An bhfuil freagra na tomhaise agat? Seo chugaibh 15 dúshlán eile don mheabhair

Ba mhór an caitheamh aimsire clúide na tomhaiseanna tráth agus seo chugaibh dúshlán don mheabhair (le cuidiú Dúchas.ie)

An bhfuil freagra na tomhaise agat? Seo chugaibh 15 dúshlán eile don mheabhair

An bhfuil freagra na tomhaise agat? Seo chugaibh 15 dúshlán eile don mheabhair

  1. Níl sé amuigh ort is níl sé istigh ort ach tá sé ort is ní trom leat é?
  2. Tá mo dhaidí mór sa ngarraí agus dhá chéad cóta mór air?
  3. Siúd amach an doras í agus bia an tsagairt léi?
  4. Cár ghlaoigh an coileach gur chuala a raibh sa domhan é?
  5. Chuaigh mé suas an bóithrín, chuaigh mé anuas an bóithrín
    agus thug mé an bóithrín ar mo dhroim liom?
  6. Droichead ar loch gan maide ná cloch?
  7. Bíonn sé sa móinéar agus ní ghearrtar é
    Bíonn sé san abhainn agus ní bháitear é
    Bíonn sé sa siopa agus ní dhíoltar é?
  8. Tá sí ann ó thús an tsaoil is níl sí ráithe d’aois?
  9. Tá teachín beag agamsa agus síneadh na gcéadta ann agus ní shínfeadh mé fhéin ná leath mo chuid éadaigh ann?
  10. Sín amach do lámh ar d’aghaidh is feicfidh tú rud nach raibh, nach bhfuil agus nach mbeidh?
  11. Cnap saille faoi bhun coille agus gan aon easna ann?
  12. Cén mhí is lú a ndéanann mná caint?
  13. Siúd faoin stól í, siúd faoin gcófra í, siúd amach an doras í is cá bhfuil an duine a bhéarfas uirthi?
  14. Céard a bhíonn chuile dhuine a dhéanamh ag an am céanna?
  15. Duibhín ó dubh thar farraige anoir ag inseacht scéil gan féith ná fuil?

Fág freagra ar 'An bhfuil freagra na tomhaise agat? Seo chugaibh 15 dúshlán eile don mheabhair'