Ardú tagtha ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama ó bunaíodh córas nua

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie faoi na figiúirí is deireanaí, dúirt saineolaí oideachais amháin go raibh an tuar tagtha faoin tairngreacht maidir le ceist na ndíolúintí

Ardú tagtha ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama ó bunaíodh córas nua

Tá ardú 11% tagtha ar líon na ndaoine a fuair díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu ó tugadh isteach córas nua, córas a dúirt an Roinn Oideachais a dhéanfadh rud “annamh agus eisceachtúil” den díolúine.

De réir figiúirí nua atá faighte ag Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais, 6,686 díolúine ó staidéar na Gaeilge a ceadaíodh in iarbhunscoileanna an stáit ar bhonn deacrachtaí foghlama sa scoilbhliain 2020-2021, i gcomparáid le 6,026 an bhliain roimhe sin.

Faoin gcóras nua a tháinig i bhfeidhm ag tús na scoilbhliana, mí Mheán Fómhair seo caite, cuireadh mar chúram ar phríomhoidí na n-iarbhunscoileanna díolúintí ón nGaeilge a cheadú i gcás deacrachtaí foghlama a bheith ag daltaí. Go dtí sin ba ghá teastas a fháil ó shíceolaí oideachais gairmiúil leis an díolúine sin a fháil.

Fágann an córas nua freisin go bhfuil cead ag aon dalta díolúine a fháil ón nGaeilge sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun acu ar thriail scoite i léamh focal, i léamhthuiscint nó i litriú.

Ó tugadh an córas nua isteach, tugadh 2,864 díolúine mar thoradh ar thrialacha léamhthuisceana, tugadh 1,077 díolúine mar thoradh ar thrialacha léamh focal agus tugadh 1,057 díolúine mar thoradh ar thrialacha litrithe.

Faoin gcóras nua tá cead chomh maith díolúine a fháil má bhíonn dalta i scoil nó i rang speisialta agus fuair 436 dalta díolúine ón nGaeilge sa gcás sin.

Dúirt an Roinn Oideachais gur tugadh díolúine do 1,252 dalta a raibh teastas faighte acu faoin seanchóras.

Nuair a chuirtear na díolúintí sin ar fad le chéile, 6,686 dalta a fuair díolúine ó staidéar na Gaeilge de bharr deacracht foghlama sa scoilbhliain 2020-2021, ardú 660 ar fhigiúir na bliana roimhe sin.

Sular tugadh an córas nua isteach, thug saineolaithe oideachais amhail an tOllamh Pádraig Ó Duibhir rabhadh go bhfágfadh na socruithe nua gurb amhlaidh go mbeadh níos mó díolúintí ón nGaeilge á mbronnadh ar dhaltaí seachas a mhalairt.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie faoi na figiúirí is deireanaí, dúirt an tOllamh Ó Duibhir, Leas-Dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go raibh an tuar tagtha faoin tairngreacht.

“Bunaithe ar na figiúirí go dtí seo, breathnaíonn sé go bhfuil an toradh ar leasú na Roinne a rabhthas ag súil leis, sin go mbeadh sé níos fusa díolúine a fháil agus go bhfuil ardú ar na figiúirí dá réir,” arsa an tOllamh Ó Duibhir.

Sular tugadh an córas nua isteach, d’admhaigh an Roinn Oideachais go mbíodh 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtaí do dhaltaí “mícheart” agus mhaígh siad go gcinnteodh an córas nua gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge feasta.

Ach níor thug an Roinn aon sainmhíniú ar cad a bhí i gceist le ‘annamh agus eisceachtúil’ agus bhí saineolaithe oideachais éagsúla den tuairim go gcuirfeadh an t-athrú go mór le líon na ndíolúintí ón nGaeilge a cheadófaí.

Measann an tOllamh Ó Duibhir go bhfuil an córas nua ró-scaoilte.

“Tá an critéir sin maidir leis an 10ú peircintíl ró-ard. Ní theastaíonn díolúine ó staidéar teangacha, an Ghaeilge sa chás seo, do gach páiste sa réimse sin,” a dúirt sé. Dúirt an tOllamh Ó Duibhir gur maith an cruthúnas air sin a iníon féin a bhfuil disléicse uirthi.

“Bhí sí thar a bheith lag ag an litriú agus í ar scoil. Bhí sí ar an gcúigiú peircintíl ach fuair sí marcanna an-mhaith sa Ghaeilge agus sa bhFraincis san Ardteist. Bhí sí ábalta.”

Deir an tOllamh Ó Duibhir go bhfuil sé buartha go dtabharfar “an teachtaireacht mhícheart” do dhaoine nach bhfuil gasúir a bhfuil deacrachtaí foghlama acu in ann an dara teanga, an Ghaeilge sa chás seo, a fhoghlaim.

Dúirt sé go bhfuil an baol ann go mbeadh níos mó tuismitheoirí anois ag lorg díolúintí dá bpáistí má fheiceann siad ag streachailt leis an nGaeilge iad.

“Tá baol ann má fheiceann siad an deis sin, b’fhéidir go gceapfaidh siad gur cheart díolúine a fháil do pháiste agus gurb é sin an rud is fearr don pháiste.”

 “Mar chuid d’athbhreithniú na Roinne Oideachais, ba cheart an cheist a chur an bhfuil gá le díolúine ó staidéar na Gaeilge nó an bhfuil bealach níos fearr leis an teagasc a chur in oiriúint do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu cé is moite de líon beag, thart ar 2%, a bhfuil deacrachtaí troma agus iomadúla foghlama acu.”

Cé gur tháinig ardú i mbliana ar líon na ndaltaí iarbhunscoile a fuair díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama, thit líon iomlán na ndíolúintí ón nGaeilge a tugadh do dhaltaí don scoilbhliain 2020-2021, de réir fhigiúirí na Roinne Oideachais.

11,100 díolúine ón nGaeilge ar fad a tugadh do dhaltaí iarbhunscoile i mbliana, laghdú ó 12,060 sa scoilbhliain 2019-2020. D’fhéadfadh go bhfuil impleachtaí na paindéime Covid-19 agus srianta taistil le feiceáil sna figiúirí sin áfach agus líon na ndaltaí a fuair díolúine tar éis dóibh seal a chaitheamh thar sáile tite ó 6,034 in 2019-2020 go dtí 4,414 in 2020-2021, laghdú 1,620.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais le Tuairisc.ie go raibh sé i gceist i gcónaí athbhreithniú a dhéanamh ar chóras nua na díolúine tar éis dhá bhliain, sin mí Lúnasa 2021.

“Tá sé ró-luath ag an bpointe seo, sula dtarlaíonn a leithéid d’athbhreithniú, teacht ar chonclúid faoi threochtaí nó tuairimíocht a dhéanamh faoin bhfáth go bhféadfadh méadú nó laghdú a bheith ag teacht ar an líon díolúintí a deonaíodh faoi na cúinsí éagsúla mar atá leagtha amach sna Ciorcláin,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

D’aontaigh an tOllamh Pádraig Ó Duibhir go bhfuil sé róluath an t-athbhreithniú sin a dhéanamh agus gan ach figiúirí aon bhliain amháin foilsithe, ach dúirt sé go mbeadh sé níos fearr dá gcuirfeadh an Roinn Oideachais curaclam nua Gaeilge ar fáil a bheadh in oiriúint do dhaltaí a bhfuil deacrachtaí acu.

Fág freagra ar 'Ardú tagtha ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama ó bunaíodh córas nua'