‘Admhaímid go hionraic gur deineadh éagóir ar an nGaeilge agus gabhaimid leithscéal ó chroí’ – an Roinn Sláinte

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna rinne an Roinn Sláinte leithscéal as an tslí a caitheadh leis an nGaeilge le linn na géarchéime sláinte poiblí

‘Admhaímid go hionraic gur deineadh éagóir ar an nGaeilge agus gabhaimid leithscéal ó chroí’ – an Roinn Sláinte

Tá “leithscéal ó chroí” gafa ag an Roinn Sláinte as “éagóir” a dhéanamh ar an nGaeilge le linn na paindéime.

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna a rinne an Roinn a leithscéal as an tslí ar caitheadh leis an nGaeilge le linn na géarchéime sláinte poiblí.

“Admhaíonn an Roinn Sláinte inniu go raibh botúin déanta agus gabhaimid leithscéal ó chroí́, leis an ngealltanas go ndéanfar gach iarracht a bheith níos cúramaí́ le dualgais na Roinne i leith na Gaeilge amach anseo,” a dúirt Muiris O’Connor, Ard-Rúnaí Cúnta leis an Roinn Sláinte.

Dúirt O’Connor gur éirigh leis an Roinn agus í “faoi bhrú mór ama agus oibre” an córas vacsaínithe a chur i bhfeidhm agus na Teastais Dhigiteacha COVID a thabhairt isteach, ach go raibh an cur chuige easnamhach ó thaobh na Gaeilge.

“Ní hionann seo le rá go raibh an córas gan locht – admhaímid go hionraic gur deineadh éagóir ar an nGaeilge, go sonrach i gcomhthéacs an aistriúcháin Ghaeilge ar na Teastais féin, litreacha clúdaigh a eisíodh i mBéarla amháin, agus sínte fada a bhí in easnamh ar ainmneacha i gcásanna áirithe, chun cuid de na lochtanna sin a lua anseo.”

In ainneoin “na mbotún” a deineadh ó thaobh na Gaeilge bhí an Ghaeilge “mar thosaíocht thábhachtach” ag an Roinn Sláinte.

“Táimid lánsásta agus oscailte i gcónaí d’athruithe dearfacha, do mholtaí agus do cháineadh, ionas gur féidir linn soláthar na seirbhísí sláinte trí Ghaeilge a fheabhsú agus a shaibhriú as seo amach,” arsa Muiris O’Connor, Ard-Rúnaí Cúnta.

Mhaígh O’Connor go raibh feabhas tagtha ar chúrsaí sa Roinn ó thaobh na Gaeilge de agus go raibh “líon maith daoine nua” a bhfuil Gaeilge acu fostaithe. Bhí scéim teanga nua dréachtaithe ag an Roinn chomh maith, a dúirt sé.

Ag an gcruinniú céanna tráthnóna, dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur chuir an phaindéim isteach go mór ar an rún a bhí acu an Ghaeilge a chur chun cinn.

Dúirt ionadaí ón HSE ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge inniu gur chuir an Covid-19 isteach go mór ar chur i bhfeidhm a straitéise don Ghaeilge.

“Tuigfidh baill an choiste gur tharla athruithe suntasacha sna seirbhísí sláinte ag tús 2020 chun dul i ngleic leis an mbagairt ó COVID-19,” a dúirt Tony Canavan, Príomhfheidhmeannach Saolta, an Grúpa Ollscoile um Chúram Sláinte.

“Bhí tionchar ag an athrú béime sa tseirbhís sláinte trí chéile ar ár gcumas an Straitéis Ghaeilge a fheidhmiú le 20 mí anuas freisin.

“Cé go ndearnadh méid áirithe dul chun cinn tuigim agus mé ag cur an ráiteas tosaigh seo os bhur gcomhair nach ndearna muid an oiread dul chun cinn agus ba mhaith linn dá mbeadh cúinsí difriúla ann.”

Mhaígh Tony Canavan gur léirigh an straitéis don Ghaeilge a ullmhaíodh in 2018 “gur ghlac FnaSS leis go raibh an Ghaeilge mar chéad teanga oifigiúil an stáit agus go raibh sé mar aidhm againn í a chothú, a neartú agus úsáid na teanga a chur chun cinn”.

Ach fiú roimh an bpaindéim, bhí “dúshláin” ann maidir leis an straitéis don Ghaeilge a chur i gcrích.

Ar na dúshláin sin bhí “ganntanas cainteoirí Gaeilge i ngach speisialtacht”, deacrachtaí Gaeilgeoirí a fháil chun folúntais a líonadh, srianta airgid agus easpa foirne.

Maidir leis an bpaindéim, dúradh gur éirigh leis an FSS roinnt seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge cé gur géilleadh gur cailleadh “deiseanna chun ár bhfís maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn”.

Dúradh gur cuireadh cainteoirí Gaeilge ar fáil don HSE le go bhféadfadh daoine clárú i nGaeilge ar na bhfón do vacsaín.

Bhíothas ag obair i gcónaí, áfach, chun a chinntiú go mbeadh “daoine ábalta a gclárúchán a dhéanamh go hiomlán trí Ghaeilge”.

Dúirt na HSE le Tuairisc.ie mí Aibreáin seo caite nárbh fhéidir leo deis a thabhairt do dhaoine clárú do vacsaín i nGaeilge toisc gurb é a bpríomhaidhm ná beatha daoine a shábháil.

Dúradh an tráth sin go rabhthas “ag obair go práinneach ar leaganacha eile a mbeidh sé éasca teacht orthu agus tá an leagan Gaeilge ina measc”.

Dúradh chomh maith ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge gur chinntigh an HSE go raibh comharthaíocht i nGaeilge sna hionaid tástála agus vacsaínithe.

Chomh maith leis sin, dúradh gur aistrigh Seirbhís Ghaeilge an HSE 51 tvuít go Gaeilge agus gur eisíodh físeán i nGaeilge faoi na hionaid vacsaínithe sa gClochán, i mBéal an Mhuirthead agus in Ailt an Chorráin.

Fág freagra ar '‘Admhaímid go hionraic gur deineadh éagóir ar an nGaeilge agus gabhaimid leithscéal ó chroí’ – an Roinn Sláinte'

  • Séamus Beag

    Seans maith go bhfuil roinnt seandaoine le drochBhéarla marbh de bharr na bpolasaithe seo.
    Ach fadhb ar bith – is dócha nach raibh iontu ach “sean-tuathaigh i gConamara nó Gaoth Dobhair” ar aon chaoi.
    Is dócha go bhfuil an locht orthu féin mar gheall nach raibh an teanga “cheart” acu.
    Speak English or Die.

    Maith sibh Roinn Sláinte/FSS.
    Míle buíochas as an leithscéal.