Nuair a chuala mé an raic faoi oibrithe séasúracha Keeling’s, smaoinigh mé láithreach ar m’athair mór

Scéal de chuid an Aontais Eorpaigh nach bpléitear rómhinic – an eacnamaíocht a bheith beo ar allas daoine atá níos boichte ná muid

Nuair a chuala mé an raic faoi oibrithe séasúracha Keeling’s, smaoinigh mé láithreach ar m’athair mór

Ar maidin an lá arna mhárach chuamar amach a dh’obair. Chuaigh m’athair ar an druil tosaigh, Liam Beag, isteach ina dhiaidh agus mise ar an tríú druil. Shílfeá gur obair fhurast go leor tanú tornapaí, ach féach léithi go bhfeice tú. – Séamus Ó Grianna, Nuair a bhí mé óg.

Nuair a chuala mé an raic faoi oibrithe séasúracha Keeling’s, lucht fásta torthaí, smaoinigh mé láithreach ar m’athair mór, fear de bhunadh Dhún na nGall agus, dálta mórán dá ghlúin, fear a bhí ina oibrí séasúrach in Albain le linn an Chogaidh Mhóir.

Ba é an trua an chéad mhothúchán a bhí agam – go raibh obair den tsórt seo ar siúl go fóill ach gurbh iad muintir na hÉireann a bhí anois i muinín oibrithe den tsórt seo agus ní feirmeoirí rathúla na hAlban.

D’oibrigh m’athair mór ar fheirmeacha na hAlban le cúpla scilling a chur ar ais go Dún Lúiche agus, má tá fírinne ar bith i scríbhneoireacht Uí Ghrianna ar an am sin, ní go sócúil a mhair sé; é beo ar an bheagán agus codladh na  hoíche le fáil in árais bhrocacha.

Ina dhiaidh sin, fearg a mhothaigh mé.

Seo scéal de chuid an Aontais Eorpaigh nach bpléitear rómhinic – an eacnamaíocht a bheith beo ar allas daoine atá níos boichte ná muid; obair a dhéanadh Éireannaigh lá den tsaol anois á déanamh ag daoine as baile isteach. Is ceist í sin nach bpléitear minic go leor agus mores na meánaicme i réim sna meáin chumarsáide. Nach cuma cé a bhain an fómhar a fhad is go bhfuil an sú talún ar fáil ar phraghas maith?

An ionann deis oibre a thabhairt do dhaoine as baile isteach agus deiseanna oibre a shéanadh ar an lucht oibre sa bhaile? Cad é an tionchar a imríonn an gnás seo ar rátaí pá na n-oibrithe áitiúla? Ritheann sé liom go minic gur cuma agus gur róchuma le boic mhóra an Aontais faoi sin. A fhad is go ndéantar an obair, a fhad is go mbíonn brabús ann, nach cuma, an port a shamhlaím leis an institiúid sin; bíodh sin fíor nó bréagach.

Níl dlí ar bith briste ag Keeling’s agus tá gach aon rud atá déanta acu ar eolas ag an Rialtas. Ach nach bhfuil rud inteacht cineál bunoscionn faoin rud ar fad go gcaithfidh siad cúpla céad duine a thabhairt anseo ar eitleán as an Bhulgáir le hobair a dhéanamh i bpáirceanna Éireannacha – agus ag an am seo ach go háirithe?

Níl cead ag daoine na mairbh a chomóradh chun na cille, ach tá cead ann daoine a thabhairt isteach ar eitleán le hobair a dhéanamh?

(Ní raibh an Príomhoifigeach Leighis, an Dochtúir Tony Holohan, róshásta leis an chinneadh, á rá nach raibh sé ar a chompord leis.)

Deirtear nach bhfuil mórán cásanna de Covid-19 sa Bhulgáir. Is maith sin. Ach an bhfuil muid ag cur leis na seansanna go mbeidh sa tír sin amach anseo? Tháinig an galar chugainn ó thuaisceart na hIodáile agus lucht saoire ag pilleadh abhaile. Lucht saoire, dála an scéil, ní oibrithe séasúracha ocracha bochta.

Tuigim don riachtanas go ndéanfar an obair, ámh.

Mairim i measc feirmeoirí, i measc daoine a fhásann glasraí agus a dhíolann eallach. Níl mórán acu go maith as agus is slí bheatha í atá ag dul in olcas in aghaidh an lae faoi láthair. Masla a bheadh ann dá ligfí le torthaí lobhadh i bpáirc, peaca fiú, agus a bhfuil d’ocras ar an domhan. Caithfear an fómhar a bhaint agus tá tuarastal maith tuillte ag duine ar bith, ag gach duine, a thugann faoi.

An bhfuil dearmad déanta againn mar shochaí ar obair na lámh? An fearr linn an obair mhaslach anois a fhágáil faoi dhaoine nach bhfuil aithne againn orthu; faoi dhaoine nach gcuirfidh muid aithne orthu go deo? Cad iad na luachanna atá againn mar Éireannaigh agus mar Eorpaigh?

Tá cóip agam de phictiúr le George Russell (AE) ar an bhalla sa bhaile, The Potato Gatherers. Radharc álainn duairc atá ann ar oibrithe, mná sa chás seo, ag baint prátaí. Tá na dathanna dorcha agus níl aghaidheanna na mban le feiceáil: scéal an oibrí shéasúraigh i gcónaí; ann agus as ag an am chéanna.

Feicim an pictiúr sin ar éirí ar maidin agus ar dhul a luí san oíche dom. Cuireann sé na glúnta a mhair romham i gcuimhne dom: glúin sin m’athar mhóir ach go háirithe, a mhéara sa chlábar agus mo mhéara ag clóscríobh.

Mar bharr ar an íoróin, is ar pháirc prátaí a tógadh an teach galánta atá agam féin.

Níorbh fhiú don fheirmeoir prátaí a fhás sa pháirc agus dhíol sé an talamh le tógálaí.

Fág freagra ar 'Nuair a chuala mé an raic faoi oibrithe séasúracha Keeling’s, smaoinigh mé láithreach ar m’athair mór'

  • Mícheál Ó Ruairc

    An-alt go deo é seo ó Phól. Ionadh orm mar sin féin nach dtuigeann sé gur istigh sna hollmhargaidh a fhásann na torthaí agus na glasraí go léir agus gur istigh iontu freisin a mhaireann na ba, na caoirigh, na muca, na héisc, na cearca, na sicíní agus go fiú na turcaithe ag fanacht go foighneach leis an Nollaig. Is iontach na feiniméain iad gan aon agó!