‘Ba mhaith liom go ndéanfaí é seo’ – comhstádas don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair ar chlár oibre Varadkar

Thug ceannaire Fhine Gael le fios do Tuairisc.ie go mbeadh ceist stádas na Gaeilge ar chomharthaí bóthair dátheangacha na tíre ar an gclár oibre aige athuair mar Thaoiseach

‘Ba mhaith liom go ndéanfaí é seo’ – comhstádas don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair ar chlár oibre Varadkar

Tá Leo Varadkar le filleadh ar cheist na Gaeilge ar chomharthaí bóthair dátheangacha ach é a bheith tofa ina Thaoiseach amárach.

In 2013, le linn dó a bheith ina aire iompair d’ordaigh Leo Varadkar don Údarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) tús a chur le crochadh comharthaí nua a thabharfadh an stádas céanna don Ghaeilge agus don Bhéarla, ach chuir Paschal Donohoe, an té a tháinig i gcomharbacht air san aireacht iompair, an t-ordú sin ar ceal.

Thug ceannaire Fhine Gael le fios do Tuairisc.ie, áfach, go mbeadh ceist na Gaeilge agus na gcomharthaí ar an gclár oibre aige athuair mar Thaoiseach.

“Is cinnte gur mhaith liom go ndéanfaí é seo agus tá súil agam an cheist seo a phlé leis an Aire Iompair,” a dúirt Varadkar le Tuairisc.ie.

Le linn dó a bheith ina aire iompair, dhiúltaigh Leo Varadkar do chomhairle an NRA neamhaird a dhéanamh ar mholtaí ó Chonradh na Gaeilge maidir le leasú a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge ar chomharthaí bóthair na tíre seo.

De réir eolais a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, rinne an NRA cás láidir i gcoinne mholtaí Chonradh na Gaeilge maidir le dearadh agus clófhoireann nua a chuirfeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair dátheangacha.

Léirigh freagra an Aire Varadkar féin ar an NRA go ndearna sé neamhní dá gcomhairle.

“I appreciate…that their are mixed views in relation to their (Conradh na Gaeilge) fundamental point that the usage of the italic font undermines the status that the Irish language.

“However, having considered the matter I believe that the proposed new style is attractive, legible and affords Irish its appropriate status on our road signs. Therefore, I ask that the NRA erect a small number of signs in the format proposed by Conradh na Gaeilge…”

Nuair a ceapadh Paschal Donohoe mar aire iompair chuaigh sé i gcomhairle leis an Údarás faoin gceist arís

agus thug sé le fios gur “sábháilteacht” ar bhóithre seachas cúrsaí teanga an chloch ba mhó ar a phaidrín.

Faoi láthair bíonn leaganacha Béarla na logainmneacha ar chomharthaí bóthair dátheangacha i gceannlitreacha agus bíonn na leagnacha Gaeilge i mionlitreacha i gcló Iodálach.

D’ainneoin argóintí an NRA, threoraigh an t-iar-aire Varadkar dóibh in 2013 roinnt bheag comharthaí a chrochadh le dearadh nua a thabharfadh a ceart don Ghaeilge.

Mhol sé dóibh na comharthaí sin a chur in airde ar bhonn trialach in áiteanna feiceálacha ar fud na tíre agus meastóireacht a dhéanamh ar an nglacadh a bhí ag an bpobal leo.

Níor cuireadh a phlean i gcrích riamh, áfach.

Fág freagra ar '‘Ba mhaith liom go ndéanfaí é seo’ – comhstádas don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair ar chlár oibre Varadkar'

  • Críostóir

    Murar “sábháilteacht” ar bhóithre í, ba chursaí airgid a luafaí.
    Cén chaoi a bhfuil Aire iompair in ann a chur ina luí ar an bpobal go bhfuil comhstádas teanga contúirteach agus cló teanga amháin ar chomharthaí bóithre a bheith feiceálach agus an teanga eile gan a bheith feiceálach. Nach gcuirfeadh an mhíchothromacht sin pobal teanga faoi leith, faoi chontúirt (murab é go bhféadfadh an pobal sin an mhórtheanga ar chomharthaí a léamh) ar leasa an phobail teanga eile.

    Tá súil agam go n-athrófar na comharthaí an iarraidh seo agus go bhfaighidh muid réidh faoi dheireadh leis an gcló iodálach doléite seo feasta, tá sé thar am againn.

  • Cillian

    Má dhéanann Varadkar é seo tá mé buartha nach mbeidh an dara rogha agam ach vótáil dhó!

  • mánus

    An dtiocfaidh an lá go mbeidh comhartha do cheantair lánGhaeilge ar imeall bhaile móir éigin? Mura dtiocfaidh is beag duine a bheidh in ann na comharthaí seo Varadkar a léamh.

  • eogribin@gmail.com

    Sa bhliain 1934 dúirt an Príomh-Bhreitheamh Kennedy:
    “None of the organs of the State, legislative, executive or judicial may derogate from
    the pre-eminent status of the Irish language as the national language of the State
    without offending against the Constitutional position…”
    Ó Foghludha v. McClean (1934) IR469

    Níl ‘comhstádas’ de réir an Bhunreachta!

    Sa bhliain 1983 dúirt an Breitheamh Ó hAnnluain an méid seo:
    “Tabharfar fé ndeara go mbronntar ardú céime ar an Ghaeilge i mBunreacht na
    hÉireann, thar mar a bhí aici sa chéad Bhunreacht, nó luaitear don chéad uair í mar
    “phríomhtheanga oifigiúil”.

    Sa Bhreatain Bheag tá an méid seo a leanas sa “Schedule 1 to the Regulations specifies service
    delivery standards.” Section 28 of the 2011 Measure provides that a “service delivery standard’ means a standard that relates to a service delivery activity, and is intended to promote or facilitate the use of the Welsh language, or to work towards ensuring that the Welsh language is treated no less favourably than the English language when that activity is carried out. A
    “service delivery activity” means a person delivering services to another person, or dealing with any other person in connection with delivering services to that other person, or to a third person. ” (Féach: https://www.legislation.gov.uk/wsi/2015/996/pdfs/wsi_20150996_mi.pdf)