An bhfuil freagra na tomhaise agat? Seo chugaibh 15 dúshlán don mheabhair

Ba mhór an caitheamh aimsire clúide na tomhaiseanna tráth agus seo chugaibh dúshlán don mheabhair (le cuidiú Dúchas.ie). Tá na freagraí ag bun an ailt.

An bhfuil freagra na tomhaise agat? Seo chugaibh 15 dúshlán don mheabhair
  1. Ceithre cosa ag siúl, dhá cheann, dhá chos anuas agus corp. Céard é sin?
  2. Nuair a bíonn tú ag dul i do leaba céard é an rud deireanach a dhéanann tú?
  3. Tá sé faoin uisce, os cionn an uisce agus ní bhuaileann sé an t-uisce?
  4. Bolg ramhar, trí chos agus hata?
  5. Trí chos in airde, dhá chois ar talamh, ceann an duine bheo i mbéal an duine mhairbh?
  6. Tanaí thíos, leathan thuas, ag ligean a scíthe agus a lámh ina chluais?
  7. Saighdiúirín dearg ar bharr an chrainn, cloch ina bholg agus maide ina cheann?
  8. Cé hé an fear bocht agus maide fána ucht is é ag sileadh na ndeor go trom?
  9. Bíonn sé thall is bíonn sé abhus
    Bíonn sé i gConnachta na gCros
    Ar an each mhín shleamhain
    Is ins na coillte a mbíonn an meas?
  10. Tomhais chugam, tomhais thart,
    Cad é brí na gceithre slat
    Is cad é an dealg a bhain Fionn as a bhrat?
  11. Shuigh mé síos is chuartaíos é
    Dá bhfaighinn é ní bhéarfainn liom é
    Nuair nach bhfuarthas thugas liom é?
  12. Cailleach i gcoill is airde glam
    Puisíní iarainn is fiacla crainn?
  13. Lán an tí de chaoirigh bána
    Agus caora dhearg ina lár?
  14. Tobán gan tóin is é lán le feoil duine?
  15. Lán tí is lán garraí
    Is dúshlán fear Éireann
    Lán síothláin a bhaint as?

Fág freagra ar 'An bhfuil freagra na tomhaise agat? Seo chugaibh 15 dúshlán don mheabhair'