Córas díolúine le leasú agus ardú ar líon na ndaltaí nach bhfuil ag déanamh Gaeilge de bharr ‘strus agus buairt’

Meastar go músclófar athuair díospóireacht faoin nGaeilge ‘éigeantach’ i bhfianaise an phróisis comhairliúcháin phoiblí atá beartaithe ag an Roinn Oideachais faoi chóras dhíolúine na Gaeilge

Córas díolúine le leasú agus ardú ar líon na ndaltaí nach bhfuil ag déanamh Gaeilge de bharr ‘strus agus buairt’

Níl an córas faoina mbronntar díolúine ón nGaeilge ar dhaltaí Ardteiste “oiriúnach dá fheidhm”, de réir athbhreithniú atá déanta ag an Roinn Oideachais agus ardú ag teacht ar líon na ndaltaí atá ag fáil díolúine toisc “strus agus buairt” a bheith orthu.

Cé nach bhfuil an t-athbhreithniú foilsithe fós, tuairiscítear san Irish Times inniu go léirítear ann go bhfuil go leor socruithe éagsúla á ndéanamh i scoileanna éagsúla maidir le díolúine a thabhairt do dhalta. 

Cé gur cuireadh tús leis an athbhreithniú mar gheall ar imní a bheith ann go mbítear ag baint leas míchuí as an gcóras chun díolúine a fháil, tuairiscítear go bhfuiltear ag moladh go ndéanfaí na rialacha ‘níos scaoilte agus níos soiléire’ agus go bhfaighfí réidh leis an ngá atá ann faoi láthair tuairisc shíceolaíochta a chur isteach mar thacú le hiarratas ar dhíolúine ón nGaeilge.

Údar imní do lucht cosanta na Gaeilge sa chóras oideachais a bheadh ina aon chaint faoi na rialacha maidir le díolúine a fháil a dhéanamh níos boige.

Tá imní ann faoi láthair go mbíonn buntáiste ag daltaí ar acmhainn dá dtuismitheoirí íoc go príobháideach as tuairisc shíceolaíochta agus go bhfuil mí-úsáid á baint as an gcóras sin. 

Sa chás gur ar bhonn riachtanas speisialta foghlama a bheadh an díolúine ag teastáil ó dhalta, moltar go ndéanfaí an díolúine sin a bhunú feasta ar shainriachtanais foghlama an dalta seachas ar thástáil IQ nó tuairisc shíceolaíochta.

Sa chás go nglacfaí leis an moladh sin, áfach, d’fhéadfadh brú níos mó a bheith  feasta ar scoileanna agus ar phríomhoidí díolúintí a cheadú.

Tuairiscítear go moltar san athbhreithniú freisin go mbeadh an cead díolúine ag daltaí as tíortha eile teoranta dóibh siúd a a fuair a gcuid bunoideachais taobh amuigh den stát ag daltaí go dtí 12 bliain d’aois, seachas 11 bliain mar atá faoi láthair.

Ina theannta sin, moltar go dtabharfaí córas achomhairc isteach do dhaltaí a ndiúltaítear díolúine ón nGaeilge dóibh.

Bheadh díolúine ar fáil chomh maith do pháistí atá ina dteifigh agus do chlann taidhleoirí thar tír isteach.

Meastar go músclófar athuair díospóireacht faoin nGaeilge ‘éigeantach’ i bhfianaise an phróisis comhairliúcháin phoiblí atá beartaithe ag an Roinn Oideachais maidir leis an athbhreithniú.

Seanchnámh spairne is ea ceist na Gaeilge ‘éigeantaí’ ach ní raibh an t-ábhar chomh mór sin i mbéal an phobail ó aimsir fheachtas olltoghcháin 2011, nuair a mhol Enda Kenny go gcuirfí deireadh le riachtanas staidéar na Gaeilge don Ardteist.

Tuigtear go bhfuil sé beartaithe ag an Roinn an t-athbhreithniú a fhoilsiú go luath agus tús a chur le próiseas comhairliúcháin phoiblí faoi na moltaí ann. Tá sé i gceist na leasuithe a dhéanfaí ar an gcóras dá bharr a chur i bhfeidhm sa scoilbhliain 2019/20.

Tá 15 bliain caite ó thug an Roinn Oideachais le fios go rabhthas chun tús a chur le hathbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge mar ábhar scrúdaithe.

Glactar leis áfach gurb é líon na ndaoine a fhaigheann díolúine ón nGaeilge mar gheall ar dheacrachtaí foghlama a bheith acu an cheist is mó a gcaithfear aghaidh a thabhairt uirthi san athbhreithniú atá beartaithe ag an Roinn Oideachais.

De réir figiúirí nua a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais, bhí díolúine ó scrúduithe Gaeilge na hArdteiste ag 3,977 dalta i mbliana de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu. Rinne 58% acu sin, 2,338 duine, scrúdú Ardteistiméireachta i dteanga Eorpach eile, is é sin sa Fhraincis, sa Spáinnis, san Iodáilis nó sa Ghearmáinis.

Deacrachtaí foghlama ba chúis le díolúine ón nGaeilge a bheith ag 62% de na daltaí a raibh a leithéid acu.

Tá méadú beagnach 100% tagtha le deich mbliana anuas ar líon na ndaltaí nach ndearna scrúdú Ardteiste i nGaeilge ach a rinne scrúdú i nuatheanga Eorpach eile, chomh maith leis an mBéarla.

Tháinig ardú nach mór 8% ar líon na ndaltaí Ardteiste a raibh díolúine ón nGaeilge acu i mbliana i gcomparáid le scrúdú na bliana seo caite.

‘Athbhreithniú ar Pholasaí agus ar Chleachtais na Díolúine ón Ghaeilge’ is teideal don tuarascáil sin agus dúradh san earrach go raibh sé i gceist í a fhoilsiú go luath in éineacht leis an dréachtchiorclán faoin díolúine. Chuirfí tús ansin, a dúirt lucht na Roinne, leis an bpróiseas comhairliúchán.

Beidh an próiseas comhairliúcháin poiblí faoi cheist chonspóideach dhíolúine na Gaeilge bunaithe ar na ciorcláin agus ar an tuarascáil ‘Athbhreithniú ar Pholasaí agus ar Chleachtais na Díolúine ón Ghaeilge’ .

Cé gur ag deireadh na nóchaidí den chéad seo caite a thosaigh an chaint faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an díolúine, is cosúil gur beag dul chun cinn a deineadh le blianta fada.

Nuair a rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise in 2014 ar aon taifid a bhain leis an athbhreithniú sin, cuireadh in iúl nárbh ann do cháipéisí ar bith a bhain le hábhar agus go gcaithfí diúltú don iarratas dá réir.

Fág freagra ar 'Córas díolúine le leasú agus ardú ar líon na ndaltaí nach bhfuil ag déanamh Gaeilge de bharr ‘strus agus buairt’'