Admhaithe ag an Roinn Oideachais go mbíonn 40% de dhíolúintí ón nGaeilge ‘mícheart’

Tá tús curtha tráthnóna ag an Roinn Oideachais le próiseas comhairliúchán poiblí faoi chóras díolúine na Gaeilge a leasú

Admhaithe ag an Roinn Oideachais go mbíonn 40% de dhíolúintí ón nGaeilge ‘mícheart’

Tá admhaithe ag an Roinn Oideachais go mbíonn 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtar do dhaltaí “mícheart”.

Agus tús á chur ag an Roinn tráthnóna le próiseas comhairliúcháin poiblí faoina bhfuil i ndán do chóras díolúine na Gaeilge, thug siad le fios gur léirigh a gcuid taighde go mbíonn an díolúine a thugtar do bheirt as gach cúigear “mícheart” nó nach mbíonn “dóthain fianaise” ag tacú leis.

D’fhoilsigh an Roinn suirbhé ar líne tráthnóna ar mhaithe le tuairimí an phobail a fháil faoin gcóras conspóideach faoina dtugtar díolúine do dhaltaí ó staidéar na Gaeilge, córas a bhfuil amhras le fada ann go mbítear ag baint mí-úsáid as.

Foilsíodh chomh maith tráthnóna dréacht-chiorcláin nua ina leagtar amach na leasuithe ar an gcóras atá á moladh ag an Roinn.

Dúradh i ráiteas ón Roinn tráthnóna gur léirigh an t-athbhreithniú a rinneadh ar an gcóras gur minic  a bhaintear leas as cineálacha riachtanas oideachais speisialta chun díolúine a fháil nuair nach bhfuil na riachtanais sin aitheanta faoi na rialacha atá  faoi láthair ann.

Aithníodh san athbhreithniú chomh maith go ndéanann go leor scoláirí a bhfuil díolúine ó staidéar na Gaeilge acu staidéar ar theangacha eile agus go mbíonn deacrachtaí móra ag príomhoidí scoile leis an gcóras atá faoi láthair ann a chur i bhfeidhm.

An toradh a bhíonn air sin, ná go mbíonn “éiginnteacht agus easpa comhsheasmhachta” ag baint le ceadú na ndíolúintí agus “uaireanta” go dtugtar díolúintí do dhaltaí “ar bhonn mícheart”.

De réir na gcás-staidéar a rinne an Roinn mar chuid de thaighde an athbhreithnithe 40% de na díolúintí a bhí “mícheart” i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna.

De réir mholtaí na Roinne atá á gcur faoi bhráid an phobail sa suirbhé a foilsíodh inniu, deirtear nach bhféadfadh dalta óg díolúine a fháil ón nGaeilge ach amháin sa chás go mbeadh deacrachtaí “suntasacha” foghlama le tamall maith aige agus é i rang a trí ar a laghad. Chaithfí a chinntiú chomh maith go bhfuair an dalta óg teagasc sa Ghaeilge a bheadh oiriúnach dá riachtanais go dtí sin.

Mar a tuairiscíodh cheana táthar ag moladh chomh maith go bhfaighfí réidh leis an ngá atá ann faoi láthair tuairisc shíceolaíochta a chur isteach mar thacú le hiarratas ar dhíolúine ón nGaeilge. Moltar leis nach n-úsáidfí feasta tástálacha IQ mar bhonn le díolúine.

Tá sé ina imní áfach dá nglacfaí leis an moladh sin go bhféadfadh brú níos mó a bheith feasta ar scoileanna agus ar phríomhoidí díolúintí a cheadú.

Moltar san athbhreithniú freisin go mbeadh an cead díolúine ag daltaí as tíortha eile teoranta dóibh siúd a a fuair a gcuid bunoideachais taobh amuigh den stát ag daltaí go dtí 12 bliain d’aois, seachas 11 bliain mar atá faoi láthair.

Ina theannta sin, moltar go dtabharfaí córas achomhairc isteach do dhaltaí a ndiúltaíonn a scoil díolúine ón nGaeilge dóibh.

Bheadh díolúine ar fáil chomh maith do pháistí atá ina dteifigh agus do chlann taidhleoirí thar tír isteach.

Meastar go músclófar athuair díospóireacht faoin nGaeilge ‘éigeantach’ i bhfianaise an phróisis comhairliúcháin phoiblí a fógraíodh tráthnóna.

Seanchnámh spairne is ea ceist na Gaeilge ‘éigeantaí’ ach ní raibh an t-ábhar chomh mór sin i mbéal an phobail ó aimsir fheachtas olltoghcháin 2011, nuair a mhol Enda Kenny go gcuirfí deireadh le riachtanas staidéar na Gaeilge don Ardteist.

Dúirt príomhfheidhmeannach COGG Muireann Ní Mhóráin le Tuairisc.ie an tseachtain seo caite nár mhór do “gach dream atá ag plé le ceist na Gaeilge ag gach leibhéal teacht le chéile anois” chun go mbeifí ullamh chun an fód a sheasamh san athbhliain ar son stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

Beidh tuairimí an phobail á lorg ag an Roinn Oideachais an bhliain seo chugainn chomh maith faoi athbhreithniú eile atá á dhéanamh faoi leagan amach na hArdteiste.

Tá go dtí an 11 Eanáir ag daoine an suirbhé ar shuíomh na Roinne  faoi chóras an díolúine a líonadh isteach.

Agus an próiseas comhairliúcháin á sheoladh inniu aige, dúirt an tAire McHugh.

“Tá a lán athruithe tarlaithe in Éirinn le 25 bliana anuas, sa tsochaí i gcoitinne agus ar fud an chórais oideachais araon.   Ní mór dúinn a chinntiú go dtugtar deis dár bpáistí go léir a bheith i dteagmháil lenár dteanga dhúchais agus lenár gcultúr dúchais de réir a gcumais.”  

Tháinig ardú nach mór 8% ar líon na ndaltaí Ardteiste a raibh díolúine ón nGaeilge acu i mbliana i gcomparáid le scrúdú na bliana seo caite.

Fág freagra ar 'Admhaithe ag an Roinn Oideachais go mbíonn 40% de dhíolúintí ón nGaeilge ‘mícheart’'