Ardú ar líon na ndaltaí Ardteiste a raibh díolúine ón nGaeilge acu i mbliana

15 bliain i ndiaidh don Roinn Oideachais a thabhairt le fios go rabhthas chun tús a chur le hathbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge mar ábhar scrúdaithe, táthar fós ag fanacht ar a leithéid

Ardú ar líon na ndaltaí Ardteiste a raibh díolúine ón nGaeilge acu i mbliana

Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Tháinig ardú nach mór 8% ar líon na ndaltaí Ardteiste a raibh díolúine ón nGaeilge acu i mbliana i gcomparáid le scrúdú na bliana seo caite.

Bhí díolúine ón nGaeilge ag 6,416 dalta do scrúduithe na bliana seo le hais 5,954 dalta anuraidh.

De réir na bhfigiúirí nua a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais, bhí díolúine ó scrúduithe Gaeilge na hArdteiste ag 3,977 dalta i mbliana de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu. Rinne 58% acu sin, 2,338 duine, scrúdú Ardteistiméireachta i dteanga Eorpach eile, is é sin sa Fhraincis, sa Spáinnis, san Iodáilis nó sa Ghearmáinis.

Deacrachtaí foghlama ba chúis le díolúine ón nGaeilge a bheith ag 62% de na daltaí a raibh a leithéid acu.

Ar an iomlán, tugadh díolúine ó scrúduithe Ardteistiméireachta na Gaeilge 2018 do 6,416 dalta. Chláraigh 64% de na daltaí sin, nó 4,114 duine, le scrúdú a dhéanamh i dteanga Eorpach eile.

Is ardú é sin ar líon na ndíolúintí a tugadh do dhaltaí do scrúduithe Ardteistiméireachta na Gaeilge anuraidh. Bhí díolúine ón nGaeilge ag 5,954 dalta in 2017.

Bhí díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama ag 2,408 dalta a chláraigh do na scrúduithe Ardteiste anuraidh, in ainneoin go raibh scrúdú á dhéanamh acu i dteanga Eorpach eile. Laghdú beag a bhí i gceist i mbliana agus 2,338 dalta a raibh díolúine acu de bharr deacrachtaí foghlama ach a rinne teanga Eorpach eile.

Is ceadmhach do dhalta díolúine ón nGaeilge san Ardteist a fháil má chruthaítear go bhfuil deacrachtaí foghlama aige. Tá cead díolúine a fháil chomh maith ag daltaí as tíortha eile, ag daltaí a fuair a gcuid bunoideachais, go dtí 11 bliain d’aois, sa Tuaisceart nó thar lear agus ag daltaí Éireannacha a d’fhág a dtír dhúchais ar feadh tréimhse trí bliana nó níos faide ach a d’fhill ar an oideachas in Éirinn ina dhiaidh sin.

15 bliain i ndiaidh don Roinn Oideachais a thabhairt le fios go rabhthas chun tús a chur le hathbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge mar ábhar scrúdaithe, tuairiscíodh i mí Mhárta na bliana seo go mbeadh moltaí á gcur chun cinn go luath acu maidir le leasú a dhéanamh ar na cúiseanna a gceadaítear díolúine do dhaltaí ó scrúdú Gaeilge na hArdteiste.

Thug an Roinn Oideachais le fios an uair sin go raibh dréachtchiorclán á réiteach acu maidir le ceist dhíolúine na Gaeilge agus go raibh sé i gceist acu é a fhoilsiú “a luaithe agus ab fhéidir”.

Dúradh go raibh sé i gceist chomh maith ag an Roinn próiseas comhairliúcháin phoiblí a chur ar bun maidir leis na hathruithe atá beartaithe sa dréachtchiorclán a bhaineann leis an díolúine. Thug an Roinn le fios chomh maith go bhfoilseofaí gan mhoill an tuarascáil ar tosaíodh an plé ina taobh ag deireadh na nóchaidí den chéad seo caite. ‘Athbhreithniú ar Pholasaí agus ar Chleachtais na Díolúine ón Ghaeilge’ is teideal don tuarascáil sin agus dúradh san earrach go raibh sé i gceist í a fhoilsiú go luath in éineacht leis an dréachtchiorclán faoin díolúine. Chuirfí tús ansin, a dúirt lucht na Roinne, leis an bpróiseas comhairliúchán.

Cé gur ag deireadh na nóchaidí den chéad seo caite a thosaigh an chaint faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an díolúine, is cosúil gur beag dul chun cinn a deineadh le blianta fada. Nuair a rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise in 2014 ar aon taifid a bhain leis an athbhreithniú sin, cuireadh in iúl nárbh ann do cháipéisí ar bith a bhain le hábhar agus go gcaithfí diúltú don iarratas dá réir.

Tá líon na ndaoine a fhaigheann díolúine ón nGaeilge don Ardteist de bharr deacrachtaí foghlama ina ábhar conspóide le fada agus conspóid go háirithe faoi líon na ndaoine a fhaigheann díolúine ar an mbonn sin ach a dhéanann staidéar ar theangacha eile.

Tá méadú beagnach 100% tagtha le deich mbliana anuas ar líon na ndaltaí nach ndearna scrúdú Ardteiste i nGaeilge ach a rinne scrúdú i nuatheanga Eorpach eile, chomh maith leis an mBéarla.

Fág freagra ar 'Ardú ar líon na ndaltaí Ardteiste a raibh díolúine ón nGaeilge acu i mbliana'