‘Ní dóigh go mbeifear ag cur comhairle ar an Rialtas amárach na srianta dianghlasála a scaoileadh’ – Holohan

1,528 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, 1,190 duine ó dheas den teorainn agus 338 duine ó thuaidh di

‘Ní dóigh go mbeifear ag cur comhairle ar an Rialtas amárach na srianta dianghlasála a scaoileadh’ – Holohan

Ní dóigh le Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte Tony Holohan go mbeifear ag cur comhairle ar an Rialtas amárach na srianta dianghlasála a scaoileadh ar an 5 Bealtaine.

Dúirt an Dr Holohan an méid sin tráth a raibh tuairiscí ann gur iarr cuid de cheannairí an fhreasúra air féin agus ar an Taoiseach srianta áirithe a mhaolú chun ábhar dóchais a thabhairt do dhaoine.

Chomh maith leis sin, dheimhnigh an Teachta Dála neamhspleách Denis Naughten gur iarr sé féin ar an Taoiseach agus ar an bPríomh-Oifigeach Leighis go bhféachfaí ar na srianta a dhéanamh níos boige ar dtús in áiteanna nach raibh buailte chomh dona sin ag an ngalar.

Meastar anois go bhféadfadh go mbeidh coicís eile ann sula dtosófar i gceart ar scaoileadh na srianta.

Tá ráite ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbeidh 15,000 tástáil in aghaidh an lae á ndéanamh ón 19 Bealtaine ar aghaidh.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) aréir bás 31 duine eile a raibh Covid-19 orthu.

Deimhníodh chomh maith go raibh an dara duine idir 15-24 bliain d’aois básaithe de thoradh an ghalair.

Dúradh go raibh 13,386 den bhreis is 20,000 duine a tholg an galar tagtha chucu féin go dtí seo. Sa phobal a tháinig 12,222 acusan chucu féin agus tháinig an 1,164 eile chucu féin san ospidéal.

Dúirt an Dr Holohan “dá mba inniu” a bhí cinneadh le déanamh maidir leis na srianta dianghlasála go mbeadh NPHET ag moladh gan na srianta a scaoileadh. Dúirt sé gur mheas sé nach dtiocfadh “aon athrú suntasach” ar an tuairim sin idir seo agus an cruinniú atá beartaithe ag NPHET amárach.

Cuirfidh NPHET comhairle i ndiaidh an chruinnithe sin ar an Rialtas maidir leis na beartais dianghlasála a tugadh isteach chuin dul i ngleic le scaipeadh an ghalair mharfaigh.

Dúirt Holohan go gcoinneofaí súil ar an scéal as seo go ceann roinnt laethanta.

Fógraíodh inné gur bhásaigh 40 duine eile in Éirinn de thoradh na paindéime.

Tuairiscíodh gur naonúr duine eile le Covid-19 a bhásaigh sa Tuaisceart.

1,528 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, 1,190 duine ó dheas den teorainn agus 338 duine ó thuaidh di.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas go raibh 376 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, rud a fhágann go bhfuil 23,716 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn, 20,253 cás ó dheas agus 3,463 cás ó thuaidh.

Tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 338 ó tharla gur daoine a fhaigheann bás sna hospidéil amháin a chuirtear san áireamh den chuid is mó sna figiúirí laethúla.

Foilsíodh na torthaí is déanaí tráth a bhfuil plé ar siúl maidir le straitéis éalaithe na hÉireann.

Dúirt an Dr Holohan arís aréir go raibh dul chun cinn á dhéanamh maidir le scaipeadh an ghalair a choinneáil faoi chois sa phobal, ach go gcaithfí coinneáil leis an iarracht a bhí ar siúl.

Dúirt sé go raibh na figiúirí maidir le líon na gcásanna nua den ghalar sa phobal agus na figiúirí maidir le líon na ndaoine a bhfuil an galar orthu a bhfuiltear ag déileáil leo sa chóras sláinte fós níos airde ná mar a bhí i gcuid de na tíortha atá tosaithe ar na beartais dianghlasála a scaoileadh.

Luaigh sé go háirithe cás na dtithe altranais agus na n-ionad cúraim eile.

Baineann 59% de líon iomlán na mbásanna le tithe altranais agus ionaid chúraim eile.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nach raibh an líon othar a bhí á gcur isteach in aonaid dianchúraim, líon na gcásanna nua ná an méid daoine a bhí ag fáil bháis de bharr Covid-19 “sách maith fós” le tús a chur le maolú na srianta dianghlasála.

“Ní dóigh go mbeinn as cor a rá nach bhfuil na figiúirí sin sách maith fós. B’fhéidir go mbeadh feabhas suntasach ar an scéal faoin Aoine, ach mar atá cúrsaí faoi láthair ní dóigh liom go bhfuil muid ansin go fóill,” arsa an Taoiseach.

Fág freagra ar '‘Ní dóigh go mbeifear ag cur comhairle ar an Rialtas amárach na srianta dianghlasála a scaoileadh’ – Holohan'