Conas aire a thabhairt don tsláinte intinne aimsir na géarchéime

Cuid d’orgánach ollmhór amháin is ea gach duine againn is cuma céard a deirtear faoi indibhidiúlachas an lae inniu

Conas aire a thabhairt don tsláinte intinne aimsir na géarchéime

Ní raibh an víreas contúirteach i bhfad tagtha go hÉirinn nuair a rinne síciatraí as Gaillimh éacht: scríobh sé leabhar le muid a chur ar ár suaimhneas agus aire a thabhairt dár sláinte intinne i laethanta seo na himní.

An Dr Brendan Kelly is ainm dó. Tá sé ina Ollamh le Síciatracht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Éacht a rinne sé, a dúirt mé, agus ba ea freisin mar nár thóg sé ach cúig lá air an leabhar a chur i dtoll a chéile!

Bhí na foilsitheoirí, an Merrion Press, chomh cumasach céanna; d’fhoilsigh siad an saothar te bruite faoin teideal Coping with Coronavirus.

Tá sí ina ríomhleabhar ag Amazon anois agus an-éileamh uirthi i Meiriceá agus in áiteacha eile. Tá leabhar faoi chlúdach bog agus closleabhar á ndéanamh di freisin.

Bhí an Dr Kelly ag iarraidh toradh a chuid oibre a bheith ar fáil in aisce, ach ní ghlacfadh Amazon leis sin.

Shocraigh an Merrion Press, dá bhrí sin, an costas a choinneáil chomh híseal agus ab fhéidir – euro amháin an chóip. Tabharfar na dleachta údair do Chumann Croise Deirge na hÉireann le cuidiú leosan sa gcath in aghaidh an ghalair.

Is í an chomhairle bhunúsach atá ag an Dr Kelly orainn nár cheart dúinn neamhaird a dhéanamh ar bhealach ar bith den víreas ach nár cheart dúinn ag an am céanna sinn féin a chur as ár meabhair le faitíos roimhe.

Molann sé go láidir cluas a thabhairt do na treoracha atá ag teacht ó na heolaithe leighis. Ní cheapfainn go mbeadh sé an-sásta leis an gcaint a rinne Donald Trump faoi na díghalráin.

Dá mbeadh cúpla instealladh Dettol in ann an víreas a scrios b’fhurasta é a ruaigeadh!

Iompar comhréireach, dearcach, freagrach atá ag teastáil, a deir an Dr. Kelly, agus ní séanadh, scaoll ná a bheith ar nós cuma liom.

Níor theagmhaigh an víreas le tromlach an phobail beag ná mór agus tá daoine ann a airíonn beagáinín ciontach faoi sin. Tá daoine eile ann a bhfuil olc an domhain acu don dream a cheapann siad atá ag scaipeadh an víris. Ní hé leas intinne an duine an t-olc sin, a deir an Dr  Kelly.

Fear é féin a bhfuil suim aige sa mBúdachas. Tá teagasc acusan a deir ‘is ionann olc a bheith agat do dhuine eile agus do lámh a chur sa tine le aibhleoga a fháil aisti le caitheamh leis an té sin; dófaidh tú do lámh agus b’fhéidir nach mbuailfeadh na haibhleoga an duine eile tar éis do dhíchill.’

Tá fainic curtha ag an Dr Kelly ar a chuid léitheoirí faoi go leor den ‘eolas’ a bhíonn ar na meáin shóisialta. Cinnte is ceart cluas a choinneáil leis an eolas iontaofa is deireanaí atá ar fáil, a dúirt sé, ach níor mhaith an rud go rachadh cuartú eolais sa gceann againn.

Measann sé gur leor ceathrú uaire maidin agus tráthnóna ag éisteacht le heolas ó fhoinse ar féidir brath air.

Tá aclaíocht in ann a bheith ina cuidiú mór don tsláinte intinne. Gníomhaíocht mheasartha, 150 nóiméad sa tseachtain atá riachtanach. Sin 30 nóiméad de shiúlóid scafánta cúig lá na seachtaine.

Is é bun agus barr an scéil, a deir an Dr Kelly, go bhfuil ceacht mór amháin le foghlaim as an ngéarchéim atá sa mullach orainn faoi láthair agus is é sin go bhfuil nasc nádúrtha idir daoine. Cuid d’orgánach ollmhór amháin is ea gach duine againn is cuma céard a deirtear faoi indibhidiúlachas an lae inniu.

‘No man is an island,’ mar a dúirt an file John Donne.

Tá comaoin mhór curtha ag an Dr Kelly orainn faoi é sin a chur ar ár súile dhúinn agus treoracha simplí bunúsacha a bhronnadh orainn lenár n-intinn a choinneáil slán.

Fág freagra ar 'Conas aire a thabhairt don tsláinte intinne aimsir na géarchéime'