Baint leis an bpaindéim ag 20% de na gearáin a fuair an Coimisinéir Teanga 

Foilsíodh tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga inniu, tuarascáil ina léiríonn sé buairt faoi mheon an Stáit i dtaobh eolas práinneach a chur ar fáil i nGaeilge

Baint leis an bpaindéim ag 20% de na gearáin a fuair an Coimisinéir Teanga 

Tháinig méadú 20% ar líon na ngearán a cuireadh faoi bhráid an Choimisinéara Teanga anuraidh.

De réir Tuarascáil Bhliantúil 2021 an Choimisinéara a foilsíodh inniu, rinneadh 727 gearán ar fad leis an Oifig anuraidh agus bhain ceann as gach cúig ghearán le heaspa seirbhísí i nGaeilge le linn na paindéime.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go raibh “díomá mhór” ar líon mór daoine a rinne teagmháil lena Oifig anuraidh faoin imeallú rialta a rinneadh ar sheirbhísí stáit i nGaeilge le linn na paindéime. 

Bhí easpa seirbhísí Gaeilge go mór i mbéal phobal na teanga le linn na dianghlasála agus na paindéime. 

Rinneadh cáineadh go leor ar na húdaráis sláinte agus ar an rialtas mar gheall ar theip an stáit eolas agus seirbhísí faoin bpaindéim Covid-19 a chur ar fáil i nGaeilge. 

I mBéarla amháin a bhí formhór an eolais a foilsíodh faoin ngéarchéim ó thosaigh sí breis is dhá bhliain ó shin agus is minic go raibh moill ar ábhar i nGaeilge, má foilsíodh in aon chor é.

Ní raibh daoine ábalta clárú ar líne do vacsaíní i nGaeilge ná a gcuid gnó maidir leis na Teastais Dhigiteacha COVID a dhéanamh i nGaeilge, mar shampla.

Ghabh an Roinn Sláinte “leithscéal ó chroí” anuraidh as “éagóir” a dhéanamh ar an nGaeilge le linn na paindéime.

Dúirt an Coimisinéir Teanga an bhliain seo caite go mba dhóigh leis dá mbeadh paindéim eile ann amach anseo go dtarlódh an rud céanna arís ó thaobh na Gaeilge. Dúirt sé gur chruthaigh an phaindéim nach mbíonn sé ar chumas an Stáit go minic “caitheamh go féaráilte leis an nGaeilge.”

Bhí Breitheamh Ard-Chúirte ar na daoine eile a chaith amhras ar chur chuige an Stáit i leith na Gaeilge le linn na paindéime.

Bhain aon trian de na gearáin Covid-19 a fuair Oifig an Choimisinéara le heaspa seirbhísí idirghníomhacha a bheith ar fáil i gcéad teanga oifigiúil an Stáit, mar shampla, tástáil ISP nó coinne vacsaíne a chur in áirithe ar líne. 

“Fuarthas líon iomlán 123 gearán i mbliana a bhain leis an éigeandáil sláinte. Ní fhéadfaí líon mór de na gearáin seo a fhiosrú de bharr easnaimh sa reachtaíocht a chinnteodh seirbhís shásúil trí mheán na Gaeilge.

“Léiriú arís eile is ea an scéal seo ar an tábhacht a bhaineann le tosach feidhme a thabhairt d’fhorálacha an Achta leasaithe nua a ritheadh i ndeireadh na bliana seo caite,” a dúirt Ó Domhnaill.

Deir Ó Domhnaill ina thuarascáil nua gur chóir a aithint gur tháinig feabhas ar sholáthar faisnéise Covid-19 i scríbhinn i nGaeilge chuig an bpobal i gcoitinne ach go bhfuil sé buartha i gcónaí “go dtiocfadh na fadhbanna céanna chun cinn an athuair dá mbeadh éigeandáil eile ann, de bharr easpa pleanála agus easpa práinne ó thaobh seirbhísí a sholáthar as Gaeilge”.

Chuir Ó Domhnaill fáilte roimh na leasuithe atá déanta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla nua agus dúirt sé gur “deis chinniúnach” í seo don Stát “beart a dhéanamh de réir briathair agus seirbhísí stáit ar fónamh sa dá theanga oifigiúla a chinntiú don phobal”.

Dúirt an Coimisinéir Teanga go bhfuil a Oifig chun tabhairt faoi mhórfheachtas faisnéise agus feasachta poiblí amach sa bhliain chun tábhacht fhorálacha nua an Achta a chur ar shúile an phobail agus comhlachtaí poiblí araon. 

“Má dhéantar forálacha éagsúla an Achta nua a chur i bhfeidhm mar is cuí, beidh buntáiste ag an bpobal as líon méadaithe seirbhísí a bheith ar fáil dóibh i nGaeilge seachas mar a bhí go dtí seo,” a deir an Coimisinéir Teanga.

Tá sé mar chuspóir san acht leasaithe gur Gaeilgeoirí a bheadh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030. Tá foráil nua ann leis lena leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht bhliantúil a dhéanamh i nGaeilge, agus foráil chun a chinntiú go dtabharfar freagra i nGaeilge ar chumarsáid i nGaeilge ar na meáin shóisialta. 

Deirtear i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara gur bhain líon suntasach gearán in 2021 le húsáid an tsínidh fhada in ainmneacha agus sloinnte daoine agus go raibh fadhb leanúnach ann maidir le húsáid leaganacha Béarla de sheoltaí de bharr úsáid Eircode. 

Den bhreis is 700 gearán a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga in 2021, bhain 92% le seacht réimse faoi leith – forálacha i scéimeanna teanga; comharthaíocht agus stáiseanóireacht; freagra i mBéarla ar chumarsáid i nGaeilge; fadhb le húsáid ainm agus sloinne i nGaeilge; achtacháin eile a bhaineann leis an nGaeilge; úsáid na Gaeilge ar chomharthaí tráchta; agus cumarsáid i scríbhinn leis an bpobal.

Thug an Roinn Cumarsáide le fios níos luaithe i mbliana go rabhthas chun comhairle dlí a lorg ón Ard-Aighne faoi thuarascáil de chuid an Choimisinéara Teanga inar dúradh go raibh an dlí fós á shárú acu ó thaobh úsáid logainmneacha Gaeltachta sa chóras Eircode.

Gearánaithe a raibh cónaí orthu i mBaile Átha Cliath a rinne 27% de na gearáin a rinneadh leis an gCoimisinéir Teanga in 2021 agus gearánaithe de bhunadh na Gaeltachta a rinne 27% de na gearáin eile –  méadú 4% ó 2020

Fág freagra ar 'Baint leis an bpaindéim ag 20% de na gearáin a fuair an Coimisinéir Teanga '

  • M. Ní Shlatara

    An gcoimeádtar staitisticí faoi theangacha na ndaoine le Covid?