Tá sé á mhaíomh go bhfuil iallach á chur ag scoileanna ar dhaltaí rogha a dhéanamh idir an Ghaeilge agus a n-uaireanta tacaíochta foghlama breise.
Deirtear go bhfuil seo ag tarlú fiú i gcás daltaí a tógadh le Gaeilge.
I dtuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais an tseachtain seo, deirtear gur tarraingíodh aird le linn a gcuid taighde ar chleachtas a bhí ar bun i roinnt iar-bhunscoileanna uaireanta tacaíochta foghlama a sceidealú ag an am céanna le ranganna Gaeilge.
Deirtear gur fhág an cleachtas seo go raibh ar dhaltaí agus tuismitheoirí rogha a dhéanamh idir an Ghaeilge agus na huaireanta breise.
Mar chuid den athbhreithniú a rinne an Roinn ar chóras na ndíolúintí, dúradh gur chuir roinnt páirtithe leasmhara “ábhair imní thromchúiseacha” in iúl faoin gcur chuige a dúradh a bhíonn ag roinnt iar-bhunscoileanna maidir le sceidealú na n-uaireanta tacaíochta foghlama.
“Tuairiscíodh gurb é an cleachtas ná tacaíocht foghlama a thráthchlárú go comhuaineach le ceachtanna Gaeilge ag cur iallach ar thuismitheoirí rogha a dhéanamh idir leithdháileadh RSO [Riachtanais Speisialta Oideachais] a linbh a rochtain nó an Ghaeilge a rochtain, fiú nuair is í an Ghaeilge an teanga baile nó nuair a bhíonn an dalta tar éis dul tríd an gcóras bunoideachas i scoil lán-Ghaeilge.”
Nuair a d’fhoilsigh an Roinn ciorcláin nua faoi chur i bhfeidhm chóras na ndíolúintí do thús na scoilbhliana nua, ní dhearnadh aon tagairt don fhadhb seo, ná níor tugadh aon mholadh maidir le cén chaoi a bhféadfaí í a réiteach.
Deir oifigigh de chuid na Roinne sa tuarascáil gur fadhb í a bhfuil ‘dúshlán’ ag baint le dul i ngleic léi agus ní mholtar ach gur chóir do scoileanna “tagairt do dhoiciméid treorach a eisíodh chun tacú leo”. Tugtar roinnt samplaí de na doiciméid éagsúla seo nach mbaineann aon cheann acu go sonrach leis an gceist.
Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go léiríonn “teip” na Roinne dul i ngleic leis an bhfadhb seo na laigí a bhain leis an athbhreithniú a rinneadh ar chóras na ndíolúintí.
Cháin de Spáinn cur chuige na Roinne maidir leis an obair agus deir sé gur “cur i gcéill amach is amach” a bhí san athbhreithniú. Bhuail oifigigh ón Roinn le Conradh na Gaeilge agus dreamanna eile mar chuid den athbhreithniú ach, dar le de Spáinn, níor tugadh aon deis dóibh aon ionchur a bheith acu sa phróiseas.
“Bhuaileamar leo an lá sular chas siad leis an Aire [Oideachais] chun torthaí an athbhreithnithe a chur chun cinn. Bhí na leasuithe a bhí le moladh oibrithe amach cheana féin acu,” arsa de Spáinn.
“Ní raibh siad ag lorg aon aighneacht nó aon tuairim ar an ábhar. Cur i gcéill amach agus amach a bhí ann.”
Maidir le hiallach a bheith á chur ar dhaltaí a bhfuil tacaíocht bhreise ag dul dóibh díolúine a fháil ón nGaeilge chun go mbeadh siad in ann freastal ar ranganna tacaíochta, deir de Spáinn gur léir go bhfuil an nós ann i roinnt mhaith scoileanna.
“Tá sampla agam de Ghaelscoil amháin ina bhfuil tuismitheoirí ag lorg díolúine ón nGaeilge do pháiste sula bhfreastalaíonn a bpáistí ar an meánscoil mar go bhfuil a fhios acu go bhfuil an riachtanas sin ann [rogha a dhéanamh idir an Ghaeilge agus na huaireanta tacaíochta].
“Seo páistí a chuaigh tríd an gcóras Gaeloideachais, páistí a bhfuil Gaeilge acu. Tá sé scannalach amach is amach an rud atá ag titim amach i scoileanna.”
Deir de Spáinn gur léiríodh an-bhuairt sa chruinniú le hoifigigh na Roinne Oideachais faoin scéal, ach nach ndearnadh aon tagairt dó nuair a rinneadh uasdátú ar na treoracha a thugtar do scoileanna maidir le ceadú díolúintí.
“Conas gur féidir athbhreithniú a thabhairt air seo nuair atá fadhb chomh bunúsach tagtha chun cinn agus gan aon rud molta chun dul i ngleic léi?”
Deir de Spáinn freisin go bhfuil teipthe ar an Roinn aon chur chuige nua a cheapadh chun dul i ngleic leis an ardú atá tagtha ar líon na ndíolúintí atá á fháil ag daltaí.
Léiríonn figiúirí sa tuarascáil nua gur tháinig ardú nach mór 20% ar líon na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge san iarbhunscoil in ainneoin gur mhaígh an Roinn Oideachais go ndéanfadh córas nua rud “annamh agus eisceachtúil” den díolúine.
“Níl tada ráite sa tuarascáil, agus tá muid curtha amach go mór faoi seo, faoi cén plean atá ag an Roinn, cad atá sa chur chuige nua a laghdóidh an gá atá leis an ndíolúine? Cén tacaíocht a chuirfear ar fáil don dalta chun a chinntiú nach mbeidh díolúine ag teastáil amach anseo?”
Deir de Spáinn go bhfuil an Roinn ag seachaint na faidhbe lena gcur chuige.
“Níl aon rud luaite sa tuarascáil maidir le líon na ndíolúintí a laghdú. Táthar sásta scaoileadh leis an méadú.”
De réir na bhfigiúirí nua ón Roinn, bronnadh beagnach 25,000 díolúine ón nGaeilge ar dhaltaí iar-bhunscoile le dhá bhliain anuas, méadú ón 20,912 díolúine a fuair a leithéid idir 2017-18 agus 2018-19. B’ionann sin agus ardú 19%.
Is i mí Mheán Fómhair 2019 a tugadh isteach an córas díolúine nua a gheall an Roinn Oideachais a dhéanfadh rud “eisceachtúil” den díolúine.
Rinneadh athbhreithniú ar an gcóras i mbliana ach, in ainneoin gur tháinig ardú mór ar líon na ndíolúintí ag leibhéal na hiar-bhunscoile, chinn an Roinn cur leis na cúiseanna faoina gceadaítear díolúintí.
An príomhathrú atá i gceist ná go bhfuil grúpa nua daltaí a bhfuil “ardleibhéal riachtanas éagsúil dianseasmhach acu” anois san áireamh i measc na ndaltaí atá i dteideal díolúine a fháil ón nGaeilge.
Cháin an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, a ghlac páirt i gcruinnithe a reáchtáladh mar chuid den athbhreithniú, an próiseas athbhreithnithe le gairid. Dúirt an tOllamh Ó Duibhir, Leas-Dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, nach athbhreithniú ceart a rinneadh ar an gcóras agus nach bhfuil an Roinn ach ag iarraidh a mhaíomh gur thug siad faoi athbhreithniú.
Fág freagra ar '‘Iallach’ á chur ar dhaltaí rogha a dhéanamh idir an Ghaeilge agus uaireanta breise foghlama'