Níos mó díolúintí ón nGaeilge a bheidh mar thoradh ar athbhreithniú nua ón Roinn Oideachais – saineolaí

D’eisigh an Roinn Oideachais ciorclán nua an tseachtain seo faoi chóras na ndíolúintí ón nGaeilge sna bunscoileanna 

Níos mó díolúintí ón nGaeilge a bheidh mar thoradh ar athbhreithniú nua ón Roinn Oideachais – saineolaí

Tuilleadh díolúintí ó staidéar na Gaeilge a bheidh mar thoradh ar threoracha nua atá foilsithe ag an Roinn Oideachais, a deir saineolaí oideachais.

D’eisigh an Roinn Oideachais ciorclán nua an tseachtain seo ar chóras na ndíolúintí ón nGaeilge sna bunscoileanna. Tá an ciorclán nua  bunaithe ar ‘athbhreithniú’ a rinneadh ar chóras nua conspóideach a tháinig i bhfeidhm dhá bhliain ó shin.

Cé gur mhaígh an Roinn ag an am go ndéanfadh an córas nua rud “annamh agus eisceachtúil” den díolúine, léirigh taighde a rinne Tuairisc go raibh líon na ndíolúintí a cheadaítear ag dul i méid i gcónaí. Is ag cur leis na critéir faoina gceadaítear díolúintí amháin atá an treoir is deireanaí ón Roinn.

Deir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir nach athbhreithniú ceart a rinneadh ar an gcóras, áfach, agus nach bhfuil an Roinn ach ag iarraidh a mhaíomh gur thug siad faoi athbhreithniú.

“Ní chuirtear aon sonraí, eolas, staitisticí, taighde nó eile i láthair [sa chiorclán]. Ní fhéadfaí athbhreithniú a thabhairt air ach chomh fada is a bhaineann sé leis an Roinn, beidh siad in ann a mhaíomh gur chomhlíon siad an gheallúint a thug an tAire in 2019 go gcuirfí athbhreithniú ar siúl,” arsa Ó Duibhir, Leas-Dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. 

Dúirt an saineolaí, a thug rabhadh faoi thionchar an chórais nua sular tugadh isteach é dhá bhliain ó shin, gur ‘tic curtha i mbosca’ atá i gceist leis an athbhreithniú.

“Má chuireann polaiteoir an cheist amach anseo, beidh an tAire in ann seasamh suas sa Dáil agus a rá ‘Rinne mo Roinn athbhreithniú air sin’ agus beidh an bosca sin ticeáilte acu,” a deir sé.

“Nuair a chuir siad na hathruithe móra i bhfeidhm in 2019, gheall siad athbhreithniú chun mo leithéidse a chiúnú agus seo é anois. Níl aon gheallúint faoi athbhreithniú eile amach anseo. Leanfar leis agus, de réir mar a fheicimse, rachaidh na huimhreacha atá ag fáil díolúine in airde.”

An príomhathrú atá sa chiorclán nua ón Roinn ná go bhfuil grúpa nua daltaí a bhfuil “ardleibhéal riachtanas éagsúil dianseasmhach acu” anois san áireamh ina measc siúd atá i dteideal díolúine a fháil ón nGaeilge.

Deir Ó Duibhir go bhfuil na daltaí sa ghrúpa seo ar an líon beag daltaí ar cheart go mbeadh díolúine ag dul dóibh.

“Tá an cóhort nua seo curtha san áireamh agus is iad an mionlach beag eisceachtúil go mba chóir iad a chur san áireamh le haghaidh díolúine seachas an mhórchuid nach bhfuil bunús eolaíoch ar bith ann go dteastaíonn díolúine uathu.”

D’fhreastail an tOllamh Ó Duibhir ar chruinniú a reáchtáil an Roinn Oideachais le heagraíochtaí teanga níos luaithe i mbliana mar chuid den obair athbhreithnithe, ach deir sé gur léir ag an bpointe sin nach raibh an Roinn ag iarraidh aon athruithe suntasacha a dhéanamh ar an gcóras.

Deir Ó Duibhir gur léir gurbh í bagairt an dlí is mó a bhí ag déanamh imní don Roinn agus roinnt cásanna cúirte tugtha ag tuismitheoirí nár éirigh lena bpáistí díolúintí ón nGaeilge a fháil.

De réir na staitisticí is deireanaí atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais, tháinig ardú ar líon na ndaltaí ar bronnadh díolúine ón nGaeilge orthu ar bhonn Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) sa chéad bhliain ina raibh an córas nua i bhfeidhm.

D’ardaigh líon na ndaltaí bunscoile a fuair díolúine ar bhonn RSO ó 1,313 in 2019/2020 go dtí 1,863 in 2020/21, ardú 30%. Ardú 11% a bhí i gceist sna hiarbhunscoileanna le linn na tréimhse céanna – ó 6,026  go dtí 6,249.

Faoin gcóras nua a tugadh isteach dhá bhliain ó shin, cuireadh mar chúram ar phríomhoidí na n-iarbhunscoileanna díolúintí ón nGaeilge a cheadú i gcás deacrachtaí foghlama a bheith ag daltaí. Roimhe sin, ba ghá teastas a fháil ó shíceolaí oideachais gairmiúil leis an díolúine sin a fháil.

Fágann an córas nua freisin go bhfuil cead ag aon dalta díolúine a fháil ón nGaeilge sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun acu ar thriail scoite i léamh focal, i léamhthuiscint nó i litriú.

Sular tugadh an córas nua isteach, thug saineolaithe oideachais amhail an tOllamh Pádraig Ó Duibhir rabhadh go bhfágfadh na socruithe nua gurb amhlaidh go mbeadh níos mó díolúintí ón nGaeilge á mbronnadh ar dhaltaí seachas a mhalairt.

Sular tugadh an córas nua isteach, d’admhaigh an Roinn Oideachais go mbíodh 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtaí do dhaltaí “mícheart” agus mhaígh siad go gcinnteodh an córas nua gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge feasta.

Ach níor thug an Roinn aon sainmhíniú ar cad a bhí i gceist le ‘annamh agus eisceachtúil’ agus bhí saineolaithe oideachais éagsúla den tuairim go gcuirfeadh an t-athrú go mór le líon na ndíolúintí ón nGaeilge a cheadófaí.

Fág freagra ar 'Níos mó díolúintí ón nGaeilge a bheidh mar thoradh ar athbhreithniú nua ón Roinn Oideachais – saineolaí'

  • Billings/Bilie --Dónall Mór

    **********************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

    Is iomaí DÍOLÚINTE a fuair an Stát/SaorStát thar na blianta lena chuid dhualgaisí a chomhlíonadh i dtaobh na Gaeilge.

    Ní dlí Bille ar bith go dtí go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil sínithe ag an Uachtarán de réir ‘Bhunreacht na hÉireann’. (An Saorstát)

    Mar sin rinneadh éagóir ormsa nuair nach raibh leagannacha Gaeilge ar fáil de na ‘Achtanna’ ar cúiseadh mise fúthu’. Ní raibh an hAchtanna dlíthúil !!!

    Ach ba chuma leis an Stát ag an am mar bhí an ‘Chúirt Speisialta Chóiriúil’ (Pholaitiúil) faoi lán seoil (ó réimse Uí Choileáin) ag satailt ar chearta teanga, ar chearta daonna agus gearradh 10 mbliana ormsa.”

    Caitheann an Stát níos mó airgead ag iarraidh an Ghaeilge a sheachaint sa chóras dlí, sa chóras maireachtála, agus sa chóras caipitileach ag díol as abhchóidí, taighde, fíosriúcháin agus a leithéid.

    Cothaigh ‘Suim’ sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille le díolúintí a sheachaint Thuaidh agus Theas.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    An Poblachtach— ag fanacht go fóil ar a chearta daonna agus teanga d’ainneoin an Cultúr Angla-Mheiriceánach agus meon an ‘Rialtais’ i dtaobh díolúintí.

    Ar aghaidh chun bua,

    Dónall Mór Mac Billing(s)

    Gaeltacht Phríosún Phort Laoise
    Bloc E
    Ardán 1

    Jailteacht/Gaeltacht Phríosúin Phort Laoise

    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *********************************************************************************