Tuarascáil faoi theip an chórais Eircode i dtaobh logainmneacha Gaeltachta curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais

Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh air tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais mar nár cuireadh i bhfeidhm an príomh-mholadh i dtuarascáil a rinne a oifig faoi Eircode

Tuarascáil faoi theip an chórais Eircode i dtaobh logainmneacha Gaeltachta curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais

Tá tuarascáil curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag an gCoimisinéir Teanga faoi logainmneacha Gaeltachta i mBéarla a bheith in úsáid ag an gcóras Eircode.

Tá breis is sé bliana caite ag an gCoimisinéir ag fiosrú an scéil agus cé go bhfuil moltaí déanta aige maidir leis an bhfadhb a réiteach, tá logainmneacha i mBéarla fós in úsáid ag an gcóras do cheantair Ghaeltachta.

Dá bhrí sin, mheas an Coimisinéir Teanga nach raibh aon dul as aige ach tuarascáil faoi theip an chórais a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

“Is léir nár cuireadh an príomh-mholadh sa tuarascáil i bhfeidhm agus is mar gheall air sin a roghnaigh muid tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais,” a dúirt Rónán Ó Domhnaill agus é os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais inniu.

Dúirt an Coimisinéir go dtiteann an dualgas reachtúil i gcás na seoltaí ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus ní ar Eircode féin, ná ar An Post, a dháil na héirchóid.

“Is í an Roinn atá freagrach as an gconradh don chóras [éirchóid] a bhronnadh agus a stiúradh. Dá mhínádúrtha agus dá thútaí é mar nós ag comhlacht stáit logainmneacha Béarla a úsáid do sheoltaí daoine lasmuigh den Ghaeltacht, ainneoin gur mian leo [daoine] go n-úsáidfí an logainm Gaeilge, ba léir nach raibh sárú reachtaíochta i gceist leis.

“Is léiriú eile an neamhréir seo ar easpa cosanta ar bhuncheart teanga atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla.”

Dúirt Rónán Ó Domhnaill go raibh iarracht déanta ag an Roinn Cumarsáide an scéal a chur ina cheart agus go raibh cruinnithe acu le An Post ach gur tugadh le fios nach raibh An Post in ann an córas a athrú do logainmneacha Gaeltachta amháin.

I mí na Samhna 2019 chuir An Post in iúl don Choimisinéir Teanga nach bhféadfaí an leagan Béarla de sheoltaí Gaeltachta a bhaint dá mbunachar sonraí mar “go dteastaíonn sé le cruinnseachadadh litreacha” a chinntiú.

Dúradar go n-úsáideann “lear maith daoine seoltaí Béarla sa Ghaeltacht” agus go bhfuil dualgas reachtúil ar An Post faoi ComReg cloí le spriocanna áirithe seachadta. Bheadh sé “dodhéanta” na spriocanna sin a bhaint amach gan an leagan Béarla de na seoltaí a bheith sa bhunachar acu.

Thug An Post le fios go bhféadfadh sé tarlú “amach anseo” go mbeadh “giuirléid láimhe ag fir agus mná poist” a d’fhéadfadh a bheith ina cúnamh le seoltaí a aithint.

Tá an Coimisinéir ag plé leis an scéal ó seoladh córas Eircode mí Iúil 2015 agus é ag iarraidh ar an stát a dhualgas reachtúil i leith logainmneacha Gaeilge a chomhlíonadh.

Tá ráite ag Rónán Ó Domhnaill cheana gur tharraing an scéal níos mó gearán ná aon ábhar eile ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga.

Fág freagra ar 'Tuarascáil faoi theip an chórais Eircode i dtaobh logainmneacha Gaeltachta curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais'