An ‘bás’ atá i ndán don Ghaeilge má leantar leis an ‘cur i gcéill’ sa chóras oideachais – Aontas Múinteoirí Éireann

Dúirt Ard-Rúnaí Cúnta TUI gur ‘cur i gcéill uafásach’ a bhí ann nach ndearna breis agus duine as gach cúigear a thug faoin Ardteist i mbliana scrúdú Gaeilge, in ainneoin gur ábhar éigeantach atá sa teanga

An ‘bás’ atá i ndán don Ghaeilge má leantar leis an ‘cur i gcéill’ sa chóras oideachais – Aontas Múinteoirí Éireann

Tá ráite ag ceann de na ceardchumainn múinteoirí is mó sa tír go bhfuil “slánú na Gaeilge féin” ag brath ar réiteach a fháil ar cheist na díolúine Gaeilge.

Dúirt Declan Glynn, Ard-Rúnaí Cúnta ó Aontas Múinteoirí Éireann [TUI] gur “cur i gcéill uafásach” a bhí ann nach ndearna breis agus duine as gach cúigear a thug faoin Ardteist i mbliana scrúdú Gaeilge, in ainneoin gur ábhar éigeantach atá sa teanga.

Léirigh anailís de chuid Tuairisc ar Ardteist 2022 nach raibh 22.4% de dhaltaí a fuair a dtorthaí an mhí seo caite cláraithe don scrúdú Gaeilge, líon níos airde ná mar a bhí aon bhliain eile le scór bliain anuas.

Agus é ag tagairt den fhigiúr sin ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais i dTeach Laighean inné, dúirt Glynn gur fadhb ollmhór a bhí ann, ní amháin don teanga sa chóras oideachais ach don Ghaeilge trí chéile.

“Ní thabharfainn comhcheilg air, ach b’fhéidir cur i gcéill uafásach. Ní dhéanann 22% de scoláirí iarbhunscoile an Ghaeilge in aon chor, níos mó ná duine as gach cúigear,” a dirt sé.

“Má leanann sin ar aghaidh, agus tá sé ag dul ar aghaidh go seasta, céard a bheidh ann don teanga féin? Cén chaoi gur féidir cur le líon na gcainteoirí, de réir straitéise an Rialtais, má éiríonn an méid sin scoláirí as foghlaim na Gaeilge? Cén todhchaí atá ann don teanga? Ní bheadh ann di ach an bás, i ndáiríre.”

Léirigh na ceardchumainn múinteoirí uile a labhair ag an gcruinniú inné imní faoin mborradh atá tagtha le blianta fada anuas ar líon na ndíolúintí a mbronntar ó staidéar na Gaeilge

In 1999, fuair 2.5% de scoláirí díolúine ón nGaeilge ach tá sin ardaithe go dtí 11% anois, in ainneoin córais nua a thug an Roinn Oideachais isteach cúpla bliain ó shin a dúradh go ndéanfaí rud annamh agus eisceachtúil den díolúine.

Nuair a bhí an Roinn i mbun an chórais nua sin a fhorbairt, dúradh gur chóir an “imní” agus “an strus” a luann daoine le foghlaim na Gaeilge a thabhairt san áireamh.

‘Is cosúil gur próiseas uathoibríoch é díolúine a fháil ón nGaeilge’

Dúirt Glynn go mbíonn strus ag baint le chuile ábhar agus nach ndéanann sé “ciall ná réasún” go mbeadh níos mó strus ar dhalta ag foghlaim na Gaeilge ná mar a bheadh ag foghlaim teanga eile. Dúirt sé go léiríonn na staitisticí go dtugann idir 55-74% de dhaltaí a fhaigheann díolúine ó nGaeilge faoi theanga Eorpach eile.

Mhaígh sé go raibh an chuma ar an scéal go raibh an Roinn Oideachais ag iarraidh é a dhéanamh níos éasca do dhaltaí díolúine ón nGaeilge a fháil, seachas a mhalairt.

“Caithfidh mé an cheist a chur, an bhfuil an Roinn ag iarraidh foras nua agus foras nua agus foras nua; bealach nua, bealach nua agus bealach nua a bhronnadh ar an bpobal le go n-éireodh páistí as an nGaeilge?

“Tá na forais faoinar féidir cur isteach ar dhíolúine ag dul i méid chomh maith. Is cosúil gur fhreagra ar éilimh tuismitheoirí é an foras nua a bhaineann le brú agus strus. Déarfaidh mé arís é, níl aon chiall ann go mbeadh níos mó strus agus brú ag baint leis an nGaeilge seachas aon ábhar eile.”

Dúirt Glynn gur chóir figiúirí a choinneáil maidir le líon na n-iarratas a dhéantar ar dhíolúintí chun léargas a fháil ar cén céatadán de na hiarratais a n-éiríonn leo.

Mhol sé freisin taifead a choinneáil ar líon na ndíolúintí a bhronntar i ngach scoil agus scéal faighte aige ó bhaill an cheardchumainn go raibh tuismitheoirí áirithe ag roghnú iarbhunscoile dá bpáistí bunaithe ar cé chomh “flaithiúil” agus a bhí an scoil i dtaobh díolúintí a cheadú.

Fág freagra ar 'An ‘bás’ atá i ndán don Ghaeilge má leantar leis an ‘cur i gcéill’ sa chóras oideachais – Aontas Múinteoirí Éireann'

  • Colin Ryan

    Nárbh fhearr aird a thabhairt ar fhadhbanna eile – múinteoirí gan Ghaeilge, gan deis a bheith ag daltaí Gaeilge a labhairt sa rang, múineadh leamh na teanga. Is beag an t-ionadh nach bhfuil suim ag an oiread sin daltaí sa Ghaeilge.

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Ní mórán an ‘cur i gcéill’ atá ann i ndáiríre. Tá a fhios ag madraí an bhaile gur ‘death of a thousand cuts’ atá i ndán don Ghaeilge má leanfar leis na ‘polasaithe’ a cuireadh i bhfeidhm ó thosach na 1960s. – féach: POBAL NA GAEILGE: le Pádraig Breandán Ó Laighin; go mórmhór Caibidil 6: Eisiamh na Gaeilge de réir a chéile ó fhearas riaracháin an Stáit, [ an ‘coup bunúsach’ mar a thugann sé air.]

  • Peadar Ó Súilleabháin

    ****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    ****************************************************************************************
    DÍOLÚINTÍ
    Mar a dúirt mé cheana :

    Déanann an Rialtas cibé socrú atá in oiriúint dó fhéin dá ainneoin moltaí an Phobail go dtí go ndéanann siad pracás ceart den scéal seo cúpla shampla :—

    Is iomaí DÍOLÚINTE a fuair an Stát/SaorStát thar na blianta gan a chuid dhualgaisí a chomhlíonadh i dtaobh na Gaeilge:—-

    1 —- Ní dlí Bille ar bith go dtí go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil sínithe ag an Uachtarán de réir ‘Bhunreacht na hÉireann’. (An Saorstát)

    Mar sin rinneadh éagóir ormsa nuair nach raibh leagannacha Gaeilge ar fáil de na ‘Achtanna’ ar cúiseadh mise fúthu’. Ní raibh an hAchtanna dlíthúil !!!

    Ach ba chuma leis an Stát ag an am mar bhí an ‘Chúirt Speisialta Chóiriúil’ (Pholaitiúil) faoi lán seoil (ó réimse Uí Choileáin) ag satailt ar chearta teanga, ar chearta daonna agus gearradh 10 mbliana ormsa.”

    2 —- Caitheann an Stát níos mó airgead ag iarraidh an Ghaeilge a sheachaint sa chóras dlí, sa chóras maireachtála, agus sa chóras caipitileach ag díol as abhchóidí, taighde, fíosriúcháin agus a leithéid.

    3 ——-D’fhéadfaí ‘Suim’ sa Teanga a chothú in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae fosta gan a thuilleadh moille le díolúintí a sheachaint Thuaidh agus Theas.

    4 ——Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    5 —— Straitéis Nua don tír uilig (na 32 Contae) atá a dhíth leis an suim agus ghrá sa teanga
    a chothú in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh.

    An Poblachtach— ag fanacht go fóil ar a chearta daonna agus teanga dá ainneoin an Chultúir Angla-Mheiriceánaigh agus meon an ‘Rialtais’ i dtaobh gach rud Gaelach.

    Ar aghaidh chun bua,

    Dónall Mór Mac Billing(s)

    Gaeltacht Phríosún Phort Laoise
    Bloc E
    Ardán 1

    Jailteacht/Gaeltacht Phríosúin Phort Laoise

    ***************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    ***************************************************************************************