Tá 70 eagraíocht Ghaeilge ag éileamh ar pháirtithe polaitiúla geallúint réamhthoghcháin a thabhairt go gceapfaidís Aire Sinsearach Gaeltachta agus go mbunóidís comhchoiste oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
I bplean infheistíochta atá seolta ag Conradh na Gaeilge inniu, agus a bhfuil tacaíocht faighte aige ó 70 eagraíocht eile, éilítear go gcuirfeadh an Rialtas ó thuaidh agus ó dheas €11 milliún breise sa bhliain ar fáil d’Fhoras na Gaeilge.
Éilítear ar an Rialtas ó dheas €7 milliún breise sa bhliain a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta. Seoladh an plean an i dTeach an Ard-Mhéara ag am lóin inniu.
Deirtear sa cháipéis, Infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht ó 2016 ar aghaidh, go bhfuil an Foras agus an tÚdarás ar aon fhocal gur €18 milliún breise atá ag teastáil i réimse na Gaeilge agus na Gaeltachta. Dar leis an gConradh gurb é seo an chéad uair riamh ag an dá eagraíocht sin éileamh réamhbhuiséid mar seo a aontú le chéile.
Dar leis an gConradh gur gá go mbeadh Aire Sinsearach ag Bord an Rialtais a mbeadh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air chun feidhm a thabhairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; tabhairt faoin ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht; an reachtaíocht teanga a láidriú; cás na Gaeilge a phlé le hairí sinsearacha eile; agus dóthain maoinithe a fháil chun a chaitheamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht.
Maíonn an Conradh go bhfuil gá le comhchoiste oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht chun maoirseacht a dhéanamh ar Straitéis 20 Bliain na Gaeilge agus ar chur chuige an státchórais trí chéile i leith na teanga.
Moltar go ndéanfadh an comhchoiste scrúdú ar an reachtaíocht a chuirtear os comhair Thithe an Oireachtais lena chinntiú go dtugtar cosaint mar is cóir don Ghaeilge agus don Ghaeltacht inti. Chuirfeadh an comhchoiste fiosrúcháin ar bun chomh maith chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta, a deirtear.
Maidir leis an éileamh atá á dhéanamh ag an eagraíocht ar mhaoiniú breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, maíonn an Conradh go bhfuil fianaise go leor ann ó shuirbhéanna éagsúla go bhfuil formhór an phobail ar son chur chun cinn na teanga agus ar son tacaíocht bhreise a thabhairt di.
Deirtear go bhfuil an maoiniú atá á éileamh ag an gConradh don bhliain seo chugainn €5m níos lú ná an maoiniú a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa bhliain 2008. Tháinig laghdú ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge agus ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ó €45 milliún sa bhliain 2008 go dtí €22 milliún i mbliana.
Maítear go gcruthófaí 1,160 post nua ach an maoiniú breise atá á lorg a cheadú. Maítear chomh maith go mbeadh dea-thionchar ag an infheistíocht bhreise ar an ngeilleagar ó thuaidh agus ó dheas.
Meabhraítear sa cháipéis, Infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht ó 2016 ar aghaidh, gur tháinig méadú suntasach idir na blianta 2001 agus 2013 ar líon na ndaoine a chreideann nach bhfuil dótháin á déanamh ag an Rialtas ar son na Gaeilge.
I dtuarascáil a d’fhoilsigh an ESRI níos luaithe i mbliana, thug 37% den phobal ó dheas agus 29% den phobal ó thuaidh le fios go gcreideann siad nach ndéanann an Rialtas “go leor” ar son na Gaeilge.
Ba mhéadú suntasach é sin ar líon na ndaoine a mheas nach raibh dóthain á déanamh ag an Rialtas ar son na teanga i 2001, an bhliain dheireanach a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge a leithéid de shuirbhé.
Sa cháipéis a seoladh ar maidin, deirtear go mbeidh idir €1.2 agus €1.5 billiún breise le caitheamh ag an Rialtas i 2016 agus gurb ionann an €18 milliún breise atá á lorg ag Conradh na Gaeilge agus idir 1.2% agus 1.5% den méid sin.
Luaitear scata ‘sprioc-scéimeanna’ sa cháipéis agus deirtear go bhfuil siad ‘ar aon dul leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge’. Ina measc, tá scéim na Limistéar Pleanála Teanga. €200,000 a chuireann Údarás na Gaeltachta ar fáil chun tacú leis an scéim seo. €1.5 milliún breise atá á lorg ag Conradh na Gaeilge chun cur leis an méid sin.
Luaitear freisin an scéim tacaíochta ó thuaidh le haghaidh lárionaid Ghaeilge, a gcuirtear tuairim is €250,000 ar leataobh ina comhair. €1.5 milliún sa bhreis air sin atá á lorg ag an gConradh. Deirtear nach bhfuil ‘a mhacasamhail’ ó dheas agus moltar go dtógfaí lárionaid i nGaillimh, Baile Átha Cliath agus Corcaigh agus go dteastódh €2 milliún chuige sin.
Moltar freisin go gcuirfí €2 milliún ar fáil chun go gcuirfí tús le forbairt ionad cúram leanaí i ngach cathair mhór agus baile mór.
Tagraítear do ‘Greannán le haghaidh daoine óga’ chun léamh na Gaeilge ag an aos óg a fheabhsú. Moltar go bhfoilseofaí uair sa choicís é ar líne agus i bhfoirm chlóite agus déantar amach go gcosnódh a leithéid €300,000 sa bhliain.
Fág freagra ar 'Aire Sinsearach don Ghaeltacht agus €18m breise á éileamh i bplean nua Chonradh na Gaeilge'