FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Pé rud é ealaín an ghearrscéil tá sin go paiteanta ag an gConallach seo

Sa mhír nua seo moltar leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Pé rud é ealaín an ghearrscéil tá sin go paiteanta ag an gConallach seo

Bhí tráth ann nuair a bhíodh meas thar cuimse ar an ngearrscéal. Go deimhin féin, bhí amadáin ann a shíl go raibh bua faoi leith ag Gaeil agus ag Éireannaigh don ghearrscéal, amhail is gur fhás sé as an ithir ar nós an chaisearbháin. B’in de bharr feabhas Uí Chonaire, Uí Fhlaithearta, Uí Chéileachair, Uí Chadhain agus na nGriannach sa Ghaeilge agus bolscaireacht O’Connor agus O’Faoláin sa Bhéarla. D’imíodar siúd agus tháinig glúnta eile, arb iad Pádraic Breathnach agus Seán Mac Mathúna na máistrí móra. Níl oiread gleithearáin agus gleo timpeall ar an ngearrscéal na laethanta seo, in ainneoin go bhfuil borradh mór tagtha ar an bhfoirm, agus leabhair den scoth ag seoladh chugainn gan stad.

Liosta ar deacair é a áireamh na húdair ar tháinig leabhair uathu le cúpla bliain anuas, agus nach bhfuil ar éigean aon iomrá orthu, ach a bhfuil Réaltán Ní Leannáin, Orna Ní Choileáin, Máire Dinny Wren, Seán Ó Muireagáin, Colm Ó Cealllacháin, Alex Hijmans agus Mike P. Ó Conaola ina measc mar chuid an bheagáin, gan trácht ar údair sheanbhunaithe eile.

Is é Cnámh (Éabhlóid) an tríú cnuasach scéalta le hEoghan Mac Giolla Bhríde, agus pé rud é ealaín an ghearrscéil tá sin go paiteanta aige.  Is í an éagsúlacht an chéad rud a rithfeadh leat ina dtaobh. Is é sin, ní bhíonn tuairim dá laghad agat cá bhfuil scéal ar bith dá chuid ag dul nuair a thumann tú isteach ann. Mar triaileann sé gach uile lúb dá bhfuil i maitheasaí agus i gcleasaíocht an ghearrscéil. Cuid acu tá siad, mar a déarfá, ‘traidisiúnta’ go leor maidir le suíomh agus le leagan amach de: Gaeltacht Thír Chonaill lenár linn agus le glúin nó dhó ar ais. Cuid eile fós thar lear i gcathracha éagsúla, scéalta sa chéad phearsa, sa tríú pearsa, agus ceann nó dhó ar cosúla le dánta próis iad ar a gcruinneas agus ar a ngontacht. Mar bhlonag na hinsinte, áfach, tá a ghuth sainiúil féin, tréith nárbh fhiú damait scríbhneoir ar bith á ceal. Is deacair liom aon lipéad (sa mhéid is gur fiú lipéad faicín ar bith) a bhualadh anuas ar cad é sin go díreach, ach is léir go mbaineann sé lena mheon ar leith amháin agus leis an stíl chrua nua a chleachtann sé bunaithe ar a chuid Gaeilge dhúchais féin ach casadh éigin bainte aisti aige, a úsáid féin déanta di. An té a fhaigheann blas ar an rud a dtugtaí stíl air fadó, tuigfidh sé sin go furasta.

Cad tá ann, mar sin?

‘An Gunna’ ina bhfuil lánúin a ndúisíonn tafann madra iad gach oíche agus a socraítear rud éigin a dhéanamh mar gheall air, ach go bhfuil draíocht agus mistéir fós ina dheireadh; ‘Slán le Páras’ ar scéal fileata é ina bhfuil ardléargas ar an gcathair sin mar chlúdach ar scéal grá nó ar scéal grá cráite; ‘An Duine Contráilte’ ar geall le scéal bleachtaireachta é a bhfuil botúnacht an duine ina lár; ‘An Saol mar a bhí’ ar sampla é den dán próis a luaigh mé; ‘An Cluiche’, slisne den bheatha ach a léiríonn idir chneastacht agus bhligeardaíocht na ndaoine ann; ‘An Chéad Fhaoistin’ nach bhfuil cosúil ar shlí ar bith leis an scéal ó Frank O’Connor a bhfuil teideal dá shórt air; ‘Crios na Cruinne’ ina bhfuil bean ‘á lorg féin’, agus b’fhéidir go ndéanann; agus an scéal is ansa liom ar fad ‘Seomra Feithimh’ ar monalóg atá ann ó sheanbhean atá ag rámhaillí faoina saol, faoinar tharla di, agus an méid nach dtuigeann sí faoina bhfuil ina timpeall, agus ar píosa cumhachtach eile pinn atá ann.

Ó sea, tá naoi scéal eile ann chomh maith.

Fág freagra ar 'FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Pé rud é ealaín an ghearrscéil tá sin go paiteanta ag an gConallach seo'