FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Go minic is deoranta dúinn sa Ghaeilge an eolaíocht, ach is máistir é Matt…

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Sa mhír seo moltar leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Go minic is deoranta dúinn sa Ghaeilge an eolaíocht, ach is máistir é Matt…

Níl d’ábhar ar an nuacht agus ar na meáin faoi láthair ach an Covid-19, ní nach ionadh. Ach níl aon phlé in aon chor ar cad is víreas ann sa chéad áit.

Mura bhfuil a fhios agat inseoidh mé duit: is é is víreas ann ‘gníomhaí orgánach ar an teorainn idir damhna beo is damhna neamhbheo… Píosa beag RNA i bhfoirm slaite nó sféir, clúdaithe le brat próitéine (caipsid) agus eireaball air. Atáirgeann sé taobh istigh de chealla óstaigh éigin bheo: baictéar, planda nó ainmhí…’

Tá i bhfad níos mó ná sin ann, gan amhras, agus ní mise a chum ná a cheap an méid sin ach Matt Hussey.

Tá an cuntas iomlán, fara trácht ar víris éagsúla – víreas bolgaí, víreas buí, víreas easpa imdhíonachta daonna agus eile – le fáil ina mhórleabhar Fréamh an Eolais: ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta (Coiscéim €20).

Ní hé go mbeadh fonn ar dhuine ar bith suí síos agus é seo go léir a léamh ó chlúdach go clúdach, gach seacht gcéad agus breis leathanach de mhionchló cruinn de, mar is leabhar tagartha go bunúsach atá ann. Aistí gearra den uile shaghas ó abacá agus abhacréalta amach go dtí Z-cháithnín agus Vladimir Kosma Zworykin agus gach rud eile nár shamhlaigh tú riamh idir eatarthu.

Tá taithí fhorleathan agus choiteann againn ar na hábhair seo a phlé sa Bhéarla agus sna teangacha móra agus go minic is deoranta dúinn a leithéid sa Ghaeilge.

Ach is máistir é Matt Hussey ar an deacair a dhéanamh réidh, ar an rud casta a léirmhíniú. Mura bhfuil cleachtadh agat ar leithéidí, forthéamh domhanda, sádamásachas, feadán ga-chatóideach, críonlobhadh, nanaiteicneolaíocht, grúptheiripe, prionsabal na comhfhreagartha, faireog phitiútach agus eile agus eile agus eile, is gairid go mbeidh siad go triopallach ar do theanga, agus fios soiléir agat ar cad is brí leo.

Nuair a bheidh an méid sin slogtha go hiomlán agat is féidir ansin dul amach ar Laochra na hEolaíochta: lámhleabhar ar stair éachtaí na heolaíochta (Coiscéim €10) leis an údar céanna. Mionbheathaisnéisí ar eolaithe an domhain agus na gaiscí a dhein siad atá ann, agus ionad faoi leith ag eolaithe na hÉireann sonraithe go speisialta. Ar airigh tú trácht ar Thomas McLaughlin as Droichead Átha a dhein staidéar ar dhearadh gléasra cumhachta is córais tarchuir agus a shaothraigh plean do ghléasra hidrileictreach ginte ar abhainn na Sionainne? Duine de laochra an stáit óig Éireannaigh ba ea é, go háirithe maidir le bunú is le bainistiú an stáisiún nua leictreachais in Ard na Croise, ar chuir na bainc go mór ina choinne!

Tá ár bhformhór aineolach, agus mise go háirithe, maidir le hiontais na heolaíochta. Buailtear id aigne isteach méid an aineolais sin leis na leabhair seo, ach beidh tú buíoch go bhfuil treoraí léannta oilte agat le smut éigin den aineolas sin a scaipeadh.

Fág freagra ar 'FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Go minic is deoranta dúinn sa Ghaeilge an eolaíocht, ach is máistir é Matt…'