‘The fact that Irish is a minority language doesn’t mean it’s an inferior one’ – aighneachtaí faoi dhíolúine na Gaeilge foilsithe

Bhí lucht ceardchumann, lucht ollscoile, eagraíochtaí teanga agus eagraíochtaí tuismitheoirí i measc na ngrúpaí a chuir aighneachtaí faoi bhráid na Roinne Oideachais faoi chóras nua dhíolúine na Gaeilge

‘The fact that Irish is a minority language doesn’t mean it’s an inferior one’ – aighneachtaí faoi dhíolúine na Gaeilge foilsithe

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Bhí cuid de na heagraíochtaí oideachais agus teanga is mó sa tír ina measc siúd a chuir a gcuid tuairimí faoi bhráid na Roinne Oideachais faoi chóras nua na ndíolúintí.

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin a d’eagraigh an Roinn faoi chóras dhíolúine na Gaeilge, fuarthas aighneacht ó 24 eagraíocht, ina measc DCU, UCC, an INTO, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

Mhol eagraíochtaí áirithe go gcuirfí le líon na gcúiseanna faoina gceadófaí díolúine, ina measc Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí. Thug an eagraíocht sin le fios gur cheart deacrachtaí fisiciúla a chur san áireamh agus díolúine á ceadú. I measc na ndeacrachtaí fisiciúla a luadh in aighneacht na comhairle tuismitheoirí bhí raimhre agus plúchadh.

Thacaigh an chomhairle le tuairim tuismitheoir amháin a mhol go mbeadh na critéir do cheadú díolúine ‘chomh leathan agus a d’fhéadfaidís a bheith ionas go bhfreastalófaí ar riachtanas an uile pháiste’. Tugtar le fios san aighneacht go bhfuil Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí i gcoinne staidéar na Gaeilge a bheith riachtanach. “Cé go bhfuil buntáistí ag baint le foghlaim teangacha, d’fhéadfadh gné an éigeantais de seo dochar síceolaíoch tromchúiseach a dhéanamh do pháiste,” a deirtear in aighneacht chomhairle na dtuismitheoirí.

Ina n-aighneacht siúd dúirt an JMB, Comhchoiste na mBainisteoirí do Scoileanna Deonacha, a dhéanann ionadaíocht ar 380 meánscoil, gur chóir ‘persistent student anxiety’ faoin nGaeilge a aithint mar chúis chun díolúine a fháil.

Deirtear in aighneacht an JBM ‘go mb’fhéidir go mbeadh teastas dochtúra de chineál éigin ag teastáil’ lena leithéid a fháil.

Ach deir siad chomh maith nach bhféadfadh an córas oideachais a bheith ag maíomh as “prioritising wellbeing” fad is atáthar “ignoring the reality that for some students, the burden of studying Irish can present as a trigger for the erosion of positive learning experiences and outcomes in other areas and, indeed, their mental health in some circumstances”.


Formhór na n-aighneachtaí a fuair an Roinn Oideachais i gcoinne ceadú díolúine a fhágáil faoin bpríomhoide


A mhalairt de mheon a léirigh Ceardchumann na mBunmhúinteoirí ina n-aighneacht. Deir an INTO gur cheart talamh slán a dhéanamh de gur féidir le gach páiste an Ghaeilge a fhoghlaim ach an tacaíocht chuí a bheith ar fáil. Níor chóir, a deir an ceardchumann, a cheapadh gurb ionann cás gach páiste a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ná níor chóir deiseanna foghlama a cheilt orthu.

Ach oiread le scata saineolaithe teanga eile a chuir aighneacht faoi bhráid na Roinne mhol lucht Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh, go dtabharfaí aird ar an taighde idirnáisiúnta is déanaí, taighde a léiríonn nach bhfuil a leithéid de rud ann agus míchumas foghlama teanga ann féin.

Deir lucht an aonaid Ghaeilge gur chóra modhanna teagaisc oiriúnacha a úsáid i gcás daltaí a bhfuil deacrachtaí acu seachas díolúine a bhronnadh orthu.

Tá Foras na Gaeilge ar cheann de na heagraíochtaí eile a mhol, bunaithe ar an taighde is déanaí, go gcuirfí deireadh ar fad le córas na ndíolúintí. Níl a leithéid i gceist d’aon ábhar scoile eile, a deir an Foras, agus d’fhéadfaí an cheist a réiteach ach an teagasc scoile a chur in oiriúint do chumas an pháiste.

Chuir Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh aighneacht láidir faoi bhráid na Roinne chomh maith. Deir lucht UCC “[that] the fact that Irish is a minority language does not mean that it is an inferior one”. Deir siad chomh maith nach bhfuil aon phlé déanta “as to the relevance or raison d’être of the Irish-language exemption in the 21st century” ná “as to why the Irish language as a subject continues to be singled out for what seems to be discriminatory treatment” . Dá bharr sin, ní fhéadfaidís tacú le moltaí na Roinne, a deir siad.

Maíonn lucht UCC chomh maith go bhfuil an Roinn ag cur le “the myth of Irish being the most difficult of all subjects on earth” agus go bhfuil neamhaird á déanamh acu ar athruithe a tharla i réimse na teanga agus an oideachais le 30 bliain.

Aithníonn Acadamh Ríoga na hÉireann an fhadhb chéanna le cur chuige na Roinne sa mhéid is go gcuireann córas na díolúine “leis an tuairim gur ábhar ‘achrannach’ nó ‘neamhriachtanach’ í an Ghaeilge”.

“Ba mhór an dul ar gcúl a bheadh ann dá mba mar ‘fhadhb’ nó mar ‘chonstaic’ a bheadh an teanga á plé sa chóras oideachais, seachas mar acmhainn chognaíoch agus chultúrtha agus mar fhoinse luachmhar comhthuisceana agus samhlaíochta,” a deirtear in aighneacht an Acadaimh.

Mhol Údarás na Gaeltachta go gcuirfí an próiseas comhairliúcháin ar ceal agus polasaí nua oideachais a thabhairt isteach do mhúineadh na Gaeilge trí chéile, moladh atá ag Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Gaeloideachas ina n-aighneachtaí chomh maith.

Deir Cumann Disléicse na hÉireann ina n-aighneacht go bhfuil sé “completely unethical and invalid” úsáid a bhaint as scóranna tástálacha caighdeánaithe chun cinneadh a dhéanamh faoi dhíolúine.

Léirigh siad imní freisin faoin moladh nach bhféadfaí díolúine a fháil roimh rang a trí.

Ach oiread le go leor eagraíochtaí agus daoine eile fuair Cumann Disléicse na hÉireann locht an-mhór ar chur chuige an phróisis chomhairliúcháin.

Maidir le ceardchumainn na n-oidí iarbhunscoile, tagraítear in aighneacht an TUI d’impleachtaí na n-athruithe d’ualach oibre na scoileanna.

Tagraítear chomh maith don bhaol atá ann, dar leo, go roghnódh tuismitheoirí scoil dá gclann toisc cáil a bheith ar an scoil sin as díolúintí a bhronnadh go saoráideach.

Deirtear in aighneacht an ASTI gur chóir go mbeadh deis ag gach dalta Gaeilge a fhoghlaim ionas go mbeidh tuiscint acu orthu féin, ar a sochaí agus a gcultúr agus go bhfaighidís tuiscint ar a thábhachtaí is atá an éagsúlacht i bpobal ilchultúrtha.

Fág freagra ar '‘The fact that Irish is a minority language doesn’t mean it’s an inferior one’ – aighneachtaí faoi dhíolúine na Gaeilge foilsithe'