Níl fuascailt i ndán dúinn, ach tá cúis mhisnigh de dhíth orainn

Thabharfadh sé faoiseamh do chách dá gcuirfeadh an Rialtas inár láthair plean céim ar chéim chun teacht slán as an dianghlasáil

Níl fuascailt i ndán dúinn, ach tá cúis mhisnigh de dhíth orainn

Tá faoiseamh ó dhianrialacha an fheachtais in aghaidh an choróinvíris á mholadh go forleathan, agus pléite cheana féin sa dá sheomra ina dtagann an rialtas le chéile.

Seacht seachtaine ó shin go díreach, le linn a chuairte ar Washington, a d’fhógair an Taoiseach an chéad chéim d’fheachtas dian sláinte nach léir a chríoch fós. Dúnadh scoileanna, siopaí, óstáin agus go leor ionad oibre eile ó shin i leith agus tá go leor diansrianta eile curtha ar ghnáthnósanna an tsaoil.

Ní haon iontas é mar sin go bhfuil fuascailt, dá theoranta í, á moladh ag mórán ar chúiseanna éagsúla, ach ar thrí cinn go háirithe:

  1. Toisc go dteastaíonn ábhar dóchais ó dhaoine go rachaidh saol na tíre i bhfeabhas, de réir a chéile ar a laghad.
  2. Toisc go bhfuil go leor daoine bréan de na srianta, agus cúis réasúnta ag cuid acu – mic léinn agus a dtuismitheoirí mar shampla.
  3. Toisc gur léir an riachtanas go gcuirfí beocht in ar a laghad réimsí áirithe den gheilleagar chomh luath agus is féidir. 

Is léir cheana féin ó chaint an Taoisigh le cúpla lá nach gceapann sé go mbeidh ar chumas an rialtais maolú suntasach ar na srianta a chur i bhfeidhm nuair a rachaidh siad in éag Dé Luain seo chugainn.

Ní léir, a dúirt Leo Varadkar, ó líon na n-othar atá sna haonaid dianchúraim, ó líon na ndaoine atá ag tolgadh an víris, ná ó líon na marbh go mbeadh sé sábháilte na srianta a chur ar ceal.

Ní hionann sin agus a rá nach bhfógrófar maolú éigin ar na srianta – leasú mar shampla ar an treoir a chuireann bac ar dhaoine atá os cionn seachtó bliain d’aois an baile a fhágáil chun dul ar shiúlóid.

Teastaíonn fógra níos ginearálta, áfach, agus ceann níos bunúsaí. Teastaíonn ábhar dóchais go dtiocfaidh an tír as an dianstaid agus as an duainéis ina bhfuilimid gafa le seacht seachtaine.

Ní gan dua ná dearmad a chuirfí plean a thabharfadh misneach do chách i bhfeidhm. Ná ní dhéanfar é gan corrchéim ar gcúl, mar a léiríonn sampla na Gearmáine. Bhí cur chuige na n-údarás sláinte sa tír sin á mholadh go hard i dtíortha eile, agus athoscailt scoileanna agus siopaí beartaithe de réir a chéile, go dtí gur tháinig scéala imní Dé Máirt. Bhí ráta atáirgthe an ghalair, a thit go dtí 0.7,  méadaithe arís go dtí a haon.

Tá rabhadh tugtha ag saineolaithe éagsúla anseo agus i dtíortha eile go gcaithfear a bheith san airdeall i dtíortha ina bhfuil ráta fáis an ghalair níos ísle ná mar a shíl daoine a bheadh sé tamall ó shin. Dar leo ní deimhniú laghdú ar líon na marbh ná ar líon na gcásanna nua i dtír ar bith nach bhfeicfear ráigeanna nó rabhartaí eile den ghalar amach anseo.

Is éard a theastaíonn dáiríre chun misneach a tabhairt don phobal abhus straitéis chéimnithe rialtais a léireoidh na tréimhsí feabhais ina bhféadfaí filleadh chomh fada agus is féidir ar an ngnáthshaol. 

Is dlúthchuid den chéad tréimhse feabhais mórchóras tástála a bheith i bhfearas, ionas gur féidir an víreas a aimsiú, a theorannú agus a chur faoi chois pé áit sa tír ina n-aimsítear é. 

Tá córas dá leithéid á fhorbairt de réir a chéile agus 35,000 tástáil sa tseachtain á dhéanamh faoi láthair. Deir na saineolaithe i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte áfach nach mbeidh an córas ar chaighdeán sásúil go mbeidh sé ar a chumas 100,000 tástáil a dhéanamh gach seachtain. Tá súil acu go mbeidh an sprioc sin sroichte acu faoin 19 Bealtaine, ach ní bheidh córas éifeachtach ann murar féidir toradh a fháil ar gach tástáil taobh istigh de leathlá ar a mhéid.

Ní féidir leis an rialtas clár ama a leagan amach, mar gheall ar an oiread éiginnteachta a bhaineann le todhchaí an ghalair in Éirinn agus ar fud an domhain, gan trácht ar an éiginnteacht eacnamaíochta. Ach neartódh straitéis choinníollach misneach an phobail.

Thuigfeadh ár bhformhór nach bhféadfaí clár ama ná cur síos iomlán ar na sonraí a chur os ár gcomhair. Ach thabharfaí faoiseamh do chách dá bhféadfaí an feabhas a bheidh ar chúrsaí sa todhchaí a phlé ar feadh tamaill, seachas a bheith síorchráite le cúrsaí atá chomh léanmhar is atá na agus atá faoi láthair.

Fág freagra ar 'Níl fuascailt i ndán dúinn, ach tá cúis mhisnigh de dhíth orainn'