Plean nua leagtha amach ag OÉ Gaillimh don bhliain acadúil seo chugainn

I litir a chuir Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, chuig mic léinn, cuirtear síos ar chuid de na bearta a bheas á gcur i bhfeidhm ag an ollscoil le dul i ngleic le tionchar na géarchéime Covid-19

Plean nua leagtha amach ag OÉ Gaillimh don bhliain acadúil seo chugainn

Tá léargas tugtha ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar an chur chuige nua a bheas acu don bhliain acadúil 2020-2021.

I litir a chuir Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, chuig mic léinn, cuirtear síos ar chuid de na bearta a bheas á gcur i bhfeidhm ag an ollscoil le dul i ngleic le tionchar na géarchéime Covid-19.

I measc na mbeart is suntasaí atá luaite sa litir, deirtear go gcaithfear freastal a dhéanamh ar mhic léinn agus baill foirne nach mbeidh in ann a bheith ar an champas ar chor ar bith de bharr cúrsaí sláinte.

Is cosúil gur cuid riachtanach de na cúrsaí uile a bheas sa chianfhoghlaim.

“Fiú sa chás go gcuirfear deireadh le cuid de na srianta ginearálta, tuigimid go mb’fhéidir go mbeadh mic léinn agus comhaltaí foirne ann nach mbeadh in ann láithriú ar an gcampas, d’fhonn a sláinte féin agus sláinte na ndaoine ina gcóngar a chosaint,” a deirtear sa litir.

Beidh “léachtaí, saotharlanna, clinicí agus téatair” á reáchtáil agus an scaradh sóisialta i bhfeidhm iontu, a deirtear.

“Faraor, ní fios fós cé na srianta a bheidh i bhfeidhm de dheasca COVID-19 agus tús á chur againn leis an mbliain acadúil nua. Ach is mór an seans go mbeidh roinnt srianta um scaradh sóisialta i bhfeidhm i gcónaí i mí Mheán Fómhair agus ina dhiaidh sin,” a deirtear sa litir.

Tá bearta suntasacha eile leagtha amach ag an ollscoil maidir le clár ama na bliana seo chugainn. Ní bheidh mic léinn sa chéad bhliain ag cur tús lena seimeastar go dtí mí na Samhna, toisc na scrúduithe Ardteiste a bheith curtha siar go dtí 29 Iúil.

Ní chuirfear tús leis an chéad seimeastar do na mic léinn eile go dtí an 28 Meán Fómhair agus reáchtálfar scrúduithe na Nollag i mí Eanáir 2021.

Meastar go bhféadfadh go mbeadh titim mhór ar líon na mac léinn a bheas ag freastal ar champas na hollscoile an bhliain seo chugainn agus ar líon na mac léinn a bheas ag lorg lóistín.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Uachtarán Aontas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh, Clare Austick, go raibh “baol ann” go gcuirfí isteach ar “eispéireas ollscoile” na mac léinn an bhliain seo chugainn de bharr na paindéime.

“Is deacair saol na hollscoile ar an gcampas a shárú ó thaobh na mbuntáistí oideachais a bhaineann le bheith páirteach i léachtaí agus i dtionscadail le mic léinn eile, gan trácht ar na buntáistí sóisialta a bhaineann le  bheith páirteach i gcumainn agus clubanna na hollscoile agus an saol ar an gcampas go ginearálta.”

Dúirt Uachtarán Aontas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh go raibh sí ag súil go mbeidh “tionchar dearfach éigin” le brath agus titim ar an gcíos “an-ard” a ghearrtar ar mhic léinn i nGaillimh.

“Tá mé ag súil nach mbeidh an brú céanna ar lóistín ach bheinn buartha faoi mhic léinn na chéad bhliana, a bheas i mbun na hArdteiste an samhradh seo agus a bheas ag cuardach lóistín do mhí na Samhna.

“Má tá siad ag iarraidh lóistín a chinntiú don bhliain, seans go n-íocfaidh siad ceithre mhí roimh ré le lóistín a chinntiú do mhí na Samhna,” a dúirt Clare Austick, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh.

Deirtear i litir Uachtaráin OÉ Gaillimh gurb é cuspóir na hollscoile go gcuirfí “an teagasc agus na measúnuithe” i gcrích taobh istigh den bhliain ionas go mbeidh mic léinn in ann filleadh ar ghnáthstruchtúr na bliana acadúla in 2021-2022.

Deirtear go raibh “comhairle leathan” ag lucht bainistíochta na hollscoile agus na bearta seo á réiteach acu don bhliain seo chugainn.

Dúradh go raibh “cinnteacht” de dhíth ar mhic léinn agus iad ag iarraidh “ullmhúcháin” a dhéanamh don chéad tréimhse eile dá gcuid oideachais agus go raibh gá le “cothromaíocht a aimsiú idir an chinntitheacht agus an tsolúbthacht” i bplean na hollscoile ionas go gcuirfí san áireamh pobal uile na hollscoile.

Fág freagra ar 'Plean nua leagtha amach ag OÉ Gaillimh don bhliain acadúil seo chugainn'