Níl aon taighde piarmheasta déanta agam, ach feictear dom go bhfuil sé níos éasca mé a chur ar strae na laethanta seo

Deirtear go dtógann sé 23 nóiméad agus 15 soicind ort díriú arís ar an tasc a bhí á dhéanamh agat tar éis do rud éigin cur isteach ort

Níl aon taighde piarmheasta déanta agam, ach feictear dom go bhfuil sé níos éasca mé a chur ar strae na laethanta seo

‘Mamaí, an bpriontálfaidh tú amach dot-to-dot dom ón ríomhaire?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom.

Bhí sé ar sos ón scoil sa mbaile atá socraithe suas sa gcistineach ó Luan go hAoine ag Fear an Tí.

Gafa le Mata a bhí ar an sceideal an mhaidin sin agus cleachtadh ar an litir ‘N’. 

‘Tá mé  ag obair faoi láthair,’ a deir mé leis. ‘Tá sé sin ok, Mamaí, ní thógfaidh sé i bhfad ort,’ a mhínigh sé dom.

‘Ba bhreá liom é a dhéanamh duit, ach caithfidh mé an rud seo a dhéanamh ar dtús.’

Bhreathnaigh mé air agus níor léir go raibh aon aird tugtha aige ar mo fhreagra ach é ag breathnú uaidh agus ag fanacht go stopfainn ag caint. 

 Bhí a fhios agam go raibh sé chomh maith agam é a phriontáil amach. ‘Cén sórt ceann atá tú a iarraidh?’ a d’fhiafraigh mé dhe.

‘Cuir isteach ceanna le 1 – 100 ar Ghoogle, Mamaí,’ an treoir a thug sé dom ansin.

D’oscail mé an brabhsálaí agus thosaigh á gcuardach.

‘Agus aon cheann de na water-type Pokémons.’ 

Is dóigh go bhfuil trácht éigin cloiste agat faoi na Pokémons, ach mura bhfuil, ’séard atá ann ná sraith carachtar a bhíonn ar chártaí is a mbíonn gasúir á mbailiú is ag imirt cluichí leo.

Tá leabhair agus scannáin bunaithe ar an tsraith freisin agus ní dhéanann mórán dhe aon chiall domsa, ach níl mé cúig bliana d’aois só cén t-iontas é nach dtuigim é. 

Chuir mé isteach an cuardach mar a dúradh liom.

‘Níl aon cheann acu sin le fáil, meas tú an bhféadfá a bheith beagán níos scaoilte san iarratas, nach leor aon chineál Pokémon?’ 

‘Hmmm,’ a dúirt sé agus d’imigh amach as an seomra. Ní raibh a fhios agam an raibh sé le filleadh nó an raibh deireadh leis an gcomhrá. Meas tú ar cheart dom glas a chur ar dhoras an tseomra, a chuimhnigh mé. 

Deirtear go dtógann sé 23 nóiméad agus 15 soicind ort díriú arís ar an tasc a bhí á dhéanamh agat tar éis do rud éigin nó do dhuine éigin d’aird a tharraingt uaidh.

Níl a fhios agam an bhfuil sé sin fíor, ach feictear dom go bhfuil sé níos éasca mé a chur ar strae na laethanta seo ná mar a bhíonn de ghnáth. 

Níl aon taighde piarmheasta déanta agam ar an gceist, ach tá barúil agam go bhfuil baint aige leis an bpaindéim.

Seans.

D’oscail doras an tseomra arís. ‘An mbeadh aon fire-type Pokémon dot-to-dots acu, meas tú?’ a d’fhiafraigh an Babaí agus ualach cártaí Pokémon ina láimh aige is é ag cartadh tríothu. 

‘Ní shílim go bhfuil aon cheann de na types acu,’ a deir mé go húdarásach agus an t-eolas ar fad atá agam faoin gcineál dot-to-dot atá ar fáil ar líne do na Pokémon-annaí bunaithe ar an gcuardach amháin sin a bhí déanta agam cúig nóiméad roimhe.

‘Céard faoi aon chineál Pokémon eile, an mbeifeá sásta leis sin mar mhargadh?’ a d’fhiafraigh mé dhe agus teicnící domhainanálaithe a bhí molta dom ag aip éicint á gcleachtadh agam. 

‘Hmmm,’ a deir sé, is rinne sé a mhachnamh.

‘Is dóigh go mbeidh sé alright.’ 

Bhrúigh mé an cnaipe priontála agus chuala an printéir ag dúiseacht sa seomra eile. ‘Gread leat anois, tá sé sa bprintéir duit.’ 

‘Go raibh maith agat, Mamaí,’ a deir sé agus d’imigh amach as an seomra.

Chuala mé é amuigh sa gcistineach ag bailiú an pháipéir ón bprintéir. Dhún mé an doras agus d’fhill ar an scáileán. Is gearr gur chuala mé gleo. 

‘Cén chaoi go bhfuair tusa dot-to-dots is ní bhfuair mise aon cheann?’ a deir an Cailín Mór Beag leis i nglór cráite fadfhulangach.

Níor chuala mé cén freagra a tugadh di sular oscail doras an tseomra arís de phreab drámatúil. 

‘Mamaí, an bhfuil cead agamsa dot-to-dot de bhanphrionsaí?’ a d’fhiafraigh sí díom. 

‘Tá mé in ainm is a bheith ag obair faoi láthair,’ a deir mé, is d’oscail an brabhsálaí arís. 

Fág freagra ar 'Níl aon taighde piarmheasta déanta agam, ach feictear dom go bhfuil sé níos éasca mé a chur ar strae na laethanta seo'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-ghreannmhar mar is nós do Bhríde chóir :-)