Straitéis nua náisiúnta i dtaobh earnáil luathoideachas na Gaeilge aontaithe

Tuigtear go bhfógrófar beartas nua i dtaobh chóras luathoideachas na Gaeilge mar chuid den Phlean Gníomhaíochta Nua don Straitéis 20 Bliain atá le cur faoi bhráid an Rialtais Dé Máirt seo chugainn

Straitéis nua náisiúnta i dtaobh earnáil luathoideachas na Gaeilge aontaithe

Tá straitéis nua i dtaobh earnáil luathoideachas Gaeilge na tíre aontaithe ag trí roinn rialtais chun tacú le naíonraí ar fud na tíre oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil.

Tuigtear go bhfógrófar an beartas nua seo mar chuid den Phlean Gníomhaíochta Nua don Straitéis 20 Bliain atá le cur faoi bhráid  an Rialtais Dé Máirt seo chugainn.

Bhí an Plean Gníomhaíochta le cur faoi bhráid an Rialtais ag an gcruinniú atá ar siúl inniu acu, ach tuigtear gur an tseachtain seo chugainn anois a dhéanfar amhlaidh. Tá sé i gceist an plean a fhoilsiú agus a sheoladh go gairid ina dhiaidh sin.

Tá beartais éagsúla sa Phlean Gníomhaíochta nua mar gheall ar an luathoideachas Gaeltachta, ach tá beartas eile ann a chuirfidh clár tacaíochta nua ar fáil d’fhorbairt earnáil an luathoideachais lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Is iad an Roinn Leanaí, an Roinn Oideachais agus Roinn na Gaeltachta a chuir an plean nua don luathoideachas Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i dtoll a chéile.

Dheimhnigh an tAire Stáit sa Roinn Oideachais agus Scileanna John Halligan le déanaí go raibh beartais nua á n-ullmhú “relating to the provision of appropriate education and training to support Irish medium provision for all naíonraí”.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfógrófar an straitéis nua mar chuid den Phlean Gníomhaíochta cúig bliana atá le seoladh go luath ag Roinn na Gaeltachta.

Faoin straitéis nua i dtaobh an luathoideachais Ghaeilge, cuirfear tacaíocht bhreise ar fáil do gach naíonra lasmuigh den Ghaeltacht agus tacófar chomh maith le bunú naíonraí nua.

Tabharfar €270,000 in aghaidh na bliana do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta idir 2018-2020 chun “leathnú” a dhéanamh “ar an raon tacaíochtaí” a chuireann an eagraíocht sin ar fáil.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le déanaí go bhfuil breis is €810,000 le caitheamh as seo go ceann trí bliana mar thacaíocht bhreise don earnáil luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht.

D’fhógair an tAire Stáit Joe McHugh chomh maith go mbeadh an t-uasleibhéal cúnaimh a bheidh ar fáil faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid na Roinne, i leith áiseanna san earnáil luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht, á ardú ó 80% go dtí 95%.

Idir an dá linn, inniu a fhoilseoidh Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán a dtuarascáil faoin reachtaíocht nua a bhfuil fúithi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Deirtear i gceannteidil an Bhille Teanga go gcinnteofaí go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí amach anseo, ach tá amhras ann faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh aon spriocdháta leis an aidhm sin, mar atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge agus polaiteoirí an fhreasúra.

Meastar go molfar i dtuarascáil Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go gcuirfí spriocdháta cinnte leis an ngealltanas faoi chúrsaí earcaíochta.

Fág freagra ar 'Straitéis nua náisiúnta i dtaobh earnáil luathoideachas na Gaeilge aontaithe'

  • Puililiú!

    Is léir go bhfuil athruithe móra ag teastáil má tá i ndán agus go mbeidh an córas oideachais in ann freastal ar riachtanais phobal na Gaeltachta agus ar riachtanais na nGael sa chuid eile den Stát – agus ní hionann an dá riachtanas. I mbeagán focal, córas oideachais naisiúnta a bhunú arbh fhiú an t-ainm sin é.

    Tá na straitéisí, na pleananna gníomhaíochta agus na polasaithe nua oideachais seo etc. ag teacht chun cinn thall agus abhus agus anois agus arís.

    Ach dáiríre theastódh creatphlean i dtús báire. Leagfaí amach sa chreatphlean sin cad is gá a dhéanamh ar gach leibhéal (ón naíonra go dtí an ollscoil), cé na struchtúir tacaíochta a theastaíonn (siollabas, teagasc, bonneagar, oiliúint múinteoirí, ábhar tacaíochta (téacsleabhair, físábhar, aipeanna, scéimeanna etc), cén scála ama a bheadh i gceist. Agus thabharfaí feidhm le dlí don chreatphlean.

    Is ansin a chuirfí na pleananna gníomhaíochta etc. le chéile – mar mhíreanna chun an creatphlean a chur i gcrích.

    Faraor níl aon chuid den phleanáil sin ar siúl. Níl sí ar siúl mar nach bhfuil aon fhís ag an muintir a bhfuil an chumhacht acu. Sin nó níl aon áit ag an nGaeilge in cibé todhchaí iar-Ghaelach, iar-Éireannach, nua-liobrálach, angla-dhomhanda a bhfuil siad ag sleabhcaíl agus ag snámhaíl ionsair – sea, agus ár dtarraingt uilig ionsair.