roinne” agus nach bhfeictear anois í “mar thosaíocht” fiú laistigh den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta féin.

Dar le húdair an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011 gurbh ionann cloí leis na polasaithe atá i bhfeidhm faoi láthair agus “glacadh” le “dul i léig” na Gaeilge sa Ghaeltacht.

“Tá forálacha Gaeltachta na Straitéise agus an Achta [Acht na Gaeltachta 2012] róleamh ó thaobh físe de, ró-lagbhríoch ó thaobh na ceannaireachta de, ró-thrína chéile ó thaobh straitéise de, rósheachantach ó thaobh a gcuid aidhmeanna de, agus rósheachmallach ó thaobh buntuiscintí de, le tionchar dearfach a imirt astu féin ar chúinsí reatha na Gaeltachta,” a dúirt Conchúr Ó Giollagáin agus Martin Charlton sa Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach.

Mí Iúil na bliana seo caite an chéad sprioc a luadh leis an bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Ba leis na Ranna Oideachais agus Leanaí is mó a bhí Roinn na Gaeltachta i mbun plé faoin bplean nua agus meastar gurb iad an dá roinn sin is tábhachtaí sa phlean nua.

Cuirfear an plean nua faoi bhráid Choiste Comhairleach na Straitéise 20 Bliain ach beannacht an Rialtais a bheith faighte aige. Foilseofar an plean go gairid ina dhiaidh sin.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios cheana go mbeidh beartais nua sa phlean maidir le córas réamhscolaíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Nuair a fógraíodh an Plean Gníomhaíochta dúradh go mbeadh sé bunaithe ar na tuairimí agus na moltaí atá ar fáil i dtuairisc Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi dhearcadh an phobail i leith na Straitéise 20 Bliain.

Luadh easpa muiníne an phobail i struchtúir na Straitéise go coitianta sa tuairisc sin a chuir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i dtoll a chéile do Roinn na Gaeltachta.

Bhí moltaí maidir leis na tosaíochtaí don Straitéis sa tréimhse amach romhainn le fáil i dtuairisc an Acadaimh chomh maith.

Tuairiscíodh i gcáipéis an Acadaimh gur tugadh le fios i roinnt de na haighneachtaí faoin straitéis a cuireadh faoi bhráid na Roinne gur “constaic shuntasach” ar chur i bhfeidhm na straitéise an “easpa maoirseachta agus tuairiscithe” a bhaineann leis an gcúram.

Tugadh le fios sna haighneachtaí céanna go bhfuil “doiléire” i measc an phobail maidir le feidhmiú na straitéise.

Maíodh chomh maith nach léir don phobal go bhfuil “ionadaíocht” acu féin i “struchtúir” na Straitéise.

Moladh sa tuarascáil go gcuimseodh an córas tuairiscithe “beartais atá curtha i gcrích, dul chun cinn ar spriocanna eile, an obair reatha agus spriocanna gnímh don ghearrthréimhse, don mheántréimhse agus don fhadtréimhse”.

Moladh chomh maith go mbeadh “amscála soiléir agus sprioc ama luaite le gach gníomh”.

Maidir leis an leasú atá le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, táthar ag súil go bhfoilseofar an dréachtreachtaíocht sin roimh shos an tsamhraidh i dTeach Laighean, cé go meastar gur sa bhfómhar a dhéanfar an bille nua a phlé.

Deirtear i gceannteidil an Bhille Teanga go gcinnteofaí go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí amach anseo, ach níl sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta go luafaí aon spriocdháta leis an aidhm sin, mar atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge agus polaiteoirí an fhreasúra.

Meastar go molfar i dtuarascáil Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta a fhoilseofar Dé Máirt seo chugainn go gcuirfí spriocdháta cinnte leis an ngealltanas faoi chúrsaí earcaíochta.

Fág freagra ar 'Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain le cur faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo chugainn'

  • Mánus

    Cén slat tomhais a bheidh acu chun an 20% le Gaeilge a aimsiú? Jóc atá san Ardteist Ghaeilge. TEG ag leibhéal C1 a theastódh.