AR SCÁTH A CHÉILE: FÍSEÁN: Tá dath uaine ar an mbrat dearg seo!

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

Is fada liom go mbeidh bearradh gruaige ar fáil arís!

Is cinnte go mbeidh an capaillín Chonamara seo as Cois Fharraige ag barr na scuaine nuair a bheidh bearradh gruaige ar fáil arís.

[/live]

FÍSÉAN: Tá dath uaine ar an mbrat dearg seo!

Tá físeán beag déanta ag an gcraoltóir agus scannánadóir Pat Butler agus Lá Bealtaine á cheiliúradh ag baile i mbliana aige…

Féile cheoil Traidphicnic i gConamara agus Féile Ghnó Mhaigh Eo curtha ar ceal

Tá sé fógartha go bhfuil féile Traidphicnic curtha ar ceal i mbliana de dheasca an choróinvíris.

Bhí an fhéile cheoil, a reáchtáiltear ar an Spidéal i gConamara gach bliain, le bheith ann idir 3-5 Iúil an samhradh seo ach tá ráite ag coiste eagraithe Traidphicnic nach féidir dul ar aghaidh léi i mbliana mar gheall ar na treoirlínte atá leagtha amach ag an Rialtas maidir le himeachtaí in aimsir na pandéime Covid-19.

“Is oth linn an cinneadh seo a dhéanamh, ach, thar aon rud eile, ní mór dúinn tús áite a thabhairt do shláinte agus sábháilteacht gach duine atá bainteach leis an bhféile, agus do shláinte agus sábháilteacht an phobail,” a dúirt Briege Barker, cathaoirleach an choiste eagraithe.

Mheall na ceolchoirmeacha agus na ceardlanna ceoil a bhí mar chuid de Thraidphicnic slua mór go dtí an Spidéal gach bliain.

Ghabh Baker buíochas le gach duine a thug tacaíocht don fhéile agus dúirt sí go bhfuil súil acu Traidphicnic a reáchtáil in 2021, nuair a bheidh an fhéile deich mbliana ar an bhfód.

“Beidh deich mbliana imithe tharainn faoin am sin ó reáchtáladh Traidphicnic den chéad uair, agus ócáid mhór a bheidh ann dúinn. Táimid ag súil go mór leis sin, agus tá súil againn go dtiocfaidh tusa agus ceiliúradh a dhéanamh linn.”

Idir an dá linn, tá lucht Traidphicnic ag súil roinnt imeachtaí a reáchtáil ar líne i rith an tsamhraidh.

Fógraíodh inniu chomh maith go raibh féile eile curtha ar athlá de dheasca an choróinvíris agus Féile Ghnó Mhaigh Eo curtha siar.

Bhí an ócáid le bheith in óstán TF Royal i gCaisleán an Bharraigh ar an 7 Meitheamh ach tá sé beartaithe anois ag an lucht eagraithe í a chur siar.

Is eagraíocht é Gnó Mhaigh Eo a thugann tacaíocht don lucht gnó i Maigh Eo agus a spreagann iad chun an Ghaeilge a úsáid.

“Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghlacadh leis na gnólachtaí sin ar fad a ghlac seastán taispeántais ag an Aonach Trádála, leis na hurraitheoirí, leis na haíonna speisialta agus leis na meáin áitiúla agus náisiúnta ar fad a tháinig ar bord,” a dúirt Niamh De Búrca, Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo.

“Beidh lá eile ag an bPaorach agus fógróidh Gnó Mhaigh Eo dáta nua na féile amach anseo.”

Comhairle ag laoch na Gaeltachta agus Chiarraí d’imreoirí óga

Tá comhairle curtha ag sárpheileadóir na Ríochta, Louise Ní Mhuircheartaigh, ar dhaoine óga aclaíocht rialta a dhéanamh amuigh faoin aer.

Agus srianta curtha i bhfeidhm in aimsir an choróinvíris, tá sé níos deacra ag daoine dul i mbun traenála peile, ach deir Ní Mhuircheartaigh go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfadh gach duine iarracht dul amach faoin aer.

Dúirt imreoir na Gaeltachta gur spórt foirne í an pheil agus go bhfuil sé tábhachtach cabhrú le cairde agus iad a spreagadh le dul i mbun traenála. Mhol Ní Mhuircheartaigh do dhaoine óga leas a bhaint as na meáin shóisialta chun dúshláin laethúla nó seachtainiúla a thabhairt dá chéile.

Faoi ghlas ag an ngalar coróineach, bhí an file ag éirí corrathónach…

Paddy Bushe

Tá ualach le léamh ar an eagrán speisialta litríochta de Comhar a théann i ngleic leis an gcoróinvíreas.

Ar ndóigh, bealach amháin le dul i ngleic leis an drochscéal ná gáire a dhéanamh faoi, rud is léir a thuigeann an file Paddy Bushe a bhfuil an dán beag seo uaidh san eagrán speisialta den iris seanbhunaithe…

Faoi ghlas

Paddy Bushe

Faoi ghlas ag an ngalar coróineach

Bhí an file ag éirí corrathónach.

Ars’ a bhean leis: YOU FUCKER

SUIGH SÍOS IS FAN SOCAIR!

Ars’ an file: Is leor nod don eolach.

Tá cuid d’ábhar an eagráin is déanaí de Comhar curtha ar fáil saor in aisce ar Comhar.ie, nó is féidir síntiús don iris a fháil anseo.

Leabhrán filíochta Gaeilge do pháistí bunscoile ar fáil inniu, Lá na Filíochta

Tá leabhrán filíochta Gaeilge curtha ar fáil do pháistí bunscoile do Lá na Filíochta.

An Chomhairle Curaclaim, Scrúduithe agus Measúnachta (CCEA) ó thuaidh a d’fhoilsigh an leabhrán, Fonn le Filíocht, a bhfuil dánta agus gníomhaíochtaí ar fáil ann.

Tá dánta sa leabhrán atá dírithe ar pháistí atá sna luathbhlianta bunscoile agus tá dánta eile ann do pháistí níos sine.

An t-údar Fionnuala Ní Mhealláin a chuir Fonn le Filíocht i dtoll a chéíle agus is iad páistí ó Ghaelscoil na Móna, Gaelscoil an Chaistil, Bunscoil Phobal Feirste, Gaelscoil na bhFál agus Bunscoil an tSléibhe Dhuibh i mBéal Feirste a rinne an obair ealaíne.

Is féidir é a íoslódáil anseo.

Áilleacht Chorca Dhuibhne léirithe i bpictiúir

Tá breáthacht Chorca Dhuibhne le feiceáil i roinnt pictiúr a chuireadh isteach ar chomórtas grianghrafadóireachta an tseachtain seo.

D’eagraigh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne an comórtas chun áilleacht an cheantair a cheiliúradh.

D’fhoilsigh an Comharchumann cuid de na pictiúir atá faighte acu go dtí seo ar na meáin shóisialta agus radhairc bhreátha de chnoic agus de chósta Chorca Dhuibhne le feiceáil iontu.

Tá deis fós ag daoine cur isteach ar an gcomórtas agus Dé hAoine an spriocdháta. Iarrtar ar dhaoine atá ina gcónaí i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, agus iadsan amháin, pictiúir a sheoladh isteach agus caithfidh gur sa cheantar a tógadh na pictiúir sin.

Bronnfar dearbháin ó shiopaí áitiúla i gCiarraí Thiar ar na buaiteoirí.

Má tá suim agat páirt a ghlacadh, seol do ghrianghraf chuig pleanteanga@cfcd.ie roimh 17.00 an Aoine seo Lá Bealtaine.

Clár raidió faoi Choláiste Bhríde, Rann na Feirste

Craolfar clár nua faoin choláiste samhraidh cáiliúil, Coláiste Bhríde i Rann na Feirste, Dún na nGall, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain, an 4 Bealtaine.

Beidh scéal an choláiste á thabhairt chun beatha ag an chraoltóir aitheanta Damien Ó Dónaill agus é ag tarraingt ar ábhar cartlainne ó stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga.

Bhunaigh an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh Coláiste Bhríde in Ó Méith i gContae Lú sa bhliain 1912 agus socraíodh ina dhiaidh sin an coláiste a aistriú go dtí an láthair Ghaeltachta i Rann na Feirste in iarthuaisceart Dhún na nGall. 

D’fhreastail níos mó ná 80,000 duine ar an choláiste thar na blianta, agus maireann an ceangal láidir le Contae Lú agus le Contae Mhuineacháin go dtí an lá atá inniu ann.

I measc na scoláirí a d’fhreastail ar an choláiste bhí TK Whitaker, Éamon de Valera, Bernadette McAliskey, Pádraig McNamee, Phil Coulter, Pádraig Ó Uallacháin agus an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich.

I mbliana, an chéad bhliain ó 1924 nach mbeidh scoláirí ag tarraingt ar an choláiste do chúrsaí samhraidh agus iad curtha ar ceal de bharr géarchéim an choróinvíris.

Craolfar Coláiste Bhríde, Rann na Feirste, ar Raidió na Gaeltachta Dé Luain, 4 Bealtaine ag 11am.

Cúrsaí Gaeilge ar líne á reachtáil ag Conradh na Gaeilge do dhaltaí meánscoile

Tá cúrsaí foghlama Gaeilge ar líne fógartha ag Conradh na Gaeilge do dhaltaí meánscoile.

Agus é deimhnithe an tseachtain seo caite nach mbeadh na coláistí samhraidh Gaeltachta ar siúl an samhradh seo de bharr an choróinvíris, tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge ceithre chúrsa a reáchtáil mí an Mheithimh chun freastal ar scoláirí.

Freastalóidh an chéad dá chúrsa ar dhaltaí na Sraithe Sóisearaí agus is do dhaltaí a bheidh ag déanamh na hArdteiste an dá chúrsa eile.

Reachtálfar na ranganna ar an ardán Zoom agus gheobhaidh na daltaí leabhrán nótaí trí ríomhphost. Múinteoirí meánscoile cáilithe a bheidh i mbun an chúrsa a mhúineadh.

D’fhógair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an tseachtain seo caite go raibh cinneadh déanta na cúrsaí Ghaeltachta ar fad a chur ar ceal ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí a chosaint.

Mairfidh cúrsaí ar líne Chonradh na Gaeilge cúig lá, Luan go hAoine, agus reáchtálfar na ranganna idir a 10.00am agus 1.30pm.

Beidh na ranganna 40 nóiméad ar fhad agus eagrófar gníomhaíochtaí ar nós biongó agus tráth na gceist ag deireadh an lae.

Cuirfear bréagscrúdú cainte ar fáil chomh maith ag deireadh an chúrsa d’aon dalta ar mian leo agallamh a dhéanamh.

Tá costas €175 ar chúrsa cúig lá. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Físeán – ábhair nádúrtha in úsáid ag ealaíontóir i gCiarraí Thiar chun éadach a dhathú

Tá léiriú ar conas ábhair nádúrtha a úsáid chun éadach a dhathú tugtha ag ealaíontóir atá ag cur fúithi i gCorca Dhuibhne.

Rinne Úna Ní Shé físeán i gcomhar le Molscéal a thaispeánann conas gur féidir úsáid a bhaint as glasraí, plandaí agus caora chun dath a chur ar phíosaí éadaigh.

Bhain Úna Ní Shé, atá ina cónaí in Abhainn an Scáil in iarthar Chiarraí, úsáid as craiceann oinniúin, fíon agus finéagar chun dath a chur ar phíosa síoda.

Deir sí gur féidir leas a bhaint as na hábhair nádúrtha chun dath nua a chur ar sheanéadach nach maith leat.

Leathanaigh Ghaeilge curtha le leabhar gníomhaíochtaí digiteach #ImagineNation

Tá Máire Zepf, Áine Ní Ghlinn agus Sadhbh Devlin i measc na n-údár Gaeilge atá le feiceáil i leabhar gníomhaíochta digiteach #ImagineNation, comhthionscadail idir Children’s Books Ireland agus An Post.

Tá ceachtanna líníochta, scríbhneoireachta agus eile sa leabhar do pháistí agus is féidir an leabhar go léir nó leathanaigh as a íoslódáil ó shuíomh Children’s Books Ireland.

Ceoltóir Gaeltachta is mó a mheall slua do cheolchoirmeacha ar líne Culture Ireland

Is é fear na gconsairtíní, Cormac Ó Beaglaoich, is mó a mheall lucht féachana do cheolchoirmeacha ar líne Culture Ireland.

Os coinn 48,000 a bhreathnaigh ar an cheolchoirm a rinne sé ina champer a bhí páirceáilte ar leithinis Chorca Dhuibhne i nGaeltacht Chiarraí.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, tráth ar craoladh a cheolchoirm, dúirt Cormac Ó Beaglaoich go raibh “iontas air” go raibh lucht féachana chomh mór sin aige agus gur phioc sé “ardán fé leith” chun an cheolchoirm a thaifeadadh.

“Is ceann de na háiteanna is deise é i gCiarraí Thiar agus radhairc de Thúr Bhaile Dháith, An Fear Marbh, Na Triúr Deirféar agus Cnoc Bréanainn ar fáil ann. Is í an áit is gile í ag deireadh na hoíche mar go dtéann an ghrian síos taobh thiar den fharraige, rud a chabhraigh leis an taifeadadh,” a dúirt sé.

Breis agus 120,000 duine a bhreathnaigh ar 23 ceolchoirm nó taispeántas beo a craoladh le linn na chéad seachtaine de ‘Éire i mbun Taibhithe’, tionscadal de chuid Cultúr Éireann.

I bpreasráiteas a chuir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta amach, dúradh gur “buaicphointí” a bhí sna seisiúin cheoil a rinne Cormac Ó Beaglaoich ina veain champála i gCorca Duibhne agus an cheolchoirm a rinne an t-amhránaí aitheanta Diane Ní Chanainn ag an trá i nGaeltacht Dhún na nGall.

I measc na n-ealaíontóirí eile a bhí i mbun craoltaí beo sa tsraith ‘Éire i mbun Taibhithe’ go dtí seo, bhí Aindrias de Staic, Gerry O’Connor agus Aoife Scott. Óna seid i mBaile Átha Cliath a craoladh beo ceolchoirm Aoife Scott, óna cheardlann fidléireachta a thaifeadadh ceolchoirm an fhidléara aitheanta Gerry O’Connor, agus bhí an t-aisteoir agus an ceoltóir aitheanta Gaeilge Aindrias de Staic le feiceáil i siopa ceardaíochta in Inis Díomáin.

Mheall na físeáin lucht féachana ó thíortha ar fud na cruinne, ina measc an Astráil, an Tasmáin, an tSeapáin agus na Stáit Aontaithe. 

Leanfar leis an tsraith ‘Éire i mbun Taibhithe’ go ceann trí seachtaine eile ar a laghad, a deirtear. I measc na gceoltóirí agus na n-ealaíontóirí a bheas i mbun craolta beo an tseachtain seo, tá an t-amhránaí Gaeilge Inni-K, Ger Wolfe, Nuala Kennedy, Oisín Mac Diarmada, True Tides, Shane Hennessy agus Thumper.

Ghabh an tAire Josepha Madigan buíochas leis na healaíontóirí ar fad a ghlac páirt sa tionscadal.

“Is iontach an rud é an moladh mór atá saothar go leor d’ealaíontóirí na tíre a fháil ó mhuintir na hÉireann agus ón bpobal idirnáisiúnta. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na healaíontóirí a bhfuil a saothar roinnte acu linn go dtí seo.”

Dúirt sí go raibh géarchéim Covid-19 “ag cur an-strus” ar ealaíontóirí a bhfuil a dteacht isteach laghdaithe go mór toisc gigeanna agus ceolchoirmeacha a bheith curtha ar ceal.

“Níl anseo ach ceann den réimse tionscnamh atá ann chun tacú le healaíontóirí agus is féidir sonraí na dtacaíochtaí ar fad a fháil ar láithreán gréasáin na roinne,” a dúirt an tAire Madigan.

Is féidir leat na taispeántais ar fad a fheiceáil ar leathanach Facebook Chultúr Éireann ANSEO.

Scagadh déanta ar an gcéad nuachtán tablóideach sa Ghaeilge agus an phleanáil teanga sa Ghaeltacht

Tá an chéad nuachtán tablóideach sa Ghaeilge, an phleanáil teanga sa Ghaeltacht, an measínfhoghlaim agus dul an Bhéarla ar an teanga i measc na n-ábhar éagsúil a ndéantar cíoradh orthu ar An Reiviú, iris rang an MA sa léann teanga in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Seisear ban – Róisín Masson, Aoife Ní Chonghaile, Clodagh Ní Éilí, Fiona Ní Fhátharta, Sionainn Ní Ghréacháin, Máire-Áine Uí Ailín – a bhí ar choiste eagarthóireachta na hirise i mbliana agus súil acu “gur iomaí ábhar machnaimh” atá inti.

“Agus cuid againn inár n-ábhair aistritheoirí agus cuid eile inár n-ábhair pleanálaithe teanga, táimid an-sásta roinnt alt a bhaineann leis na réimsí sin a bheith san áireamh in iris na bliana seo.

“I measc na n-ábhar eile a chlúdaítear inti, tá an teicneolaíocht, teagasc teangacha agus cúrsaí cumarsáide agus na meáin Ghaeilge, mar aon le cúig léirmheas ar leabhair idir shean agus nuafhoilsithe.

“Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as ábhar inniúil, ilghnéitheach an eagráin is déanaí seo a chur faoi d’fhiacail agus is mór againn a bheith in ann cur leis an mbunachar acmhainní atá ann do lucht léinn na Gaeilge, go háirithe in aimsir seo na dianghlasála,” a deir an Coiste Eagarthóireachta.

Tá neart ábhar éagsúil faoi chaibidil ag neart scríbhneoirí éagsúla san ochtú heagrán den iris phiarmheasta agus is féidir teacht air anseo.

Blaiseadh ó RTÉ de shaol na nGael faoin dianghlasáil

Tá clár Gaeilge nua á thaispeáint ag RTÉ anocht a ghealltar a thabharfaidh blaiseadh dúinn as Gaeilge den saol faoin gcuibhriú.

Sa chlár den teideal céanna leis an mblag, Ar Scáth a Chéile, is iad na daoine féin a rinne taifeadadh orthu féin.

I measc na ndaoine a bheidh le feiceáil ar Ar Scáth a Chéile, a chraolfar ag 8.30pm anocht, beidh an t-amhránaí Muireann Nic Amhlaoibh atá ina cónaí lena clann i gCorca Dhuibhne agus an scríbhneoir Ciara Ní É, atá ar ais ina cónaí lena tuismitheoirí i gCluain Tarbh.

Tabharfaidh an clár léiriú ar an saol in Éirinn faoi láthair, chomh maith le saol na nGael thar lear agus míreanna a thaifead an t-iriseoir Cathal Ó Cuaig atá in Barcelona, an t-iarlúthchleasaí parailimpeach Eimear Breathnach atá in Valencia agus Bláthnaid O’Donoghue, a bhog ó Manhattan go North Carolina agus an víreas á scaipeadh go tréan i Nua-Eabhrac.

Reic ag dul ar líne mar chuid de Lá na Filíochta

Beidh ócáid speisialta dhátheangach ar súil an tseachtain seo mar chuid de Lá na Filíochta.

Beidh Lá na Filíochta ag Éigse Éireann Déardaoin, an 30 Aibreán, agus tá sé i gceist ócáid de chuid Reic a reáchtáil. Agus cosc ar dhaoine bailiú le chéile de bharr na paindéime Covid-19, reáchtálfar Reic ar an ardán Zoom.

Is í Ciara Ní É a bheidh ina bean an tí don oíche agus beidh scata aíonna léi.

Ócáid dhátheangach é Reic ag a gcuirtear filíocht, scéalta, ceol agus rap i láthair.

Is féidir clárú don imeacht anseo.

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: FÍSEÁN: Tá dath uaine ar an mbrat dearg seo!'