An Roinn Cumarsáide le comhairle dlí a lorg ón Ard-Aighne faoi chinneadh maidir le seoltaí Gaeltachta

Mheas an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh sé ‘craiceáilte’ nár bhac an Roinn Cumarsáide comhairle dlí a lorg faoi thuarascáil de chuid an Choimisinéara Teanga maidir le logainmneacha oifigiúla Gaeltachta

An Roinn Cumarsáide le comhairle dlí a lorg ón Ard-Aighne faoi chinneadh maidir le seoltaí Gaeltachta

Tá an Roinn Cumarsáide le comhairle dlí a lorg ón Ard-Aighne faoi thuarascáil de chuid an Choimisinéara Teanga inar dúradh go raibh an dlí fós á shárú acu ó thaobh úsáid logainmneacha Gaeltachta sa chóras Eircode.

Cuireadh i leith na Roinne Cumarsáide i dTeach Laighean inné go raibh meon “craiceáilte” agus “náireach” acu i leith úsáid logainmneacha Gaeilge na Gaeltachta sa chóras poist.

Dúradh ag an gcruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge gur chóir don Roinn Cumarsáide comhairle a lorg láithreach ón Ard-Aighne más é go raibh siad den tuairim nach raibh an reachtaíocht i dtaobh logainmneacha Gaeltachta á sárú acu i gcónaí.

Mheas an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh sé dochreidte nach mbacfadh an Roinn Cumarsáide comhairle dlí a lorg maidir leis an gceist sin, go háirithe tar éis don Choimisinéir Teanga a rá go dtiteann an dualgas reachtúil i gcás na seoltaí ar an Roinn.

“Smaoinigh ar an rud atá á rá linn inniu. Tagann an Coimisinéir Teanga agus tugann sé a thuairim, tar éis imscrúduithe cuimsitheacha a dhéanamh, go bhfuil an dlí á bhriseadh ag Roinn Stáit. Níor dhúirt sé go raibh sé á bhriseadh ag aon duine eile. Dúirt sé ag Roinn Stáit. Agus ní bhacann an Roinn sin le comhairle dlí a fháil? Ní bhacann an Roinn le comhairle dlí a fháil,” a dúirt Ó Cuív.

“Agus ansin, níl geallúint á tabhairt tráthnóna go ngeofar comhairle dlí. Cén mhaith dúinn a bheith ag suí anseo, má tá sé fíor nár bacadh comhairle dlí a fháil, tá sé craiceáilte,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Mheas Ó Cuív go raibh “stone-walling” nó seachaint ar bun ag an Roinn Cumarsáide tráthnóna inné. Dúirt sé go mbíonn Ranna Rialtais ag seachaint ceisteanna go minic agus iad os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais agus gur “bulaíocht” a bhí i gceist.

An t-ábhar a bhí á phlé ag cruinniú an lae inné ná gealltanas na Roinne go n-úsáidfí na leaganacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta sa chóras Eircode, gealltanas nár éirigh leo a chomhlíonadh, dar leis an gCoimisinéir Teanga.

Dúirt an tAire Stáit Hildegarde Naughton agus oifigigh a roinne nach bhféadfadh An Post an leagan Béarla de sheoltaí Gaeltachta a bhaint dá mbunachar sonraí mar go dteastaíonn siad lena chinntiú go seachadfar litreacha go cruinn ceart.

Bhí dualgas reachtúil ar An Post faoi ComReg cloí le spriocanna seachadta lá arna mhárach, a dúradh. Bheadh sé “dodhéanta” na spriocanna sin a bhaint amach gan an leagan Béarla de na seoltaí a bheith sa bhunachar acu chomh maith.

I ndiaidh don Teachta Dála Éamon Ó Cuív (FF) agus an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee (FF) ceisteanna iomadúla a chur ar thoscaireacht na Roinne Cumarsáide ag cruinniú an lae inné, dúirt an tAire Stáit Hildegarde Naughton sa deireadh go lorgódh sí comhairle dlí ón Ard-Aighne faoi cé acu an raibh nó nach raibh an dlí á shárú i gcónaí ag an Roinn.

Dúirt Hildegarde Naughton go leanfadh an Roinn lena n-iarrachtaí iachall a chur ar An Post córas a mbunachar sonraí seoltaí a leasú ionas gur i nGaeilge amháin a bheadh gach logainm Gaeltachta.

Chuirfí ceist na logainmneacha Gaeilge agus imní an choiste san áireamh nuair a bheadh conradh nua á aontú an bhliain seo chugainn maidir le reáchtáil an chórais Eircode, a dúirt an tAire Stáit.

Deimhníodh i dTuarascáil Faireacháin a d’fhoilsigh Oifig an Choimisinéara Teanga anuraidh go raibh logainmneacha Gaeltachta i mBéarla á n-úsáid fós ar an gcóras Eircode d’ainneoin “iarracht mhacánta” a bheith déanta ag an Roinn an fhadhb a réiteach.

Mar fhreagra ar an méid a bhí le rá ag an gCoimisinéir, dúradh nach raibh sé de rogha ag Eircode na seoltaí i mbunachar sonraí Eircode a athrú gan tagairt do bhunachar sonraí An Post. D’fhéadfadh deacrachtaí suntasacha seachadta poist a bheith ann dá mbeadh na seoltaí difriúil óna chéile, a dúradh.

Tháinig an fhadhb seo chun cinn ar dtús cúig bliana ó shin nuair a seoladh an córas Eircode. An uair sin i mBéarla amháin a bhí go leor seoltaí Gaeltachta sa chóras Eircode agus bhí an Ghaeilge lochtach i seoltaí eile. Tharraing an scéal níos mó gearán ná “aon ábhar aonair eile riamh” ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga. 

Dúirt an Coimisinéir Teanga cheana go dtiteann an dualgas reachtúil i gcás na seoltaí ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide seachas ar Eircode féin ná ar An Post, a dháil na héirchóid.

Bhí Cathaoirleach an choiste, Aengus Ó Snodaigh agus an Teachta Catherine Connolly i measc na dTeachtaí a léirigh díomá nach raibh Eircode ná Geodirectory, comhlachtaí a bhíonn ag plé leis an ábhar seo, i láthair ag cruinniú an lae inné.

Mar fhreagra ar na cuirí a tugadh dóibh le teacht os comhair an choiste, dúirt Eircode agus Geodirectory nach orthu féin a bhí an dualgas i leith na ceiste agus nach le dímheas a shocraigh siad gan a bheith i láthair. 

Dúirt Ó Snodaigh go dtabharfaí cuireadh eile dóibh agus go lorgófaí comhairle dlí faoina ndiúltú.

“Ní féidir glacadh leis agus aontaím leat, a Chathaoirligh, gur gá [an scéal a fhiosrú],” a dúirt an Teachta Connolly.

Fág freagra ar 'An Roinn Cumarsáide le comhairle dlí a lorg ón Ard-Aighne faoi chinneadh maidir le seoltaí Gaeltachta'

  • Gerry Sóna

    An bhfuil focal Gaeilge ag mo dhuine, Hildegarde Naughton? Nó an bhfuil sí ar nós cuma liom faoin Gaeilge, cosúil leis an cuid is mo da pairtí?