‘Is cosúil gur próiseas uathoibríoch é díolúine a fháil ón nGaeilge’

Cháin lucht cheardchumainn na múinteoirí córas na díolúine Gaeilge ag cruinniú i dTithe an Oireachtais tráthnóna agus dúirt Cumann Múinteoirí Éireann go gcaithfí féachaint athuair ar “choincheap” na díolúine féin

‘Is cosúil gur próiseas uathoibríoch é díolúine a fháil ón nGaeilge’

Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann, John Boyle

Mhaithfí don té a mheasfadh gur “próiseas uathoibríoch” den chuid is mó é díolúine a fháil ón nGaeilge.

B’in cuid dá raibh le rá ag lucht cheardchumainn na múinteoirí a bhí i láthair ag cruinniú i dTeach Laighean inniu.

Bhí an INTO, an TUI agus an ASTI i láthair ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta tráthnóna, an dara cruinniú i sraith cruinnithe faoi cheist chonspóideach dhíolúine na Gaeilge.

Dúirt Cumann Múinteoirí Éireann ag an gcruinniú go gcaithfí féachaint athuair ar “choincheap” na díolúine féin, go háirithe i bhfianaise athruithe ar an gcuraclam bunscoile agus mar gheall ar an gcaint faoi nuatheanga Eorpach eile a theagasc ag an mbunleibhéal.

Dúirt John Boyle, Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann, nach raibh macasamhail díolúine na Gaeilge ar fáil in aon tír eile san Eoraip. Maidir leis an athbhreithniú a rinneadh ar an gcóras nua díolúintí a tugadh isteach in 2019, dúirt Boyle nach athbhreithniú “ceart” a bhí ann.

Dúirt sé go gcaithfí fianaise bunaithe ar thaighde a thabhairt mar chruthúnas go mbaineann buntáiste le díolúine ó ghné ar bith den churaclam. Dúradh nach raibh a leithéid d’fhianaise curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais.

Dúirt ceardchumann na múinteoirí bunscoile gur cheart áiseanna breise a chur ar fáil do mhúinteoirí bunscoile chun tacú le daltaí a mbíonn deacrachtaí acu teanga a fhoghlaim.

Dúirt Boyle go raibh “neamhréir” i gceist le díolúine ón nGaeilge a bheith á cheadú do dhaltaí a bhí ag déanamh staidéir ar theangacha Eorpacha eile seachas an Béarla agus an Ghaeilge.

Níor cheart, a dúirt an INTO, díolúine ón nGaeilge a thabhairt do dhalta ach amháin sa chás go bhfuil fianaise ann nach bhfuil foghlaim an dara teanga ar leas an dalta agus go bhfuil tréimhse fhada caite ag iarraidh réiteach eile a fháil ar pé deacracht atá aige.

Dúirt Ard-Rúnaí an INTO nach raibh aon fhianaise idirnáisiúnta ann go raibh a leithéid de rud ann is sain-mhíchumas foghlama teanga agus nach raibh aon chruthúnas ann ach oiread go ndéanann an dátheangachas dochar do pháistí a bhfuil ASD acu.

Ní hamháin sin, a dúirt sé, ach d’fhéadfadh go gcabhródh an dátheangachas le forbairt scileanna cumarsáide agus sóisialta páistí a bhfuil neamhord de chuid speictream an uathachais acu [ASD].

Bhí Declan Glynn, Ard-Rúnaí Cúnta ó Aontas Múinteoirí Éireann [TUI], ar aon tuairim leis an INTO nach raibh aon fhianaise ann go raibh a leithéid de rud ann is sain-mhíchumas foghlama teanga.

Dúirt Ard-Rúnaí Cúnta an TUI go raibh córas na ndíolúintí “lochtach” agus “míshásúil”.

“Is é croílár na faidhbe ná líon na ndíolúintí a dheonaítear ag an leibhéal iar-bhunscoile ar bhonn deacrachtaí foghlama,” arsa Declan Glynn.

“Tá formhór na scoláirí ag an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile araon a ndeonaítear díolúintí ó staidéar ar an nGaeilge dóibh sa chatagóir seo. Mhaithfí don té a mheasfadh gur próiseas uathoibríoch den chuid is mó é an deonú díolúine.”

Dúirt sé gur údar imní ‘strus’ a bheith á úsáid mar chúis gan staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge.

“Tá dua ag baint le foghlaim teanga ar bith, gan aon agó, ach tá strus ag baint le hábhair scoile eile chomh maith, ar dual don uile scoláire dul i dtaithí air, ach cabhair a bheith á fáil ag an scoláire ó fhoireann na scoile.

“Ní fheictear dúinn gur mó an strus agus an imní a bhaineann le staidéar ar an nGaeilge per se, go háirithe má leanann scoláirí ar aghaidh le foghlaim teangacha eile: tá na próisis chognaíocha chéanna i gceist i bhfoghlaim na Gaeilge agus foghlaim teangacha iasachta ar nós na Fraincise nó na Spáinnise.”

Dúirt Declan Glynn go bhfeictear do bhaill d’Aontas Múinteoirí Éireann go mbreathnaíonn scoláirí “go fuarchúiseach, fuarchroích ar ualach oibre agus fiúntas na n-ábhar scoile éagsúil” agus go ndéanann siad cinneadh “nach fiú an dua agus an deacracht a bhaineann leis an nGaeilge”.

B’fhearr dóibh díriú, a dúirt sé, ar ábhair eile agus, “ina lán cásanna, a gcuid pointí don Lár-Oifig Iontrála a uasmhéadú”.

Tá go leor de bhaill an TUI den tuairim, ar sé, go bhféachann roinnt scoláirí agus a dtuismitheoirí ar an díolúine “mar réiteach” agus mar “bhealach éalaithe” as ábhar atá “dúshlánach”, dar leo.

“Más ea, is cosúil go bhfuil díolúintí á ndeonú do scoláirí nach bhfuil incháilithe dóibh agus go bhfuil leatrom á dhéanamh dá dheasca sin ar a gcomhscoláirí. Más amhlaidh an scéal, is mór an éagóir é.”

Dúirt Ard-Rúnaí Cúnta an TUI go raibh “easpa eolais agus trédhearcachta” ag baint le córas na ndíolúintí.

Luaigh sé gur tugadh díolúine ón nGaeilge do 2.5% de scoláirí iar-bhunscoile i 1999 ach gur os cionn 11% a bhíonn i gceist blianta beaga anuas. Dúirt sé go gcuireann an fás ar líon na ndíolúintí “ar neamhní aidhm na Roinne Oideachais gur rud ‘annamh’ agus ‘eisceachtúil’ a bheadh sa díolúine”.

Léirigh taighde a rinne Tuairisc gur ag dul i méid atá líon na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge san iarbhunscoil in ainneoin gur mhaígh an Roinn Oideachais go ndéanfadh córas nua a tugadh isteach in 2019 rud “annamh agus eisceachtúil” den díolúine.

Aontaíonn an TUI leo siúd a áitíonn nár cheart go mbeadh díolúine ach ag 2-3% de phobal na scoile, a dúirt Glynn.

Údar imní ar leith don cheardchumann “an borradh seasta” ar líon na ndíolúintí a dheonaítear ag an leibhéal iar-bhunscoile agus “an t-ardú as éadan ar líon na ndíolúintí a dheonaítear ar bhonn deacrachtaí foghlama ag an dara leibhéal ó tugadh an córas nua isteach in 2019 –  6,026 díolúine in 2019 i gcomparáid le 7,400 in 2022.

Údar imní chomh maith “an t-ardú as éadan” – 47% – ar líon na ndíolúintí a deonaíodh do scoláirí sa séú bliain sa tréimhse 2019 – 2021.

Dúradh gur tháinig ardú 170% ar líon na ndíoliúntí a deonaíodh idir 2004 agus 2019.

“Tá an critéar róscaoilte agus róchúng; ní theastaíonn ach scór ar an deichiú peircintíl nó faoina bhun ar thriail litrithe nó léamh focal nó léamhthuiscint,” a dúirt Ard-Rúnaí Cúnta an TUI, Declan Glynn.

Dúirt sé gurb í tuairim an TUI ná gur ar “aimhleas chothú agus cur chun cinn na Gaeilge féin é an borradh seasta ar líon na ndíolúintí ag an leibhéal iar-bhunscolaíochta”.

Dúirt Anne Loughnane ón ASTI, Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire, gur chreid an ceardchumann sin gur cheart go dtabharfaí gach seans ab fhéidir do dhaltaí an Ghaeilge a fhoghlaim. Níor chóir a deir an ASTI aon díolúine a bheith ann ach amháin i gcásanna ina bhfuil riachtanais ar leith ann agus chaithfí na riachtanais sin a leagan síos go soiléir.  D’fhág líon na ndaltaí a raibh díolúine acu ón nGaeilge ach a raibh staidéar á dhéanamh acu ar theanga Eorpach eile “ceisteanna” i dtaobh “cothromas, trédhearcacht agus sláine” churaclam na scoileanna.

Dúirt Anne Loughnane ón ASTI chomh maith go raibh ceangal idir ceist na díolúine agus ceist na riachtanas speisialta oideachais. Bhí riachtanais dá leithéid ag 21% de dhaltaí ach léirigh taighde a rinneadh don ASTI agus nach raibh dóthain múinteoirí cáilithe le freastal orthu.

Fág freagra ar '‘Is cosúil gur próiseas uathoibríoch é díolúine a fháil ón nGaeilge’'

  • Colmán Ó Drisceoil

    Dearcadh INTO agus John Boyle mar atá léirithe san alt seo spéisiúl, tharla díolúine ón nGaeilge a bheith tugtha acu dóibh féin. Féach: https://into.ie/