Ardú 20% ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge a bronnadh ar dhaltaí iarbhunscoile faoi chóras nua

Tá díolúine ón nGaeilge faighte ag beagnach 25,000 dalta iarbhunscoile le dhá bhliain anuas

Ardú 20% ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge a bronnadh ar dhaltaí iarbhunscoile faoi chóras nua

Is ag dul i méid atá líon na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge san iarbhunscoil in ainneoin gur mhaígh an Roinn Oideachais go ndéanfadh córas nua rud “annamh agus eisceachtúil” den díolúine.

De réir figiúirí nua ón Roinn, bronnadh beagnach 25,000 díolúine ón nGaeilge ar dhaltaí iarbhunscoile le dhá bhliain anuas, ardú nach mór 20% ar an líon a bhí i gceist sular tugadh isteach an córas nua in 2019.

Foilsíodh na figiúirí i dtuarascáil nua de chuid na Roinne ar an athbhreithniú a rinneadh i mbliana ar an gcóras nua.

Tugtar le fios sa tuarascáil gur ceadaíodh 24,807 díolúine do dhaltaí iar-bhunscoile le linn na scoilbhlianta 2020-21 agus 2021-22, méadú ón 20,912 díolúine a fuair a leithéid idir 2017-18 agus 2018-19 – ardú 19%.

Níor cuireadh scoilbhliain 2019-20 san áireamh sa chomparáid toisc nár foilsíodh na critéir nua a d’eisigh an Roinn don chóras a úsáideann na scoileanna chun na díolúintí a chlárú go dtí mí Aibreáin 2020.

Tá imní á léiriú le fada ag eagraíochtaí teanga agus saineolaithe oideachais gur ardú ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge a bhronnfaí an toradh a bheadh ar an gcóras nua agus léiríonn na figiúirí is déanaí go raibh údar leis an imní sin.

Tá laghdú suntasach tagtha ar líon na ndíolúintí a thugtar do dhaltaí bunscoile ó tugadh an córas nua isteach. De réir  fhigiúirí na Roinne, tháinig laghdú 38% ar líon na ndíolúintí a ceadaíodh do dhaltaí bunscoile le dhá bhliain anuas i gcomparáid leis an líon a bronnadh sa dá bhliain roimh theacht i bhfeidhm an chórais nua. Laghdaigh líon na ndíolúintí sa bhunscoil ó 7,740 go 4,765.

Is i mí Mheán Fómhair 2019 a tugadh isteach an córas díolúine nua a gheall an Roinn Oideachais a dhéanfadh rud “eisceachtúil” den díolúine.

Rinneadh athbhreithniú ar an gcóras i mbliana ach, in ainneoin gur tháinig ardú mór ar líon na ndíolúintí ag leibhéal na hiar-bhunscoile, chinn an Roinn cur leis na cúiseanna faoina gceadaítear díolúintí.

An príomhathrú atá i gceist ná go bhfuil grúpa nua daltaí a bhfuil “ardleibhéal riachtanas éagsúil dianseasmhach acu” anois san áireamh i measc na ndaltaí atá i dteideal díolúine a fháil ón nGaeilge.

Cháin an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, a ghlac páirt i gcruinnithe a reáchtáladh mar chuid den athbhreithniú, an próiseas athbhreithnithe le gairid. Dúirt an tOllamh Ó Duibhir, Leas-Dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, nach athbhreithniú ceart a rinneadh ar an gcóras agus nach bhfuil an Roinn ach ag iarraidh a mhaíomh gur thug siad faoi athbhreithniú.

Aithnítear sa tuarascáil atá foilsithe anois ag an Roinn ar an athbhreithniú gur mheas lucht na Gaeilge “nach athbhreithniú ceart a bhí sa chur chuige a glacadh agus gur gá tabhairt faoi athbhreithniú cuimsitheach.”

Bhí ceardchumainn múinteoirí, comhlachtaí bainistíochta, daltaí, Grúpaí Abhcóideachta dóibh siúd le Riachtanais Speisialta Oideachais/míchumais, ranna Rialtais, Oifig an Ombudsman do Leanaí, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann agus eagraíochtaí Gaeilge ina measc siúd a ghlac páirt sna cruinnithe faisnéise mar chuid den athbhreithniú.

Deir an Roinn gur glacadh cinneadh gan tabhairt faoi athbhreithniú cuimsitheach ar an gcóras mar gheall ar an mbrú a chuir an phaindéim ar scoileanna agus go ndearnadh athbhreithniú cuimsitheach ar chóras na ndíolúintí in 2018.

Dhírigh athbhreithniú 2022, mar sin, ar aiseolas a bhí faighte ó pháirtithe leasmhara le linn cur i bhfeidhm an chórais nua.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuair an Roinn Oideachais os cionn 1,000 píosa comhfhreagrais maidir leis an gcóras nua. Bhain a bhformhór mór le ceisteanna faoi réimse na riachtanas speisialta agus daltaí a raibh riachtanais foghlama acu ach nár chomhlíon na critéir a bhí leagtha amach ag an Roinn do dhíolúine.

Deirtear freisin go bhfuair an Roinn 36 gearán ó Oifig an Ombudsman do Leanaí agus go raibh ceithre chás Ard-Chúirte tosaithe ina raibh ordú á lorg ag iarratasóirí go gcuirfí ar ceal cinneadh a rinne scoileanna díolúine a dhiúltú. Tá lucht na gcásanna sin ag cur in aghaidh dhlíthiúlacht rialacha na Roinne sa réimse seo.

Rinneadh achomharc i gcás 304 iarratas ar dhíolúine a diúltaíodh (202 ag an mbunleibhéal agus 102 ag an iar-bhunleibhéal) ó tháinig an córas nua i bhfeidhm, ach bhí an Bord Achomhairc sásta in 85% de na cásanna sin gur lean an scoil an próiseas a bhí leagtha síos ag an Roinn.

Faoin gcóras nua, tá cead ag aon dalta díolúine a fháil ón nGaeilge sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun acu ar thriail scoite i léamh focal, i léamhthuiscint nó i litriú.

Mheas saineolaithe oideachais agus teanga áirithe a ghlac páirt san athbhreithniú go raibh an 10ú peircintíl ró-ard gur chóir don Roinn é a ísliú go dtí an 6ú nó an 7ú peircintíl.  Deir an Roinn go n-aithnítear an 10ú peircintíl go hidirnáisiúnta mar “thagarmharc”, áfach, agus nach bhfuil sé i gceist é sin a athrú.

Deirtear sa tuarascáil go raibh “glacadh maith i gcoitinne le hathruithe 2019”.

B’in in ainneoin go raibh ‘formhór mór’ na n-aighneachtaí scríofa a fuair an Roinn Oideachais i gcoinne an mholta go gcuirfí mar chúram ar phríomhoidí díolúintí ón nGaeilge a cheadú i gcás deacrachtaí foghlama a bheith ag daltaí. Go dtí sin ba ghá teastas a bheith tugtha ag síceolaí oideachais gairmiúil leis an díolúine sin a fháil.

Fág freagra ar 'Ardú 20% ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge a bronnadh ar dhaltaí iarbhunscoile faoi chóras nua'