Cearta teanga bunreachtúla athdhearbhaithe i gcinneadh Ard-Chúirte

Chinn an Breitheamh O’Hanlon ina cinneadh go raibh an mhoill 17 mí ar fhoilsiú leagan Gaeilge den Acht Pleanála ‘míréasúnta’

Cearta teanga bunreachtúla athdhearbhaithe i gcinneadh Ard-Chúirte

Athdhearbhaíodh san Ard-Chúirt inné an dualgas atá ar an Stát leaganacha Gaeilge d’achtanna Oireachtais a chur ar fáil.

D’éirigh sa chúirt le hathbhreithniú breithiúnach Shiobháin Denvir-Bairéad agus dhá chomhlacht forbartha a mhaígh gur chóir go mbeadh reachtaíocht ar fáil dóibh i nGaeilge agus go raibh siad faoi mhíbhuntáiste dá ceal.

Tugadh an cás in aghaidh an stáit san Ard-Chúirt toisc nach raibh fáil i nGaeilge ar reachtaíocht a bhain le hachomharc faoi chúrsaí pleanála atá ar bun ag na hiarratasóirí.

Tá na hiarratasóirí ag cur i gcoinne ordú ceannaigh éigeantaigh atá á lorg ag Uisce Éireann chun córas cóireála séarachais a thógáil ar a dtalamh ag Céibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara. 

Beidh éisteacht phoiblí faoin achomharc pleanála sin ar siúl amach anseo.

Idir an dá linn, daingniú eile é cinneadh na hArd-Chúirte inné ar chearta teanga a tástáladh cheana sna cúirteanna i gcásanna éagsúla.

Dúirt an Breitheamh Bronagh O’Hanlon ina cinneadh go raibh an mhoill 17 mí ar fhoilsiú leagan Gaeilge den Acht Pleanála “míréasúnta”.

Bhí an leagan aistrithe den Acht ar fáil sular críochnaíodh an cás san Ard-Chúirt, ach dúirt an Breitheamh gur drochmheasúil an beart ag an Stát é gan na hiarratasóirí a chur ar an eolas faoin méid sin.

“Níor thaispeáin an Stát meas ar bith ar na hiarratasóirí nuair nár luaigh siad go raibh an leagan Gaeilge den Acht le fáil ar an idirlíon i mí Aibreáin 2020.”

Chinn an Breitheamh go gcaithfí ionstraimí reachtúla áirithe a chur ar fáil trí Ghaeilge agus dúirt sí nár bhain a cinneadh féin ach leis na hionstraimí sin.

Caithfear féachaint ar an gcás seo mar chás uathúil, gan cásanna eile a chur sa mheá agus é á mheas,” a deir an Breitheamh.

Daingniú atá i gcinneadh an lae inné ar chinntí cúirte a rinneadh roimhe seo, ar thagair an Breitheamh dóibh inné, go háirithe cásanna Delap v An Roinn Dlí agus Cirt agus Ó Murchú v an Stát.  Cásanna iad sin inar cinneadh gur gá na hionstraimí reachtúla a bhaineann le rialacha na gcúirteanna a chur ar fáil i nGaeilge.

Sheas an Breitheamh Uí Anluain leis na cearta teanga Bunreachtúla a deimhníodh cheana i gcásanna éagsúla, ina measc Ó Beoláin v Fahy agus Ó Gribín v An Roinn Oideachais. Cinneadh sna cásanna sin go raibh dualgas ar an stát de réir an bhunreachta achtanna Oireachtais a achtaítear trí Bhéarla a aistriú go Gaeilge. 

Cé go bhfuil gá agus dualgas ann caitheamh leis an nGaeilge ar comhchéim leis an mBéarla, ní féidir leis na hIarratasóirí é sin a bhaint amach má leanann an neamart seo ar aghaidh. 

“Tá daoine sa tír seo, go háirithe muintir na Gaeltachta, nó [iad] siúd nach bhfuil ina gcónaí sa Ghaeltacht ach atá ag maireachtáil trí Ghaeilge, a bhíonn ag iarraidh an teanga a úsáid gach uile lá. 

“Tá cearta bunreachtúla acu é sin a dhéanamh agus tá dualgas bunreachtúil ar an Stát éascaíocht a dhéanamh ionas go mbeadh saoránaigh in ann an Ghaeilge a úsáid ar comhchéim leis an Bhéarla,” a dúirt an Breitheamh i gcinneadh na Cúirte.

Ní luaitear sa Bhunreacht aon teorainn shonrach ama le soláthar an aistriúcháin Ghaeilge agus meastar gur díol spéise dá bharr sin gur mheas an Breitheamh O’Hanlon go raibh tréimhse 17 mí míréasúnta.

“Níl sé oscailte don chúirt tréimhse ama ar leith a dhearbhú, ach is léir nach bhfuil 17 mhí, mar a tharla sa chás seo, réasúnta ar chor ar bith.”

Dúirt an Breitheamh nach raibh an Stát i dteideal “tréimhse mhíréasúnta” a chaitheamh i mbun aistriúchán Gaeilge a chur ar fáil. Rachadh sin “díreach i gcoinne stádas na teanga mar an phríomhtheanga oifigiúil de bhun Airteagal 8 den Bhunreacht,” arsa an Breitheamh.

Tugadh le fios le linn na héisteachta go raibh thart ar 450 acht ar fáil i mBéarla amháin.

Dúirt an Breitheamh go raibh a cinneadh teoranta don reachtaíocht a bhí i gceist sa chás seo.

“Sa chás seo, tá an chúirt ag féachaint ar Acht amháin agus ar Ionstraimí Reachtúla áirithe. Níl an chúirt ag féachaint ar aon chineál reachtaíochta eile.”

Tugadh trí seachtaine don dá thaobh sa chás aighneachtaí a chur faoi bhráid na cúirte maidir le feidhm a thabhairt don chinneadh agus maidir le costais.

Dúirt Siobhán Denvir-Bairéad inniu gur “ardú croí” di a bhí i gcinneadh na cúirte.

Ag labhairt di ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt sí gurb é a bhí uaithi ná a ceart déileáil leis an Stát ina teanga féin.

Go bunúsach, bhí muid ag iarraidh go mbeadh na cearta céanna againn dá roghnódh muid an saol a mhaireachtáil agus ár ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge is a bheadh ag aon saoránach a bheadh ag roghnú an rud céanna a dhéanamh i mBéarla,” arsa Siobhán Denvir-Bairéad.

Fág freagra ar 'Cearta teanga bunreachtúla athdhearbhaithe i gcinneadh Ard-Chúirte'