Bhí díolúine ón nGaeilge ag 11% de dhaltaí Ardteiste 2020.
Bhí díolúine ó staidéar na Gaeilge ag 6,911 den 60,419 dalta a rinne Ardteist na bliana seo, ardú 7% ar líon na ndaoine a raibh díolúine anuraidh acu.
De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua a fuarthas ón Roinn Oideachais, 4,169 nó 60% de na daltaí a raibh díolúine acu ó staidéar na Gaeilge, rinne siad staidéar ar nuatheanga Eorpach eile amhail an Fhraincis agus an Ghearmáinis.
De na daoine a fuair díolúine ón nGaeilge ach a rinne staidéar ar theanga eile, deacrachtaí foghlama ba chúis le bronnadh na díolúine i gcás 60% acu, nó 2,264 dalta.
De réir na bhfigiúirí nua a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais tháinig ardú 7% ar líon na ndaltaí a raibh díolúine ón nGaeilge acu i mbliana i gcomparáid le anuraidh, cé nár tháinig ach ardú 2.7% ar líon na ndaltaí a rinne an Ardteist.
Bhí díolúine ón nGaeilge ag 6,464 den 58,787 dalta a rinne Ardteist na bliana seo caite.
Léirigh taighde a rinne Tuairisc.ie níos luaithe an mhí seo nach bhfuair 18% de na daltaí a fuair gráid mheasta don Ardteist i mbliana aon mharc don Ghaeilge mar nach raibh siad cláraithe d’aon scrúdú Gaeilge.
10,704 dalta de 60,419 dalta ar fad nár chláraigh do scrúdú Gaeilge i mbliana. De réir na bhfigiúirí nua, bhí díolúine ag 65% de na daoine nár chláraigh do scrúdú Gaeilge.
Tháinig córas nua díolúintí nua isteach ag tús na scoilbhliana i Meán Fómhair na bliana seo caite, ach deir an Roinn Oideachais nach mbeidh eolas cruinn acu faoi thionchar an chórais nua go dtí luath sa bhliain seo chugainn nuair a bheidh an t-eolas go léir i dtaobh na ndíolúintí bailithe ó na scoileanna.
Le linn na tréimhse 2004-2019, tháinig méadú mór ar líon na ndaltaí a fuair díolúine – ó 2,391 duine in 2004 go dtí 6,464 duine in 2019, méadú 170%.
D’admhaigh an Roinn Oideachais in 2018 go mbíonn 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtar do dhaltaí “mícheart” agus tugadh an córas nua isteach anuraidh. Mhaígh an Roinn go gcinnteodh an córas nua gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge feasta.
Ach níor thug an Roinn aon sainmhíniú ar cad a bhí i gceist le ‘annamh agus eisceachtúil’ agus tá saineolaithe oideachais éagsúla den tuairim go gcuirfidh an t-athrú go mór le líon na ndíolúintí ón nGaeilge a cheadófar.
Fuair an Roinn Oideachais aighneachtaí ó eagraíochtaí éagsúla mar chuid den phróiseas comhairliúcháin faoi chóras nua na ndíolúintí agus bhí a bhformhór mór i gcoinne na n-athruithe.
Bhí dhá thrian de na haighneachtaí scríofa a fuair an Roinn Oideachais i gcoinne ceann de na hathruithe is conspóidí a cuireadh ar an gcóras – an cinneadh go bhfágfaí faoin bpríomhoide feasta díolúine ón nGaeilge a cheadú.
Colin Ryan
Cúpla ceist. Cá mhéad dalta atá in ann comhrá a dhéanamh i nGaeilge tar éis pas a fháil san Ardteist? Cá mhéad múinteoir Gaeilge atá in ann comhrá a dhéanamh sa teanga?