‘Is féidir an Chéad Chomaoineach a dhéanamh ‘gan an seó mór’ — sagart Gaeltachta

Is beag seans go mbeidh an Chéad Chomaoineach mar a bhíodh ann ar chor ar bith roimh dheireadh na bliana seo, a deir sagart paróiste as Conamara 

‘Is féidir an Chéad Chomaoineach a dhéanamh ‘gan an seó mór’ — sagart Gaeltachta

Tá ráite ag sagart Gaeltachta go mb’fhéidir go gcaithfí an Chéad Chomaoineach a dhéanamh duine ar dhuine ag Aifrinn i rith na seachtaine mar gheall ar scaipeadh an choróinvíris agus gur féidir an ócáid speisialta a cheiliúradh “gan an seó mór a bhí ann le blianta anuas”.

Ag scríobh dó i nuachtlitir Pharóiste an Chnoic in Indreabhán i gConamara, dúirt sagart an pharóiste, an tAthair Liam Ó Raghallaigh, nach féidir “aon chinneadh dearfa” a dhéanamh faoi láthair faoin gCéad Chomaoineach.

Bhí an Chéad Chomaoineach beartaithe do Pharóiste an Chnoic dar an 29 Bealtaine 2020 ach deir an tAthair Ó Raghallaigh gur “beag seans” atá ann go mbeidh an ócáid ar siúl an lá sin anois. 

“Ní féidir aon chinneadh dearfa a dhéanamh go bhfeicfidh muid cén t-am a bheidh cead againn Aifreann poiblí a bheith againn arís, agus cé na coinníollacha a bheidh ann ó thaobh ‘scaradh sóisialta’. 

“Agus mé ag léamh agus ag éisteacht leis an méid atá á rá faoi láthair, déarfainn gur beag seans go mbeidh an Chéad Chomaoineach ann ar an 29 Bealtaine. Má tá muid ag caint ar Chéad Chomaoineach mar a bhí — le lán an tséipéil — is beag seans go mbeidh an Chéad Chomaoineach ann ar chor ar bith roimh dheireadh na bliana seo,” a dúirt sé.

Mar sin féin, dúirt antAthair Ó Raghallaigh go mb’fhéidir go bhféadfaí an searmanas a dhéanamh “ar bhealach níos simplí agus gan aon slua mór ann”. 

“Beidh muid in ann é sin a phlé chomh luath ag atá a fhios againn cén t-am is féidir linn Aifreann poiblí a bheith againn, ach le bheith fírinneach faoi ní cheapfainn go dtarlódh sé sin chomh luath sin. D’fhéadfadh sé tarlú go gcaithfeadh muid [an Chéad Chomaoineach] a dhéanamh duine nó beirt le chéile ag Aifreann an Domhnaigh, nó fiú ag Aifreann i rith na seachtaine. Cibé socrú a dhéanfar, beidh sé ag leanacht comhairle lucht leighis agus an Rialtais. 

“Tá a fhios agam go bhfuil an Chéad Chomaoineach tábhachtach ach tá sláinte an phobail tábhachtach freisin. Is féidir le haon ghasúr Comaoineach a ghlacadh den chéad uair ag Aifreann ar bith lá ar bith. Is faoi na tuismitheoirí agus a muintir ócáid speisialta a dhéanamh de sin agus is féidir é sin a dhéanamh gan an seó mór a bhí ann le blianta anuas,” a dúirt sé. 

Ní raibh aon Aifreann poiblí ann ó d’fhógair an Rialtas srianta diana an mhí seo caite a chuir cosc ar shluaite daoine teacht le chéile le dul i ngleic le scaipeadh an choróinvíris. 

Fág freagra ar '‘Is féidir an Chéad Chomaoineach a dhéanamh ‘gan an seó mór’ — sagart Gaeltachta'