Sa mbliain 1942, i lár an Dara Cogadh Domhanda, tháinig slua beag siúracha Caitliceacha go hÉirinn agus é mar aidhm acu, ospidéal máithreachais a oscailt. Bhí an ‘mháthair-chlochar’ i Surrey i Sasana. Athraíodh a n-ainm cúpla uair sular shocraíodar ar ‘Misiúnaithe Proinsiasánacha an Mháithreachais Naofa’.
Insíodh scéal an ospidéil a bhunaíodar agus an stair chasta a bhain lena bhunú i mBéal Átha na Sluaighe, in oirthear na Gaillimhe, i léacht a thug an staraí agus taighdeoir, an Dr Brian Casey, i gColáiste na Tríonóide an lá cheana. Tá speisialtóireacht aige i dtaighde a dhéanann sé i gcartlanna, go háirithe.
Ní mar a chéile atá gach cartlann a mbreathnaíonn seisean orthu. Cuid acu, ní bhíonn iontu ach cúpla bileog fánach, cuid eile, bíonn siad ag cur thar maol le comhaid, litreacha, agus páipéarachas den uile chineál. Agus ansin bíonn air cead a fháil le breathnú orthu agus taighde a dhéanamh ar a bhfuil iontu. Ní bhíonn sé sin éasca i gcónaí.
Sa gcás seo agus stair Ospidéal Portiuncula á scrúdú aige, tugadh lánchead dó na páipéir ar fad a bhí coinnithe ag na siúracha a léamh agus a scrúdú. Tá beirt, go háirithe, luaite go minic sa scéal seo- an Mháthair Francis Spring agus an Mháthair Margaret Keenan.
Choinnigh na siúracha a bhí i gceannas ar an ospidéal chuile ní – fiú amháin na páipéir a bhain le béadán na háite. Agus ba léir go mbíodh go leor de sin ann!
Ord Sasanach a bhí sna siúracha agus faoi dheireadh na seachtóidí bhí ospidéil agus bunáit acu i 16 tír ar fud an domhain. Ní hé amháin go raibh sé mar aidhm acu ospidéil a bhunú ach bhí misean a bhí bunaithe ar chraobhscaoileadh an chreidimh acu chomh maith.
I lár na ndaichidí bhí fonn orthu teitheadh ón gCogadh agus na bagairtí a bhain leis i Sasana. Scrúdaigh siad cúpla baile in Éirinn ach níor fearadh mórán fáilte rompu. I mBaile Átha Cliath d’fhógair an tArd-Easpag Mac Uaid go raibh dóthain mná rialta ag obair sna hospidéil ansin. Fuaireadar freagra chomh borb céanna ón Easpag de Brún i nGaillimh. Ní raibh aon ghá leo.
Bhí cúis leis an gcinneadh sin sa stair – ní bhíodh cead ag siúracha Caitliceacha aon bhaint a bheith acu le cúrsaí leighis – go háirithe má bhain sé le máithreachas. Ceapadh go raibh siad ag cur a ngairm Chríostaí i gcontúirt lena leithéid d’obair.
Ar aon nós, chuadar chomh fada leis an Easpag Dignan i gCuain Fearta agus lig seisean isteach iad. Shocraíodar ar Phort Omna ach ba ghearr go bhfuair siad amach nach raibh bealaí maithe taistil isteach ná amach as an mbaile sin, agus ar aon nós ní bheadh an daonra ann chun an t-ospidéal a choinneáil sa tsiúl.
Bheartaigh siad ar ospidéal beag a thógáil ina mbeadh 18 leaba, i mBéal Átha na Sluaighe. Bheadh an tseirbhís dírithe ar mhná na meánaicme – dream a mbeadh ar a gcumas íoc as an táille.
Dar leis an staraí, an Dr Casey, ní raibh aon mhuinín ag daoine bochta sna hospidéil ag an am sin. Bhíodh a gcuid páistí acu sa mbaile agus níor bhacadar le dhul isteach san ospidéal. Ar ndóigh ní raibh siad in acmhainn íoc as ach an oiread. Bhí beagán de bhlas Dhlíthe na mBocht ag baint le hinstitiúidí den chineál sin, ceapadh. Bhí ceangal ina n-intinn idir ospidéil agus scaipeadh galar.
Ar aon nós thóg sé píosa maith sular leathnaigh na seirbhísí amach don daonra trí chéile. Cé gur choinnigh na siúracha greim docht ar cheannas an ospidéil, de réir a chéile bhí airgead poiblí á chur isteach ann agus suim dá réir ag na húdaráis Stáit san ospidéal.
Deir an Dr Casey go raibh sé an-deacair acu ag an tús a mbealach a dhéanamh trí nósanna na háite, go háirithe iad sin nach raibh aon chleachtadh acu orthu i Sasana – mar shampla, tine mhóna a lasadh. Ach bhí nósmhaireacht eile i bhfeidhm sa cheantar a léirítear anois is arís sa mbéadán a coinníodh sa chartlann.
Ba léir gur chuir na dochtúirí áitiúla (GPs) i gcoinne bhunú an ospidéil. Bhí faitíos orthu go sciobfaí a gcuid othar féin uathu. Chuir duine amháin acu in aghaidh na mban rialta chomh fíochmhar sin gur bhagair sé go gcaithfeadh sé duine acu le gunna.
Ag an am sin, agus b’fhéidir go ceann is bhfad ina dhiaidh sin, dhéantaí cúrsaí gnó a phlé ar an ngalfchúrsa. B’ansin a dhéantaí cinneadh faoi cheapadh dochtúirí agus a leithéid. Ní raibh aon bhaint ag na siúracha leis an nósmhaireacht sin agus ba mhinic a tháinig a gcuid nósanna salach ar a chéile. Anuas air sin, bhain an imirt gailf le haicme amháin – lucht an airgid. Agus bhí na sagairt agus na dochtúirí ina mbaill den chlub.
Agus bheifí ag súil go mbeadh aon dochtúir a cheapfaí ina bhall den chumann gailf áitiúil. Úsáideadh an seanchleas Éireannach, i gcoinne aon dochtúir nó ball foirne nár thaitin leis an dream áitiúil – fearadh ‘baghcat’ orthu agus ar a mná céile ar an ngalfchúrsa.
D’éirigh go han-mhaith leis an ospidéal in ainneoin na ndeacrachtaí ar fad. Faoi dheireadh na seachtóidí bhí os cionn 100 leaba bhreise ar fáil ann de bharr infheistíocht rialtais, go háirithe airgead an ‘Sweep’ [Scuabgheall Ospidéil na hÉireann], agus b’ospidéal ginearálta poiblí a bhí ann.
Tagraíodh do na nósanna nua a thug na siúracha isteach san ospidéal máithreachais. Bhí instealladh droma nó ‘epidural’ ar fáil i Portiuncula i bhfad sular tugadh isteach é in ospidéil eile ar fud na tíre. Go deimhin is cuimhin liom féin a bheith in ionad máithreachais an Ospidéil Réigiúnaigh i nGaillimh sna seachtóidí agus sna hochtóidí agus breathnaíodh ar an instealladh sin mar sórt ‘géilleadh’ don phian. Bhí dualgas ort cur suas léi.
Agus an cuimhneach libh an scannal a bhain le hobráid na simfiseatóime [symphisiotomy] – inar briseadh cnámha peilbheacha na mná d’aon turas chun páiste a thabhairt ar an saol?
Fuair an taighdeoir amach nach ndearnadh ach cúig cinn de na hobráidí sin in ospidéal máithreachais an Phortiuncula – figiúr a bhí i bhfad faoi bhun an mheáin sa tír ag an am.
Ba léir don Dr Casey gur carachtair ar leith a bhí sna mná rialta a thóg agus a bhainistigh an t-ospidéal ó 1942 go dtí na seachtóidí. Níor réitigh siad le gach éinne agus níor ghéill siad d’údarás daoine eile nuair a d’fheil sin dóibh. Ach ba cuid de scéal ní ba leithne iad chomh maith – scéal nach n-insítear go minic. Sin scéal na n-ord éagsúil a bhunaigh ospidéil agus seirbhís sláinte ar ardchaighdeán nuair nach raibh de thaithí ag an ngnáthphobal ach an seanchas nó an bhean ghlúine nó chabhrach áitiúil.
Fág freagra ar 'Scéal na siúracha a theith ón Dara Cogadh Domhanda chun ospidéal a bhunú i nGaillimh'