Ní ‘fíormhéadú’ atá i gceist leis an mbuiséad atá geallta don Ghaeltacht sa Phlean Forbartha Náisiúnta – taighde nua

Déantar mionanailís ar chaiteachas an Stáit i leith na Gaeltachta, na Gaeilge agus na n-oileán i dtuarascáil taighde nua atá foilsithe inniu ag Teacht Aniar

Ní ‘fíormhéadú’ atá i gceist leis an mbuiséad atá geallta don Ghaeltacht sa Phlean Forbartha Náisiúnta – taighde nua

Ní “fíormhéadú” atá i gceist leis an mbuiséad atá geallta don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus do na hoileáin, de réir taighde nua atá déanta ag an ngrúpa Teacht Aniar.

De réir na tuarascála, bhí an buiséad caipitil a bhí ag Roinn na Gaeltachta a dhá oiread níos mó le linn na tréimhse 20 bliain idir 2006-2017 ná mar atá an buiséad atá geallta dóibh don tréimhse 10 mbliana amach romhainn.

De réir An Plean Forbartha Náisiúnta agus an Ghaeltacht 2018-2027, ní bhainfear amach an leibhéal caiteachais a bhí á dhéanamh ar chúrsaí Gaeltachta in 2008 faoin mbliain 2028 fiú.

€178 milliún, as seo go ceann deich mbliana, atá geallta sa Phlean Forbartha Náisiúnta don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus do na hoileáin. De réir na taighde, is ionann an caiteachas sin agus níos lú ná leath den chaiteachas – €348.8 milliún – a rinneadh ar chúrsaí Gaeltachta idir 2006-2016, in ainneoin gur tháinig laghdú mór ar chaiteachas an Stáit le linn bhlianta na géarchéime eacnamaíochta.

“Ní mór an €178 milliún atá geallta mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta a chur i gcomhthéacs an chaiteachais chaipitiúil ar an nGaeltacht agus na hOileáin a rinneadh sna blianta roimh agus i ndiaidh bhorradh eacnamaíochta na hÉireann.

“Idir 2005 agus 2009 b’ionann an caiteachas caipitiúil ar an nGaeltacht agus na hOileáin agus €299 milliún. Is féidir an caiteachas seo thar ceithre bliana a chur i gcomparáid leis an €178 milliún atá geallta do na deich mbliana ó 2018 go 2027,” a deirtear in An Plean Forbartha Náisiúnta agus an Ghaeltacht 2018-2027.

De réir na mionanailíse seo ar chaiteachas an Stáit ar chúrsaí Gaeltachta, mhéadaigh ollchaiteachas caipitil an rialtais 10% in aghaidh na bliana idir 2003-2009 agus mhéadaigh an caiteachas caipitil ar chúrsaí Gaeltachta ag ráta 10% in aghaidh na bliana le linn na tréimhse céanna.

Léirítear sa tuarascáil gur tháinig laghdú 16.6% in aghaidh na bliana ar ollchaiteachas caipitil an stáit idir 2009-2013 ach gur laghdú 33% a bhí i gceist i gcás na Gaeltachta agus na n-oileán.

Léirítear i dtuarascáil Teacht Aniar chomh maith go raibh bearna shuntasach idir an caiteachas a rinneadh ar an nGaeltacht idir 2006-2016 agus an caiteachas a rinneadh ar na hEalaíona le linn na tréimhse céanna. Caitheadh níos mó airgid gach bliain ar na hEalaíona ná mar a caitheadh ar chúrsaí Gaeltachta, agus ba mhó na ciorruithe a rinneadh ar bhuiséad reatha na Gaeltachta ná ar bhuiséad na nEalaíon.

Ní thiocfaidh aon athrú ar an bpatrún sin i bhfianaise na ngealltanas sa Phlean Forbartha Náisiúnta, a deirtear.

“Molann an Plean Forbartha Náisiúnta caiteachas caipitiúil iomlán de €1.188 billiún idir 2018 agus 2027. As an iomlán seo, caithfear €725 milliún, nó 60%, ar Údaráis Náisiúnta Chultúrtha agus €285 milliún agus 24%, ar Oidhreacht – ní chaithfear ach €178 milliún, 15%, ar an nGaeltacht agus na hOileáin.

“Sa phlean forbartha náisiúnta a bhí ann roimhe seo, ‘Transforming Ireland’, do na blianta 2007 go 2013, cuireadh €2.1 billiún i leataobh do na hEalaíona, an Oidhreacht, an Ghaeltacht agus na hOileáin. Ón €2.1 billiún sin, cuireadh €475 milliún, nó 22% i leataobh don Ghaeltacht.”

Deir údar na tuarascála nua, Seán Byrne, go léiríonn an taighde nua nach “fíormhéadú” atá i gceist leis an maoiniú atá geallta do bhuiséad na Gaeltachta, na Gaeilge agus na n-oileán sa Phlean Forbartha Náisiúnta nua.

“D’ainneoin gur fíor an rud a dúirt an tAire Joe McHugh agus é ag seoladh an phlean caiteachais do na hEalaíona, an Oidhreacht, an Ghaeltacht agus na hOileáin, go raibh ‘tráth na gciorruithe thart’ más ag trácht ar an gcaiteachas a dhéanfar ó 2018 ar aghaidh a bhí sé, ní hionann é seo agus a rá go mbeidh aon fhíormhéadú sa chaiteachas atá pleanáilte má dhéantar comparáid leis an leibhéal caiteachais a bhí ann roimh 2008 agus, go deimhin, ní bheidh an leibhéal céanna caiteachais caipitiúil bliantúil ann faoi 2028 agus a bhí ann in 2008.”

Rinne Teacht Aniar an tuarascáil taighde nua a choimisiúnú don chomhdháil ar an bpleanáil teanga atá á reáchtáil acu an deireadh seachtaine seo, an 25 agus 26 Bealtaine, in Óstan Chois Fharraige, sna Forbacha i gConamara.

 

Fág freagra ar 'Ní ‘fíormhéadú’ atá i gceist leis an mbuiséad atá geallta don Ghaeltacht sa Phlean Forbartha Náisiúnta – taighde nua'