Ardú 25% tagtha ar líon na ndíolúintí a ceadaíodh do dhaltaí iarbhunscoile anuraidh

Tá líon na ndíolúintí ón nGaeilge a dheonaítear do dhaltaí iarbhunscoile ag fás níos tapa ná mar atá líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar iarbhunscoileanna an stáit

Ardú 25% tagtha ar líon na ndíolúintí a ceadaíodh do dhaltaí iarbhunscoile anuraidh

D’ardaigh líon na ndíolúintí ón nGaeilge a deonaíodh do dhaltaí iarbhunscoile anuraidh beagnach 25%, de réir figiúirí atá faighte ag Tuairisc ón Roinn Oideachais.

Cé gur ardaigh líon na ndaltaí a bhí ag freastal ar iarbunscoileanna an stáit le linn na tréimhse sin, ní raibh ach ardú 3% i gceist, agus tá ardú níos mó ná sin ar líon na ndaltaí a bhíonn ag fáil díolúine ón nGaeilge sa chóras oideachais.

Deir an Roinn Oideachais go bhféadfadh an t-ardú atá ag teacht ar líon na ndaltaí a bhíonn ag freastal ar an iarbhunscoil a bheith ar cheann de na cúiseanna leis an ardú ach de réir anailíse atá déanta ag Tuairisc ar na figiúirí le cúig bliana anuas, tá líon na ndíolúintí ón nGaeilge a dheonaítear do dhaltaí iarbhunscoile ag fás níos tapa ná mar atá líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar iarbhunscoileanna an stáit. Is tapúla fós atá na figiúirí ag méadú ó thug an Roinn Oideachais isteach an córas nua díolúintí.

Anuraidh, bronnadh 13,710 díolúine nua ón nGaeilge ar dhaltaí iarbhunscoile, ardú beagnach 24% ar an 11,097 díolúine a deonaíodh le linn na scoilbhliana 2020-21.

Cé gur tháinig ardú ar líon na ndaltaí a bhí ag freastal ar an iarbhunscoil anuraidh ón mbliain roimhe, ó 379,184 go dtí 391,698, ní raibh ann ach 3% d’ardú.

Den bhreis is 390,000 dalta ag bhí san iarbhunscoil in 2021-22, bhí níos mó ná duine as gach deichniúr ag fáil díolúine ó staidéar na Gaeilge – 41,158 dalta ar fad nó 11% den iomlán.

I bhfómhar na bliana 2019 a thug an Roinn Oideachais córas nua na ndíolúintí isteach. An bhliain roimhe sin, bhí 9% de dhaltaí iarbhunscoile ag fáil díolúine ón nGaeilge, 34,285 dalta as 362,899 ar fad.

Tá líon ard na ndaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge ina ábhar gearáin ag grúpaí a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais. Glactar leis go bhfuil daltaí ann a bhfuil deacrachtaí foghlama acu a bhainfeadh leas as díolúine ón Gaeilge, ach maítear nach mbeadh ach 2-3% de dhaltaí i gceist ansin.

Tá ardú tagtha ar chéatadán na ndíolúintí a bhronntar ar ghasúir de bharr deacrachtaí foghlama ó thug an Roinn Oideachais córas nua isteach trí bliana ó shin.

In 2018-19, bunaithe ar Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) a bheith acu a fuair 48% de na daltaí díolúine ón nGaeilge. Mhéadaigh sin go dtí 50% in 2019-20, an chéad bhliain a raibh an córas nua i bhfeidhm, agus mhéadaigh sé go dtí 60% in 2020-21. D’fhéadfadh gur cúrsaí Covid-19 ba chúis leis an ardú suntasach sin, toisc go raibh laghdú mór ar líon na ndaltaí a tháinig thar tír isteach agus a bhí i dteideal díolúine. In 2021-22, RSO ba chúis le 55% de na díolúintí a deonaíodh do dhaltaí iarbhunscoile

Tá méadú tagtha ar líon na ndaltaí a bhíonn ag freastal ar an iarbhunscoil bliain ar bhliain le cúig bliana anuas, ach bhí an méadú a tháinig ar líon na ndíolúintí a deonaíodh sna blianta sin i gcónaí níos mó ná an borradh a tháinig ar líon na ndaltaí.

Bhí 357,408 dalta ag freastal ar iarbhunscoileanna an stáit cúig bliana ó shin agus cé gur ardaigh sé sin beagnach 10% go dtí 391,698 dalta in 2021/22, tháinig ardú 23% ar líon na ndaltaí sa chóras a raibh díolúine acu ón nGaeilge le linn na tréimhse céanna.

Cé go bhfuil na figiúirí ag ardú ag leibhéal na hiarbhunscoile, is a mhalairt atá i gceist sa bhunscoil.

Thit líon na ndíolúintí a deonaíodh do dhaltaí bunscoile gach bliain le cúig bliana anuas agus cé gur thit líon iomlán na ndaltaí bunscoile gach bliain freisin, tá laghdú tagtha ar chéatadán na ndaltaí a bhíonn ag fáil díolúine.

In 2017-18, bhí 18,301 nó 3.2% de dhaltaí bunscoile ag fáil díolúine ón nGaeilge. Thit sin go dtí 10,321 nó 1.9% in 2021-22.

D’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag treoracha nua na Roinne Oideachais ar an athrú sin agus é molta i gcásanna áirithe fanacht go mbeidh dalta 12 bliain d’aois sula gcuirtear isteach ar dhíolúine. Ach is beag tionchar atá ag an athrú ag leibhéal na bunscoile ar an scéal iomlán agus an titim ag leibhéal na bunscoile curtha ar neamhní ag an ardú san iarbhunscoil.

I ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc, dúirt an Roinn Oideachais “gur deacair a rá” cén fáth go bhfuil líon na ndíolúintí ag titim ag leibhéal na bunscoile ach ag ardú ag leibhéal na hiarbhunscoile.

Dúirt urlabhraí go bhféadfadh an phaindéim Covid-19 tionchar a imirt ar an scéal agus níos lú tuismitheoirí ag lorg díolúintí dá bpáistí le cúpla bliain anuas toisc scoileanna a bheith dúnta agus daltaí ag foghlaim ón mbaile.

Dúradh freisin go bhféadfadh sé go mbíonn daltaí iarbhunscoile ag fanacht go dtí go mbíonn siad ag tabhairt faoi na scrúduithe stáit sula gcuireann siad isteach ar dhíolúine.

Faoin gcóras nua a tháinig i bhfeidhm in 2019, cuireadh mar chúram ar phríomhoidí na n-iarbhunscoileanna díolúintí ón nGaeilge a cheadú i gcás deacrachtaí foghlama a bheith ag daltaí. Go dtí sin ba ghá teastas a fháil ó shíceolaí oideachais gairmiúil leis an díolúine sin a fháil.

Fágann an córas nua freisin go bhfuil cead ag aon dalta díolúine a fháil ón nGaeilge sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun acu ar thriail scoite i léamh focal, i léamhthuiscint nó i litriú.

cáineadh déanta ag dreamanna a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais ar an athbhreithniú a rinne an Roinn Oideachais i mbliana ar na hathruithe sin agus d’fhógair Coiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo go rabhthas chun an córas a phlé ag sraith cruinnithe i rith an fhómhair.

Fág freagra ar 'Ardú 25% tagtha ar líon na ndíolúintí a ceadaíodh do dhaltaí iarbhunscoile anuraidh'

  • pádraig ÒMuircheartaigh

    Tá a fhios ag madraì na sráide cèn fáth go bhfuil ardù suntasach as cuimse ar lìon na ndìolùintì-inimirce gan smacht

  • Seán

    Mar eolas don duine thuas. Níl aon fhianaise ann dá ráiteas. Tá na daoine óga atá tagtha chun na tíre seo ar chuid de na foghlaimeoirí Gaeilge is gníomhaí. Is ionsparáid iad. An chúis is mó leis an ardú sa díolúine ná scoláirí le riachtanais oideachais bhreise agus a dtuismitheoirí ag lorg na díolúine agus Príomhoidí scoile gan meas ar an nGaeilge sásta géilleadh. Ag an am céanna, níl aon deacracht ag na scoláirí seo tabhairt faoi theanga eile. Tá an locht ar Phríomhoidí agus ar Bhoird Bainistíochta scoile agus ní ar inimirce mar a luadh thuas!!

  • pádraig ÒMuircheartaigh

    Fèach ar liosta na ndìolùintī .conas go bhfuil a fhios agatsa go bhfuil an lucht inimirce chomh dìograiseach agus nìl na dùchasaigh.